Fístaifeadán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Gléas leictreonach chun físchomhartha ó fhíscheamara a thaifeadadh ar fhísthéip agus a athsheinm uaithi ar theilifíseán. Ainm eile air is ea fístaifeadán caiséid. Chun ardmhinicíochtaí an fhíschomhartha a thaifeadadh, ní mór an cnoga taifid a ghluaiseacht go hantapa trasna na téipe inghluaiste maighnéadaí. Ar dtús bhíodh an téip 5 cm ar leithead, ag gluaiseacht ag timpeall 39 cm sa soicind thar 4 chnota ar dhruma rothlaithe chun 4 rian a thaifeadadh go comhuaineach i gcomhair gach fráma den íomhá. Dhéantaí an closchomhartha (an fuaimchomhartha) is na comharthaí rialaithe a thaifeadadh ar feadh imeall na téipe. An teicneolaíocht seo a bhíodh in úsáid go caighdeánach don teilifís ó 1956 go dtí na 1980idí. Sa teicneolaíocht nua-aoiseach, tá téip níos caoile in úsáid, agus is ar fhiar-rianta ar an téip a dhéantar an taifeadadh. Dhá fhráma, a chrosfhíonn le chéile chun réimse nó íomhá iomlán amháin a dhéanamh, a bhíonn ar gach fiar-rian. Thugtaí formáid C ar an gcéad chóras caighdeánach don chraoltóireacht a bhí bunaithe ar an teicneolaíocht nua seo. Saothraíodh an U-matic, an chéad fhístaifeadán caiséid le fiarscanadh héiliciúil, ag comhlacht Sony don mhargadh baile sna 1970idí. Ach go tapa ina dhiaidh sin tháinig teicneolaíochtaí ar leith chun cinn don úsáid baile, Betamax is VHS, agus glacadh go fairsing le VHS. Ag an am céanna forbraíodh dhá chóras nua don mhargadh gairmiúil craoltóireachta, Betacam (1981) agus M-II (1986), ag baint feidhme as téip 1.3 cm. Ag deireadh na 1980idí tugadh an chéad fhístaifeadán digiteach isteach le formáidí éagsúla, agus go luath ina dhiaidh sin taifeadáin dhigiteacha le cuimhní soladstaide.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Fístaifeadán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 274.