Uí Cheallacháin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Teaghlach Éireannach is ea Uí Cheallacháin.

Mumhain[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ceallachán na nEoghanacht, RÍ Mumhan ón mbliain 935 go dtí 954, ba ea a sinsear. Tiarnaí Chineál Aodha i ndeisceart Chorcaí taobh thiar de Mhala ba ea príomhchlann Uí Cheallacháin.

Cuireadh an chlann as a n-áit dúchais le linn Plandáil Cromwell agus Donnchadh Ó Ceallacháin ina thaoiseach. Lonnaigh siad in oirthear Chontae an Chláir.

Tháinig na críocha gar de Mhala i seilbh clann darbh ainm Longfield nó Longueville, a thógadar ann áras a Georgian le fiche seomra codlata. Mar chor cinniúna, tháinig chuid dá tailte ar ais chun Uí Cheallacháin sa fichiú haois nuair a cheannaigh Liam Ó Ceallacháin Longueville House Hotel.[1]

Sa bhliain 1994, aithníodh Thomas O'Callaghan as Londain ag Oifig na nGinealach mar shliochtach sinsearach an rí deireanach Uí Cheallacháin a insealbhaíodh.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Home – Cork Accommodation – Longueville House Hotel". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-01-21. Dáta rochtana: 1d Eanáir 2018.
  2. "MS UR 051345" (en). Dáta rochtana: 1d Eanáir 2018.