Gaelsaoire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaGaelsaoire
Sonraí
Cineálcomhlacht Cuir in eagar ar Wikidata
Gaelsaoire sna Gaeltachtaí

Ba thionscnamh turasóireachta de chuid Údarás na Gaeltachta é GaelSaoire.[1][2] Bhí sé mar aidhm aige turasóireacht chultúrtha a fhorbairt agus a chur chun cinn i gceantair Ghaeltachta.[3] Bhí eolas ar fáil ar shuíomh GaelSaoire mar gheall ar thaisteal go dtí na Gaeltachtaí, lóistín, imeachtaí agus gníomhaíochtaí.

Níl an suíomh Gaelsaoire.ie ar fáil níos mó. Dúirt Údarás na Gaeltachta sa bhliain 2016 go raibh suíomh nua á fhorbairt acu. Dúirt an tÚdarás féachaint ar an suíomh Fáilte Éireann níos déanaí.[4] Níor tharla faic ó shin.[5] Tá eolaire beag ar peig.ie inniu[6] (bhí eolaire eile acu ach dúnadh é[nasc briste go buan]).

Stop Údarás na Gaeltachta an tseirbhís Gaelsaoire

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí an suíomh bunaithe ar dtús ar thaighde a rinne duine príobháideach sna 1990idí le teacht an idirlín agus an suíomh "Eolaire" bunaithe aige.

D'fhorbair Údarás na Gaeltachta "Gaelsaoire" mar bhranda agus uirlís margaíochta. Ach chuir siad béim ar thacaíocht mhaoinithe a chur ar fáil do lucht seirbhísí turasóireachta le go ndéanfadh siad féin a gcuid margaíochta.[7] D'oibreodh tionscal turasóireacht an Údaráis, GaelSaoire, "i bpáirtíocht le soláthróirí seirbhísí turasóireachta sa Ghaeltacht chun pacáistí tarraingteacha saoire le 'blas' ar leith Gaeltachta a fhorbairt agus a mhargú.

Luaigh an t-aire rialtais Éamon Ó CuÍv gur mhór an difear idir an mhargaíocht a bhí ar siúl ag GaelSaoire agus Fáilte Éireann; an chéad ghrúpa ag cur béim ar leith ar shainiúlacht teanga na Gaeltachta mar ionad saoire agus an dara ceann ag cur na tíre i láthair mar ionad aonteangach Béarla.[8]

2022[cuir in eagar | athraigh foinse]

"Bhí comhpháirtíocht straitéiseach bunaithe ag Fáilte Ireland agus Údarás na Gaeltachta i ndiaidh Meabhrán Tuisceana a shíniú ina sonraítear a dtiomantas d’eispéireas na Gaeltachta a dhéanamh ábhartha, tarraingteach agus go mbeidh teacht ag cuairteoirí air".[9] Ach níl aon sonraí tugtha acu fós, is cosúil.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Údarás na Gaeltachta. "físeán Gaelsaoire - Údarás na Gaeltachta, i mBéarla" (as en). 
  2. Gaelchultúr (2020). "Eolaire na Gaeilge, D–G". www.gaelchultur.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-08-07. Dáta rochtana: 2020-09-27.
  3. "Online resources". www.uni-due.de. Dáta rochtana: 2020-09-27.
  4. Osgur Ó Ciardha (2016). "@OsgurOCiardha Tá suíomh nua Gaelsaoire á fhorbairt faoi láthair. Ní choinnítear liosta lóistín faoi leith ach tá nasc de réir ceantair" (ga-IE). Twitter. Dáta rochtana: 2020-09-27.
  5. "Tabhair cuairt ar an nGaeltacht | An Ghaeilge & An Ghaeltacht" (ga). Údarás na Gaeltachta. Dáta rochtana: 2022-09-27.
  6. "Óstáin agus Taisteal Archives" (ga-IE). PEIG.ie. Dáta rochtana: 2022-09-27.
  7. "Ar lorg airgid leis an teanga a chur chun cinn" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-09-27.
  8. Póilín Ní Chiaráin (3 Márta 2004). "O Cuiv le coiste comhairleach teanga a bhunu" (ga). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-09-27.
  9. Fáilte Ireland (2022). "Tosaíochtaí turasóireachta tugtha le chéile trí chomhpháirtíocht straitéiseach idir Fáilte Ireland agus Údarás na Gaeltachta". Dáta rochtana: 2022.