Pornagrafaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Siopa pornagrafaíochta i gCathair Nua-Eabhrac.

Is éard is pornagrafaíocht ann ná cur síos lom díreach ar an gcomhriachtain nó ar ghníomhartha collaí de chineál éigin eile, nach bhfuil de chuspóir leis ach éirí craicinn a chur ar lucht a fhéachana. Bhí pornagrafaíocht de chineál éigin ann ó thús na staire, ach le déanaí, tá an phornagrafaíocht iompaithe ina tionsclaíocht mhór mhillteanach, de réir mar a d'éirigh na daoine níos caoinfhulangaí i leith na collaíochta poiblí. Bhí an-bhaint ag an bhforbairt seo le teacht na meán nua cumarsáide, cosúil leis na fístaifeadáin, na seinnteoirí dioscaí digiteacha agus an tIdirlíon féin.

Tá sé ina chúis mhór conspóide, an féidir idirdhealú a dhéanamh idir pornagrafaíocht agus ealaín anghrách. Bíonn na daoine idir dhá chomhairle freisin faoi thionchar na pornagrafaíochta ar nósanna craicinn na ndaoine, ar an gcoirpeacht chollaí (an banéigniú ach go háirithe), agus ar sheasamh na mná sa tsochaí. Tá cuid de na feiminithe den bharúil gur "bolscaireacht chogaidh in aghaidh na mban" atá sa phornagrafaíocht, mar shampla. Bíonn lucht eaglaise agus creidimh ag cur catha ar an bpornagrafaíocht freisin, agus iad den tuairim go spreagann sí na daoine chun gníomhartha craicinn a chleachtadh nach bhfuil inghlactha ó thaobh an reiligiúin de. Rud eile fós, is dóigh le cuid mhór acu gur drochrud ann féin í an phornagrafaíocht, de réir an Bhíobla, ó dúirt Íosa: Duine ar bith a bhreathnaíonn ar bhean le dúil inti, tá adhaltranas déanta aige léi cheana féin ina chroí. (Math 5:28)

Ón taobh eile de, tá go leor daoine barúlach nach féidir cosc a chur ar an bpornagrafaíocht gan dochar a dhéanamh don tsaoirse cainte agus tuairimíochta sa tsochaí. Áitíonn siad freisin go bhfuil na torthaí taighde ag tabhairt le fios nach spreagann an phornagrafaíocht daoine chun banéigniú a dhéanamh, ós iad na tíortha is mó cead cainte na tíortha is lú banéignithe.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Pictiúr ón mbliain 1741

Tá an focal féin pornagrafaíocht curtha i dtoll le chéile as dhá thamhan Gréigise a chiallaíonn "striapach" agus "scríobh", is é sin, "scríbhneoireacht faoi striapacha".

Tá an phornagrafaíocht linn le fada, is féidir a tús a rianú siar go dtí an tréimhse réamhstairiúil fiú le mionsamhlacha cloiche a bhfuil gnéasorgáin mhéadaithe orthu. Níor thosaigh an phornagrafaíocht a bhfuil aithne againne uirthi go dtí an ré Victeoiriach. Ag an am seo tosaíodh ar í a dhéanamh mídhleathach. An Danmhairg an chéad thír a rinne dleathach í, sa bhliain 1969.

Táthar ag déanamh cur síos éigin ar an gcomhriachtain agus ar an saol collaí ó tháinig an tsibhialtacht chun saoil, ach dealraíonn sé nár cruthaíodh coincheap na pornagrafaíochta roimh ré an Victeoirianachais sa naoú haois déag. Roimhe sin, ba é an dearcadh coitianta a bhí ann nach ndéanfadh sé dochar as an ngnáth duit pictiúir a fheiceáil a raibh cur síos iontu ar chomhriachtain, fiú má bhí diansrianta curtha leis an ngníomhaíocht féin. Bhaintí úsáid as an bpornagrafaíocht sna scigphictiúir pholaitiúla, mar shampla.

Nuair a tháinig fothracha na cathrach Rómhánaí úd Pompeii chun solais sna 1860idí, bhain pictiúir phornagrafacha na sean-Rómhánach an-stangadh as na Victeoirianaigh, ó bhí saothar na seanúdar Laidine á staidéar go dian acu, agus iad ag adhradh na sibhialtachta Rómhánaí. Ní raibh súil acu lena leithéid, agus d'fhéach siad leis na pictiúir agus na deilbheacha a choinneáil i bhfolach ó na haicmí ísle, na mná agus na páistí.

Cineálacha pornagrafaíochta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faye Reagan agus Georgia Jones 2009

De ghnáth, tugtar pornagrafaíocht bhog ar an gcineál pornagrafaíochta nach dtaispeánann na baill ghiniúna. Pornagrafaíocht chrua atá i gceist má thaispeántar os coinne an cheamara iad.

