Lá Loving
Cuma
| Cineál | lá saoire | ||
|---|---|---|---|
| Ainmnithe in ómós | Mildred and Richard Loving (en) | ||
| Comóireann sé | Loving v. Virginia (en) | ||
| Lá | 12 Meitheamh | ||
| Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá | ||
| Croineolaíocht | |||
| Loving v. Virginia (en) | |||
| Haischlib | #lovingday | ||

Is ceiliúradh ar an ilchiníochas "Lá Loving", ar an 12 Meitheamh gach bliain.
Tá an lá dírithe ar phósadh idirchiníoch mhuintir Loving in Virginia sna seascaidí.[2] Bhí an pósadh idirchiníoch mídhleathach i Virginia na linne, mar a bhí in áiteanna eile, agus tharraing an bheirt srathair (muintir Loving) na hainnise orthu féin nuair a d’fhilleadar ar an bhfód dúchais tar éis pósadh in Washington DC.[3]
Sheas siad an fód agus chuaigh an cás a fhad le cúirt uachtarach Mheiriceá. Ar 12 Meitheamh 1967, sa chás Loving v. Virginia, rialaigh an chúirt go raibh deighilt ar bhonn cine i stáit áirithe ag teacht salach ar an bhunreacht.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Louis George Gregory" (as en) (2020-03-18). Wikipedia.
- ↑ "SCANNÁIN 2017: Trainspotting, Bladerunner agus Star Wars ag filleadh …" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-06-12.
- ↑ "Bheadh Oscar tuillte go maith ag Ruth Negga" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-06-12.