Deda mac Sin
Teaghlach | |
---|---|
Páiste | Dáire mac Dedad, Íar mac Dedad, Conganchnes mac Dedad |
Rí réamhstairiúil na nÉrann ab ea Deda mac Sin, is dócha den chéad aois RC. Sinsear eapainmneach Chlanna Dedad is ea é,[1][2] agus b'fhéidir gur Rí na Mumhan é fosta.
Sinsearacht agus shliocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Trína mhic, Íar mac Dedad agus Dáire mac Dedad, is sinsear é Deda de mórán pearsana cáiliúla in Éirinn seanscéalach, san áireamh a "óí" (glúin faoi nó thairis) Cú Raoi mac Dáire agus Eterscél Mór, "fionnóí" Conaire Mór agus Lughaidh Mac Cú Raoi, agus iaró Conaire Caomh. Bhí tríú mac aige darb ainm Conganchnes mac Dedad. Lena cois sin, is sinsear é Deda de roinnt dreamanna stairiúla in Éirinn agus i nAlbain araon, san áireamh an Dál Riata, an Dál Fiatach, an Múscraí, an Chorca Dhuibhne, agus an Chorca Bhaiscinn. Deirtear gur Érainn iad cách, agus na Clanna Dedad is amhlaidh an príomh-rítheaghlach acu.
Is dócha gur cumadh an ginealach roimh Deada mac Sin.[3][4] Ar deireadh, thagann sé trí Ailill Érann go hÓengus Tuirmech Temrach[5] agus dá bharr gaol i bhfad amach leis na Connachta agus muintir Uí Néill, a bhfuil ginealach acu nach féidir brath air roimh Túathal Techtmar.
Bhí cineál próta-stairiúil desna Clanna Dedad ar a glaodh na Dáirine,[6] é shliocht Dáire mac Dedad agus/nó Dáire Doimthech, aitheanta níos déanaí mar an Chorca Laidhe. Tá roinnt éiginnteachta anseo, de bharr a ngaol leis na Darini as Cúige Uladh réamhstairiúil. Pé scéal é, is léir go bhfuil fáil idir na Darini agus na hIverni.[7]
De réir na ginealaigh le fáil i Leabhar Ghleann Dá Loch agus Laud 610 pedigrees,[8][9] deartháir Deda ab ea Eochaid mac Sin, from whom descend an Dál Fiatach as Cúige Uladh. Mar mhalairt air sin, tá fáil díreach acu le Cú Roí mac Dáire,[10] agus dá bharr na Clanna Dedad féin. Is caillte i bhfad siar é ámh an gaol beacht idir na Dál Fiatach agus na hUlaid, a gcéile comhraic sa Rúraíocht.
Tá Eoin Mac Néill den tuairim gur de shliocht Deda mhic Shin é an Conaille Muirtheimne, trí mhac eile Conall Anglonnach,[11] Creideann sé gur botún éa tá gur Cruthin, mar a maítear i nginealaigh níos deireanaí.
Mac altrama Deda ab ea Dui Dallta Dedad.
Síol Chonaire
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is éard atá sa Síol Chonaire ná na Clanna Dedad úd de shliocht Chonaire Mhóir,[12] agus iad sin ná Dál Riata, an Múscraí, an Chorca Dhuibhne, agus an Chorca Bhaiscinn.[13] Is amhlaidh gur lonnaigh an Dál Riada in oirthuaisceart chúige Uladh, agus chuaigh siad ar aghaidh chun Ríocht na hAlban a bhunú. Glaodh "síol Chonaire" ar rítheaghlach na hAlban, Ríshliocht Dùn Chailleann, chomh déanach is an 12ú haois.[14] Trí an ríshliocht úd agus Conaire Mór, is sinsear Teaghlach Ríoga na Breataine é Deda mac Sin. Ba é Alexander III of Scotland (bás 19ú Márta 1286) an rí deireanach sa sinsear díreach ar thaobh athar de Shíl Chonaire.