Tá seánraí éagsúla pornagrafaíochta ann le freastal ar thoighis gach duine ó thaobh na bhfeitisí agus na bhfantaisíochtaí de. I measc na gcineálacha éagsúla tá na cinn seo:

  • Pornagrafaíocht mhalartach, nó alt porn. Taispeánann an cineál seo pornagrafaíochta mná tatuáilte cneasphollta, agus blas an fhochultúir uirthi. Léiritheoirí neamhspleácha a tháirgeann í, agus go leor daoine á roghnú toisc go bhfuil siad den bharúil gur pornagrafaíocht "nádúrtha" í nach bhfuil ag saothrú tuilleadh airgid do na gróintíní móra.
  • Pornagrafaíocht amaitéarach. Is iomaí ciall a bhaintear as an gcoincheap seo. Is féidir é a shainmhíniú mar phornagrafaíocht a thaispeánann gnáthdhaoine in áit aisteoirí, agus iad ag bualadh craicinn de ghrá an tsuilt amháin, gan pá ar bith a fháil. Is féidir a rá freisin gurb ionann "amaitéarach" sa chiall seo agus duine nach bhfuil ag dul le pornagrafaíocht go proifisiúnta ná go tráthrialta, cé go bhfaigheann sé pá as an obair áirithe seo.
  • Pornagrafaíocht homaighnéasach, pornagrafaíocht dhéghnéasach. Le fírinne, is cuid de phríomhshruth na pornagrafaíochta iad na mná leispiacha agus déghnéasacha, ó chuireann gníomhaíocht chollaí na mban éirí ar an bhfear atá ag breathnú. Ní thugtar "pornagrafaíocht dhéghnéasach" ach ar an bpornagrafaíocht a léiríonn fir dhéghnéasacha.
  • Pornagrafaíocht scléipe, pornagrafaíocht ghrúpa. Taispeánann an cineál seo pornagrafaíochta dream mór fear agus ban ag teacht le chéile le scléip ghnéis a chóiriú is a cheiliúradh, agus gach duine ag bualadh craicinn mar a theastaíonn uaidh.
  • Pornagrafaíocht chine, ar nós pornagrafaíocht nach dtaispeánann ach cailíní gorma, nó cailíní ó Mheiriceá Theas, mar shampla.
  • Pornagrafaíocht réaltachta. Sa chineál seo pornagrafaíochta, glacann an ceamaradóir páirt sa ghníomhaíocht chollaí, nó bítear ag scannánú fíor-lánúnacha i mbun comhriachtana - ansin, is í an eagarthóireacht phroifisiúnta an t-aon difríocht amháin is féidir a aithint idir an seánra seo agus an phornagrafaíocht amaitéarach. Is minic, áfach, nach mbíonn i gceist leis an "bpornagrafaíocht réaltachta" ach pornagrafaíocht phroifisiúnta a bhfuiltear ag cur chraiceann an amaitéarachais uirthi.
  • Pornagrafaíocht gliúcaíochta. Sa seánra seo, tugtar le fios don bhreathnóir go bhfuil sé ag feiceáil daoine nach bhfuil a fhios acu iad a bheith á scannánú.
  • Feitisí éagsúla: masacas, sádachas, ceangal na gcúig gcaol, éadaí rubair, éadaí leathair, agus araile.

Úsáid na Pornagrafaíochta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is as Meiriceá a thagann mórchuid na staitisticí maidir le húsáid na pornagrafaíochta, i SAM, is iad na stáit is coimeádaí is mó a cheannaíonn pornagrafaíocht, stáit a bhfuil cosc acu ar phósadh aerach – ceannaítear 11% níos mó iontu. Bíonn leath d’fhir ag breathnú ar phornagrafaíocht gach seachtain agus breathnaíonn breis is 70% d’fhir ar phornagrafaíocht gach mí. Tá staidéir eile as an tSualainn a léiríonn rátaí a chuirfeadh an rud céanna in iúl, arís eile. Bíonn 66.7% ag breathnú ar scannáin chraicinn uair sa mhí is 90% cúpla uair sa bhliain thall. Bhí 98% de fhir agus 72% de mhná tar éis breathnú ar scannán craicinn riamh ann. Dar le staidéar ón mbliain 1989 bhí 92% de bhuachaillí SAM tar éis Playboy a fheiceáil nó a léamh faoi aois 15. Tosaíonn páistí Mheiriceá ag breathnú ar chruaphornagrafaíocht ag meán- aois de 11.

Ó thaobh an idirlín, tá na scannáin ghnéis go mór sa treis i gcomórtas le gach úsáid eile; 25% de na cuardaigh ar fad a dhéantar ar an idirlíon baineann siad le pornagrafaíocht, agus ba iad na focail ‘sex’ agus “porn” an ceathrú agus an séú téarma ba mhó a cuardaíodh. 43% de gach úsáideoir idirlíon a bhaineann úsáid as pornagrafaíocht. Cruthaíonn tionscal na scannán leathair rachmas mór, sa bhliain 2006 ba $97 billiún a tuilleadh de bharr na pornagrafaíochta go domhanda.

Rinneadh staidéar i Montréal ar fhir shingle a léirigh go mbreathnaíonn siad ar 40 nóiméad de phornagrafaíocht sa tseachtain, i gcomparáid leo siúd i gcaidreamh a bhreathnaíonn air ar feadh 20 nóiméad. Tháinig cáil ar leith ar an staidéar seo toisc gur theip orthu teacht ar fhear nach raibh scannán leathair feicthe riamh aige. Dar le 66.5% d’fhir go raibh breathnú ar phornagrafaíocht inghlactha i mbealach éigin, agus d’aontaigh 50% de mhná óga.

Deir saineolaithe áirithe gur de dheasca na scannán leathair a bhíos na galair thógálacha ghnéis ag dul i méadaíocht chomh maith leis na toirchis ag déagóirí. Sa bhreis air sin tá foréigean i gcoinne na mban le feiceáil ina lán físeán craicinn, mar aon le maslaí béil.