Lios Póil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilLios Póil

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 52°08′29″N 10°09′47″W / 52.141495°N 10.16304°W / 52.141495; -10.16304
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Mumhan
Contae in ÉirinnContae Chiarraí Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde24 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie127908
Tarbhealach Leasa Póil

Baile beag i gContae Chiarraí na hÉireann is ea Lios Póil.[1] Tá sé suite in aice le Bealach Náisiúnta Tánaisteach an N86 thart ar ocht gciliméadair soir ón Daingean ar thaobh Chill Airne agus 40 km ó Thrá Lí ar leithinis Chorca Dhuibhne. Cuid de Ghaeltacht Chontae Chiarraí atá ann.

tarbhealach
Tómas Ághas
Minard

Daonra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Lios Póil déanta suas do dhá pharóiste Cinn Áird agus Minn Áird.Sa daonáireamh 2011 bhí 388 daoine i Minn Áird shuas duine amháin ó 387 i 2006.Bhí 355 daoine i Cinn Áird i 2011 síos ó 381 sa daonáireamh i 2006. San iomlán bhí 743 daoine I Lios Póil de réir an daonáireamh i 2011.

Feidhmeanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Braitheann eacnamaíocht Lios Póil go mór ar an gceantar máguaird toisc go bhfuil deiseanna fostaíochta sa sráidbhaile féin teoranta go maith. Tuath oscailte is ea an tírdhreach mórthimpeall a úsáidtear le haghaidh talmhaíochta den chuid is mó, foinse fostaíochta traidisiúnta atá fíorthábhachtach. Foinse fostaíochta eile is ea an cairéal atá cóngarach do Lios Póil. Tá formhór an daonra fostaithe in earnáil na seirbhísí, mar shampla an tionscal turasóireachta. Taistealaíonn go leor daoine ón gceantar go dtí lárionaid eile le haghaidh oibre, .i. Trá Lí nó An Daingean go háirithe.

Seirbhísí Pobal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá réimse bunúsach de sheirbhísí ar fáil sa sráidbhaile agus ina chóngaracht. Mar shampla, tá oifig an phoist, Scoil Náisiúnta Naomh Eoin Baiste, Séipéal Naomh Eoin Baiste, Siopa Uí Chatháin, Halla Poiblí, Tigh Tábhairne Uí Shúilleabháin, gort peile agus forbairtí tithe saoire suite i lios Póil. Téann go leor daoine go dtí An Daingean i gcomhair a lán seirbhísí eile mar níl siad le fáil in Abha Na Scáil ach an oiread.

Iompar[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Téann na busanna idir Trá Lí agus an Daingean trí Lios Póil freisin.
  • Osclaíodh an stáisiún traenach ar an 1 Aibreán 1891 agus dúnadh ar an 1 Iúil 1953 é. Bhíodh cuid d'Iarnród Caol an Daingin i Lios Póil agus tá tarbhealach le feiceáil fós.

Féile Lios Póil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bíonn an fhéile seo ar siúl i mí Lúnasa. Bíonn rud éigin ar siúl do gach aoisghrúpa le linn na féile, mar shampla rince Gaelach, ealaíon, tráth na gceist, ceirdeanna, tóraíocht taisce le cairt, caid, tarrac téide, lúthchleasaíocht agus siúlóid sléibhe.[2]

Daoine clúiteacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bailte Fearainn Lios Póil[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Áth an Charbaill
  • Arda Mór
  • Baile an Bhogaigh
  • Baile an Fhaoitigh
  • Baile an Gharráin
  • Baile an Istínigh
  • Baile an Phléamannaigh
  • Baile Ristín
  • Baile na hAbha
  • Baile na Saor
  • An Bhánóg Bheag
  • An Bhánóg Thuaidh
  • An Bhánóg Theas
  • An Bóthar Breac
  • Cluain Chortha
  • Cill Mhuire
  • Cinn Aird
  • Cinn Aird a' teampaill
  • Cinn Aird iarthach
  • Com an Lóndraigh
  • Na Dúnta
  • Eaglais
  • Fothrach
  • An tImleach
  • Gabhlán Ard
  • Gabhlán Beag
  • Gabhlán Thoir
  • Garraí na dTor
  • Gleann na Mine Airde
  • Gort na gCuileannach
  • Gráig
  • Gualainn
  • Lios Deargáin
  • Log na gCapall
  • An Mhin Aird Bhuí
  • An Mhin Aird Thiar
  • Oileán an Phocáin
  • Páirc an Fhiaidh
  • Páirc an Teampaill
  • An Rinn Bhuí
  • Tobar na Múdán

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Lios Póil/Lispole | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-11-29. Dáta rochtana: 2009-06-12.