Lonnaigh Síol Chonaire eile i gcúige Mumhain, áit a bheadh siad ar dtús faoi scáth a ngaol, na Dáirine, agus níos deireanaí faoi cheannas na nEoghanacht. Is amhlaidh, ámh, gurbh áisitheoirí suntasacha iad, na Múscraí ach go háirithe, ar son na nEoghanacht, agus is amhlaidh go raibh sin in aghaidh na nDáirine.[15] Rí déanach agus gan coinne na Mumhan de shliocht an Mhúscraí ab ea Flaithbertach mac Inmainén (bás 944).[16]
Insítear scéal breith, beatha agus bás Chonaire Mhóir sa seanscéal Togail Bruidne Dá Derga. Tá dhá scéal ann, gaolta ar éigin ach níos tábhachtaí de réir ginealeolaithe, agus iad ná De Síl Chonairi Móir[17] agus De Maccaib Conaire.[18] Sa scéalta seo, measctar é lena sliocht, Conaire Caomh.
An Dál Fiatach agus Cú Roí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Níl sinsearacht an Dáil Fhiatach, prionsaí na Ulad, ó Dedu mac Sin chomh cinnte is atá siúd na ndaoine luaite thuas, ach faightear fianaise di i bhfoinsí meánaoiseacha neamhspleácha (ach bréagnaithe ag foinsí eile).
An Dáirine (Corca Laidhe)
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chomh luath is an bhliain 1849, thug an scoláire John O'Donovan faoi ndeara gur truaillithe é ginealach an Chorca Laidhe, príomhshliocht stairiúil na nDáirine, le mórán glúinte roimh an rí seanscéalach, Lugaid mac Con.[19]
Craobh ghinealach Chlanna Dedad
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ní fhaightear gach glúin sa chraobh a leanas.
Sen mac Rosin[g 1] | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Dedu mac Sin[g 2] | Eochaid mac Sin[g 3] | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Íar mac Dedad | Dáire mac Dedad[g 4] | Conganchnes mac Dedad | Conall Anglonnach mac Dedad[g 5] | Deitsini | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Ailill Anglonnach | Cú Raoi mac Dáire | Dáirine | Conaille Muirtheimne | Dlúthaich | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Eoghan [g 6] | Lugaid mac Con Roí | Fuirme mac Con Roí[g 7] | Corca Laidhe[g 8][g 9] | Dáire | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Eterscél Mór | (F)Iatach Find | Fir furmi[g 10] | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Conaire Mór[g 11] | Dál Fiatach | Fíatach Finn[g 10] Fiachach Fir Umai[g 12] | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mug Láma | Dál Fiatach | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Conaire Cóem[g 13] | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Eochaid Riata[g 14] | Cairpre Músc | Cairpre Baschaín | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Dál Riata | Múscraige | Corc Duibne | Corcu Baiscinn | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Erc of Dalriada[g 15] | Corcu Duibne | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Fergus Mór | Loarn mac Eirc | Óengus Mór mac Eirc | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Domangart Réti | Cenél Loairn | Cenél nÓengusa | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Gabrán mac Domangairt | Comgall mac Domangairt | House of Moray | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Cenél nGabráin | Cenél Comgaill | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
House of Alpin | House of Dunkeld | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
- ↑ Sean mac Ró-shin; féach Kelleher 1968
- ↑ a quo Clanna Dedad
- ↑ per Rawlinson B 502 agus Laud 610
- ↑ Dairi Sirchrechtaig / Dáire Doimthech
- ↑ Book of Ballymote
- ↑ Dobbs 1917, lch. 18: "Eogan m. Íar m. D... 3ú rí na Mumhan Chlanna D..."
- ↑ Dobbs 1921, ll. 330-1
- ↑ The extant genealogy of the historical Dáirine, the Corcu Loígde, is corrupt for the early generations. They have been placed here by scholars. See Pokorny 1918.
- ↑ féach freisin O'Donovan, ll. 57, 86
- ↑ 10.0 10.1 Laud 610 variant
- ↑ a quo Síl Conaire
- ↑ Rawlinson B 502 variant
- ↑ Book of Glendalough| ¶1696: Conaire Cáem (m. Mug Láma) m. Lugdach m. Cairpri Chrommchinn m. Dáire Dornmáir m. Cairpre m. Conaire Móir
- ↑ Cairpre; Rigfhota
- ↑ Rawlinson B 502 ¶1696: Ercc m. Echdach Muinremuir m. Óengusa Fir m. Feideilmid m. Óengusa m. Feideilmid m. Cormaicc m. Croithluithe m. Find Féicce m. Achir m. Echdach m. Fiachach m. Feidelmid m. Cincce m. Guaire m. Cintae m. Coirpri Rigfhota
Ogham
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa Leabhar Oghaim faightear Ogham Dedad ainmnithe as. Faightear lena chois sin thart ar an tríú cuid d'inscríbhinní Oghaim sna tailte dá shliocht, an Chorca Dhuibhne.[20]
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- John Bannerman, Studies in the History of Dalriada. Dún Éadain: Scottish Academic Press. 1974
- Francis John Byrne, Irish Kings and High-Kings. Four Courts Press. 2a eagrán athbhreithnithe, 2001.
