Sonia Sotomayor
Sonia Sotomayor | |||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|
![]() | |||||||
Lúnasa 12, 1992 - Deireadh Fómhair 7, 1998 ← John M. Walker, Jr. (en) ![]()
Deireadh Fómhair 7, 1998 - Lúnasa 6, 2009 ← J. Daniel Mahoney
Lúnasa 8, 2009 - ← David Souter | |||||||
Saol | |||||||
Eolas breithe | An Bronx, 25 Meitheamh 1954 (68 bliain d’aois) | ||||||
Náisiúntacht | Stáit Aontaithe Mheiriceá | ||||||
Oideachas | |||||||
Alma mater | Ollscoil Princeton Cardinal Spellman High School (en) ![]() Scoil Dlí Yale (1976 - | ||||||
Gairm | |||||||
Gairm | breitheamh, dlíodóir, múinteoir ollscoile agus polaiteoir | ||||||
Fostóirí | Ollscoil Nua-Eabhrac Ollscoil Columbia | ||||||
Duaiseanna | |||||||
Ballraíocht | Cumann Meiriceánach na Fealsúnachta Acadamh Ealaíona agus Eolaíochtaí Mheiriceá | ||||||
Cleamhnú | |||||||
Reiligiúin | Caitliceachas |
Breitheamh Meiriceánach is ea Sonia Sotomayor, ina Breitheamh Comhlach de Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe (a rugadh ar 25 Meitheamh 1954). Mhol Barack Obama í sa bhliain 2009 agus tá Sotomayor leathan-aigeantach go leor. Níl inti ach an tríú bean ariamh ar an gCúirt Uachtarach, agus an chéad Hiospáineach.[1]

Gairm[cuir in eagar | athraigh foinse]
As an Bronx ó dhúchas í Sotomayor, de thuismitheoirí as Puerto Rico nach raibh ach cúpla focal Béarla acu, agus i dtithíocht phoiblí sa Bhronx. Fuair a hathair bás nuair a bhí Sotomayor naoi mbliana d’aois, bliain tar éis di diabéiteas a tholgadh. Ainneoin seo, agus nach raibh ach bunteastas altramais ag a máthair, leagadh an-bhéim ar oideachas. Bailíodh airgead go leor chun í a sheoladh go dtí scoileanna Caitliceacha sa cheantar. Chuaigh sí ó Ardscoil an Chairdinéil Spellman i 1972 go dtí Ollscoil Princeton. D’fhág sí Princeton i gcéadáit ('summa cum laude') a ranga (AB 1976) chun céim mháistreáchta a dhéanamh in Ollscoil Yale. Ach bhain sí dochtúireacht amach (JD 1979). Tá cáil ar Sotomayor mar scoláire den ardscoth ó shin.[1]
Ionchúisitheoir agus breitheamh[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bhí Sotomayor ina hionchúisitheoir dúiche cúnta i gContae Nua-Eabhrac (Manhattan) ó 1979 go 1983. Bhí meas ar a cuid oibre mar ionchúisitheoir, go háirithe mar gheall ar an dúthracht a bhí inti dul i ndiaidh na pornagrafaíochta leanaí. Tar éis di roinnt blianta a chaitheamh i mbun dlíthíochta tráchtála, rinneadh comhpháirtí i Pavia & Harcourt, Manhattan di, sa bhliain 1988.[2]
Ceapadh Sotomayor ina breitheamh de Chúirt Dúiche na Stát Aontaithe le haghaidh Dúiche Deiscirt Nua-Eabhrac sa bhliain 1992, i ndiaidh vóta d'aon ghuth i Seanad na Stát Aontaithe i bhfabhar a hainmniúcháin. Ise a chuir deireadh le stailc ollmhór na n-imreoirí Daorchluiche 1995 a chuir an cluiche ar fionraí ar feadh bliana.
Ceapadh do Chúirt Achomharc na Stát Aontaithe le haghaidh an Dara Cuaird í sa bhliain 1998; ní raibh bealach chomh éasca aici, ach ar deireadh daingníodh í, le vóta 67-25.[2] Bhí breithiúnais déanta aici cheana féin ar cheisteanna mar chearta ginmhillte, cearta gunnaí, cearta sibhialta, agus leithcheal in aghaidh mionlaigh.
Cúirt Uachtarach[cuir in eagar | athraigh foinse]
Nuair a d'ainmnigh an t-Uachtarán Obama do Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe í, sa bhliain 2009, daingníodh í, ar deireadh, le vóta 69-31, d'ainneoin go raibh conspóid ann maidir le tuairim a chuir sí in iúl sa bhliain 2001 go ndéanfadh breitheamh Latina cinneadh ní b'fhearr, den chuid is mó, ná fear geal nach mbeadh an taithí chéanna ar an saol aige.[2]
Cuireadh Sotomayor faoi mhionn mar Bhreitheamh Comhlach de Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe ar 8 Lúnasa 2009.
Léirigh a cuid breithiúnas ó 2009 go bhfuil Sotomayor ar eite liobrálach na Cúirte Uachtaraí den chuid is mó. Ach ó am go ham taobhaíonn sí leis na coimeádaigh maidir le ceisteanna áirithe, mar an clásal a bhaineann le láithreacht na bhfinnéithe.[2]
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ 1.0 1.1 Brian Ó Broin (Meitheamh 2009). "Sonia Sotomayor - An Bhrionglóid Mheiriceánach" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2022-06-08.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 2.3 Scoil Dlí, COBÁC (2018). "Sonia Sotomayor". Dáta rochtana: 2022.