An Daingean

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Má tá an baile i gContae Uíbh Fháilí ag teastáil uait, breathnaigh ar An Daingean, Co. Uíbh Fhailí.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Daingean
Dingle (en) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 52°08′24″N 10°16′18″W / 52.139915°N 10.27153°W / 52.139915; -10.27153
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Mumhan
Contae in ÉirinnContae Chiarraí Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deCorca Dhuibhne Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla3.3 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Airde1 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie1416499

Baile is ea an DaingeanDaingean Uí Chúis[1] (Béarla: Dingle) atá suite in iarthar Ghaeltacht Chiarraí in Éirinn. Is é an Daingean an baile is mó i nGaeltacht Chorca Dhuibhne agus an baile Gaeltachta is mó sa tír. Tá cónaí ar 2,050 duine ann.

An Baile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá oifigí Gaelsaoire suite sa bhaile agus tá ionad Ollscoil na Gaillimhe á oscailt sa cheantar go luath.

Tá ceannáras na Mumhan d’Údarás na Gaeltachta suite i nDaingean Uí Chúis agus cabhraíonn an t-Údarás le gnóthanna éagsúla. Sa bhliain 2004, bhí 987 duine fostaithe i nGaeltacht Chorca Dhuibhne mar gheall ar chabhair an Údaráis.

Reáchtáltar nithe éagsúla traidisiúnta eile sa cheantar, mar shampla An Dreoilín, Paráid Maidne Lae Phádraig, Ráseanna Capall Dhaingean Uí Chúis, an Rigeaite, Beannú na mBád, Taispeántas Talmhaíochta, Banna Fíofa agus Druma, agus ar uile.

Ainm[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'éirigh aighneas sa bhaile i 2005 maidir le hainm Béarla an bhaile a ligeadh i léig agus an t-ainm Gaeilge a úsáid i nGaeilge agus i mBéarla. D'fhógair an tAire Gnóthaí Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, nach mbeadh logainmneacha galldaithe (ar nós 'Dingle') á n-úsáid a thuilleadh ar cuaillí eolais oifigiúla, agus athraíodh ainm an bhaile go Gaeilge i dtús na bliana 2005. Is conspóideach an socrú é seo sa bhaile ós rud é go bhfuil an turasóireacht mar phríomhthionscal sa cheantar, agus tá imní ar roinnt daoine go gcuirfear turasóirí amú agus iad ag lorg ar an Daingean; tá sráidbhaile eile i gContae Uíbh Fhailí darb ainm an Daingean (nó Daingean as Béarla). Mhol an tAire Ó Cuív go bhféadfaidh le muintir an bhaile an t-ainm a athrú ar ais go Béarla le phobalbhreith a chomhlíonadh, ach bheadh sé orthu a stádas Gaeltachta, agus an cúnamh eacnamaíoch a ghabhann leis, a chailleadh ag an am céanna.

Bailte fearainn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sráid Eoin, An Daingean
  • Daingean Uí Chúis
  • An Choill
  • Fearann na Cille
  • Fearann Uí Fhlaithbheartaigh
  • An Gróbh
  • Gort Onóra
  • Fearann
  • Imleach Thiar

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Téann stair Dhaingean Uí Chúis i bhfad siar. Tá trácht le fáil sna blianta seo leanas: 1278 (Dengyn), 1316 (Daingean Uí Cubhais), 1569 (Daingean Uí Chúis).

I rith na Meánaoise bhí an baile ar cheann de na príomhbhailte in iardheisceart na hÉireann mar gheall ar a chalafort. Bhí an iascaireacht tábhachtach. Bhí ceangal láidir eacnamaíochta idir an Daingean agus an Spáinn sa 16ú céad. Tógadh go leor tithe ar chruth thithe na Spáinne. Tá clocha deartha le feiscint ar chuid de thithe Shráid a’ Dhoirín fós.

Dódh Daingean Uí Chúis go talamh cúpla uair, sa bhliain 1316 ag Diarmuid Mac Cárthaigh agus aríst sa bhliain 1580 ag Iarla Urmhumhan.

Ré thábhachtach i stair an cheantair ab ea an 16ú céad ach ba le linn na tréimhse seo chomh maith is mó a bheir cruatan ar phobal na háite. Le linn chogadh na n-Iarlaí dódh agus deineadh slad ar an gceantar go minic. Is ar éigean deireadh le trádáil an bhaile. Bhuail Éirí Amach na bliana 1641 agus slad Chromaill buillí ar thrádáil an bhaile freisin.

