Weinberger v. Wiesenfeld
Cineál | breithiúnas de chuid Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe | |||
---|---|---|---|---|
Dáta foilsithe | 19 Márta 1975 | |||
Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá | |||
Baint le limistéar údaráis | Stáit Aontaithe Mheiriceá | |||
Cúirt | Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe | |||
Croineolaíocht | ||||
20 Eanáir 1975 | Argóint béil | |||
19 Márta 1975 | Breithiúnas | |||
Sa chás Weinberger v. Wiesenfeld, 420 U.S. 636 (1975), rialaigh Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe in aghaidh leithcheala ar bhonn gnéis.
Sonraí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fuair bean chéile Stephen Wiesenfeld bás agus bhí air aire a thabhairt dá mhac óg as féin.[1] Ní raibh sé in ann obair a dhéanamh. Rinne sé achainí ar an rialtas airgead sa bhreis a thabhairt dó chun aire a thabhairt dá mhac. Ach de réir an Social Security Act áfach, baintreacha mná amháin a bhí i dteideal íocaíochta.
An t-abhcóide Ruth Bader Ginsburg ag déanamh ionadaíochta do Wiesenfeld. Bhí Caspar Weinberger, an tAire Rialtais ag an am, i mbun cúrsaí rialtais. Dar le Ginsburg, ní raibh aon mhíniú ceart ag an rialtas ar an idirdhealú sin a d’fhág nach raibh aon chabhair le fáil ag baintreacha fir amhail Wiesenfeld. D’aontaigh an chúirt léi agus cuireadh an chuid sin den dlí ar ceal.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ John-Paul McCarthy (2020). "Bhí léargas ar leith ag Ruth Bader Ginsburg ar chás na mban" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-05-02.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol faoi Mheiriceá é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |