Nóra Ághas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaNóra Ághas
Beathaisnéis
Breith15 Iúil 1882
Bás20 Eanáir 1970
87 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmúinteoir, gníomhaí Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
SiblínTomás Ághas

Ba mhúinteoir, náisiúnaí Éireannach, agus gníomhaí ar son na Gaeilge í Nóra Ághas (15 Iúil 1882 – 20 Eanáir 1970).[1][2]

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Nóra Ághas i gCinn Aird, Lios Póil, Co. Chiarraí ar 15 Iúil 1882. Ba í an tríú hiníon den deichniúr clainne ag Gregory Ashe, feirmeoir, agus Ellen (née Hanafin). Ba chainteoirí dúchais Gaeilge a tuismitheoirí, agus cé gurbh é an Béarla teanga an teaghlaigh, bhí Ághas dátheangach. Ba é Tomás Ághas a deartháir níos óige. Mar gheall ar thionchar a n-athar, bhí suim ag na páistí ar fad i gceol, i litríocht, agus i stair na hÉireann. D'fhreastail Ághas ar Scoil Loreto i gCill Airne. Mhúin sí i gClochar na Trócaire, Cill Rois, sula ndeachaigh sí ar aghaidh go Coláiste Dhún Carúin, áit ar mhúin Éamon de Valera í agus labhair sí Gaeilge leis go minic. Tar éis di a cuid oiliúna múinteoireachta a chríochnú, mhúin sí sa Cheapach Mhór, Co. Luimnigh.[1][3]

Le linn Éirí Amach na Cásca, bhí Ághas sa Cheapach Mhór. Trína deartháir Tomás, bhí dlúthaithne aici ar Aibhistín de Staic, Seán Mac Diarmada, Mícheál Ó Coileáin, agus Seán Ó Cathasaigh. Le linn do Thomás a bheith i bpríosún in Éirinn agus ansin i Sasana tar éis an Éirí Amach, thug Ághas cuairt air agus scríobh sí chuige agus chuig roinnt dá chomhghleacaithe; ba tríthise a choinnigh Tomás i dteagmháil lena chairde in Éirinn. Thug sí teachtaireacht chuige ó Mhícheál Ó Coileáin nuair a bhí sé i bpríosún Lewes, agus chas sí le de Staic agus le roinnt ciontóirí eile chomh maith. Nuair a d’fhill Tomás ar Chiarraí tar éis é a scaoileadh saor i Meitheamh 1917, chuaigh sí in éineacht leis. Lean sí ar aghaidh ag tabhairt cuairte air tar éis dó a bheith i bPríosún Mhuinseo ó dheireadh an tsamhraidh 1917. Nuair a fuair Tomás bás ar 27 Meán Fómhair 1917 tar éis stailc ocrais, scríobh sí “ba é an rud deireanach a rabhamar ag súil leis a chloisteáil.” Ba í an chéad duine de theaghlach Ashe a shroich Ospidéal an Mater, agus bhí baint aici le léirsiú ag sochraid Thomáis.[1]

Gairm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhog sí go Baile Átha Cliath le bheith ina múinteoir sa Central Model School i Sráid Maoilbhríde. Ceapadh í ina príomhoide ar Scoil Mhuire, ag fanacht sa phost sin go dtí gur éirigh sí as. Ó bunaíodh é i 1926, bhí Ághas ina ball gníomhach d’Fhianna Fáil, agus bhí sí ina ball dá fheidhmeannach náisiúnta. Bhí baint aici le Conradh na Gaeilge ar feadh blianta fada, ag freastal ar ardfheiseanna, agus bhí sí ina hiontaobhaí ar an gCoiste Gnótha ó 1923 go 1941. Chabhraigh sí le bunú Chumann Drámaíochta na Scoile i 1934, agus bhí sí ina suí ar an gcoiste bunaithe. Chaith sí go leor ama ag caomhnú cuimhne a dearthár, go háirithe mar fhoinse eolais ar a shaol.[1][4]

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair Ághas bás i mBaile Átha Cliath ar 20 Eanáir 1970, agus cuireadh i dTeach Srafáin, Co. Chill Dara í. Coimeádann Leabharlann Chontae Chiarraí na grianghraif de mhuintir Ashe, agus tá roinnt dá cuid comhfhreagrais i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 Clarke (2009). "Dictionary of Irish Biography". Cambridge: Cambridge University Press. 
  2. "Statement by Miss Nora Aghas". Dáta rochtana: 2022-07-30.
  3. "Family of Thomas Ashe". Thomas Patrick Ashe (1885-1917) (in Béarla). 3 September 2014. Aisghafa 25 January 2020.
  4. Ó Lúing (2017). "I Die in a Good Cause : Thomas Ashe: A Biography.". Cork: Mercier Press.