Níor tháinig trádáil an bhaile teacht chuige féin arís go dtí an 18ú céad. Thosnaigh mangairí fíona ag trádáil idir an Daingean agus Mór-roinn na hEorpa arís. Thosnaigh Roibeárd Mac Gearailt tionscal an línéadaigh i dtús na haoise seo. D’éirigh go maith leis an dtionscal seo ar feadh 40 bliain. Le teacht an chadáis, áfach, thit an tóin as tionscal an línéadaigh agus fén mbliain 1837 ní raibh mórán de fágtha.

Sa bhliain 1829, tháinig Siúracha na Toirbhirte i mbun scolaíochta sa bhliain 1848 bunaíodh Meánscoil na mBráthar.

I lár na haoise sin, bhuail an Drochshaol buile marfach ar phobal an cheantair de bharr gur theip ar an bpráta. Sa bhliain 1852, tógadh Tigh na mBocht. Tugadh cúnamh do 6,068 duine ann i rith na bliana sin. Le linn na tréimhse sin bhí muintir an cheantair fé bhrú chíosa troma agus muna ndíolfaidís iad deintí iad a dhíshealbhú go minic. Mar shampla, i mí Aibreáin na bliana 1885 ruaig Tiarna Fionntrá dhá theaghlach déag as a gcuid gabhaltaisí i gCaisleán Ghriaire.

Bunaíodh craobh de Chumann Lúthchleas Gael i nDaingean Uí Chúis sa bhliain 1888. Ba é Patrick Moore an chéad rúnaí agus ba é Patrick Gould an chéad chaptaen ar an gcumann agus d’imir na foirne fén ainm The Dingle Shamrocks. Bhunaigh Thomas Kelliher, Michael McDonnell, John Lee, Michael Dissette, agus Patrick Foley craobh de Chumann na Talún i nDaingean Uí Chúis. Tháinig príomhioncam mhuintir an cheantair as an iascaireacht agus as an bhfeirmeoireacht le linn na tréimhse seo. Bhí an imirce mar thoradh ar na Trioblóidí agus ar an gCogadh Cathartha. Thug na Dúchrónaigh fén mbaile a dhódh sa bhliain 1920 ach níor éirigh leo mar chuir muintir an cheantair go tréan ina gcoinne.

Tugadh aitheantas oifigiúil Gaeltachta do Dhaingean Uí Chúis sa bhliain 1926 agus sa bhliain 1956 deineadh athdhaingniú ar an stádas sin. Bhí “An Seabhac”, Pádraig Ó Siochrú, ar dhuine do bhunaitheoirí an chéad choláiste Gaeluinne in Éirinn sa bhliain 1908. I dtús báire, tionóladh ranganna an choláiste i dTigh John O Donnell, mar a bhfuil tigh mhuintir Bhambaire agus tigh tábhairne Uí Fhlaithbheartaigh ar Shráid a’ Droichid anois.

Bhuaigh an Daingean an phríomhdhuais i gComórtas Ghlór na nGael 1980 – 81 fé stiúir an chathaoirligh Jed Budhlaeir. Athbhunaíodh Craobh an Ághasaigh de Chomhaltas Cheoltóirí Éireann agus é mar fheidhm ceol sa bhliain 1981. Reáchtáladh Fleadh Cheoil Chiarraí cúig n-uaire ar an mbaile sna blianta 1984–89 agus d'eagraigh an chraobh áitiúil Fleadh Cheoil na Mumhan sna blianta 1990 agus 1996. Reáchtáladh Oireachtas na Gaeilge ar an mbaile sna blianta 1987, 1992 agus 2001.

Spórt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Imríonn C.L.G Daingean Uí Chúis i bPáirc An Ághasaigh a imríonn an cluiche traidisiúnta Peil Ghaelach. Is é Craobh Peile Sinsearach Chiarraí an comórtas is cáiliúil a n-imríonn C.L.G Daingean Uí Chúis in. Tá Rugbaí Chorca Dhuibhne, an fhoireann rugbaí áitiúil, agus Dingle Bay Rovers F.C. lonnaithe sa cheantar.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]