Taisteal

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Taisteal cultúrtha ar siúl sa Chambóid

Is éard is taisteal ann ná díláithriú nó aistriú duine nó daoine óna áit chónaithe go háit eile. Fáth amháin le taisteal is ea an turasóireacht, ach is forbairt sách nua-aimseartha é sin. Ó luathstair an chine dhaonna go dtí an dara leath den 19ú haois ba chúiseanna praiticiúla a spreag daoine chun bóthair: trádáil sa chuid ba mhó, agus ina dhiaidh sin taiscéalaíocht, coilíniú tíortha agus staidéir eolaíochta.

Thaistil Alexander von Humboldt agus Bonplant i réigiún na hAmasóine sa 19ú haois chun eolas faoin dúlra agus samplaí de a bhailiú.