- Hector Munro Chadwick, Early Scotland: the Picts, the Scots and the Welsh of southern Scotland. Cambridge University Press. 1949.
- Margaret E. Dobbs, The History of the Descendants of Ir, in Zeitschrift für celtische Philologie 13 (1921), ll. 308-59; ar lean in Zeitschrift für celtische Philologie 14 (1923), ll. 44-144.
- —, Side-lights on the Táin age and other studies. Dún Dealgan: WM. Tempest. 1917.
- John V. Kelleher, "The Pre-Norman Irish genealogies", in Irish Historical Studies 16, No. 62 (1968), ll. 138-153.
- John V. Kelleher, "The Táin and the Annals", in Ériu 22 (1971), ll. 107-27
- Eoin Mac Néill, "Early Irish Population Groups: their nomenclature, classification and chronology", Imeachtaí Acadamh Ríoga na hÉireann (C) 29 (1911), ll. 59–114
- —, "Notes on Irish Ogham Inscriptions", Imeachtaí Acadamh Ríoga na hÉireann. 1909, ll. 329–70
- Kuno Meyer (eag.), "The Laud Genealogies and Tribal Histories", in Zeitschrift für celtische Philologie 8 (1912), ll. 291-338.
- Michael A. O'Brien (eag.) le réamhrá le John V. Kelleher, Corpus genealogiarum Hiberniae. IALBÁC. 1976. Páirt-eagrán digiteach: Donnchadh Ó Corráin (eag.), Genealogies in Rawlinson B 502. Coláiste na hOllscoile, Corcaigh: Corpus of Electronic Texts. 1997.
- John O'Donovan (eag. & aistr.), "The Genealogy of Corca Laidhe", in Miscellany of the Celtic Society. Baile Átha Cliath: Printed for The Celtic Society. 1849.
- T. F. O'Rahilly, Early Irish History and Mythology. Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath. 1946.
- Julius Pokorny, "Beiträge zur ältesten Geschichte Irlands (3. Érainn, Dári(n)ne und die Iverni und Darini des Ptolomäus)", in Zeitschrift für celtische Philologie 12 (1918), ll. 323-57.
- Ulidia le Dennis Walsh
- Mumu le Dennis Walsh
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Pokorny 1918
- ↑ Dobbs 1917
- ↑ Kelleher 1968
- ↑ Dobbs 1917, lch. 12
- ↑ Sin m. Rosin m. Trein/Trer m. Rothrein (m. Rogein) m. Arndil m. Maine Mór m. Forgo m. Feradach m. Ailill Érann m. Fiachu Fer-mara m. Óengus Tuirmech Temrach
- ↑ Dobbs 1917, lch. 10
- ↑ le haghaidh dianphlé (as Gearmánais), féach Pokorny 1918
- ↑ Ó Corráin 1997
- ↑ Meyer 1912
- ↑ Dobbs 1921, ll. 330-1: ... Iatach Find (a quo Dál Fiatach) m. Fuirme m. Conrui m. Dairi Sirchrechtaig m. Deadad m. Sin m. Rosin...
- ↑ MacNeill 1911, ll. 97-8
- ↑ Dobbs 1917, lch. 9
- ↑ Byrne, lch. 63
- ↑ Chadwick, lch. 121
- ↑ féach Byrne, ll. 45, 181
- ↑ Byrne, ll. 204, 214
- ↑ Lucius Gwynn, "De Sil Chonairi Móir", in Ériu 6 (1912), ll. 130-43.
- ↑ Lucius Gwynn, "De Maccaib Conaire", in Ériu 6 (1912), ll. 144-53.
- ↑ O'Donovan, ll. 57, 86
- ↑ MacNeill 1909, lch. 334