Domhanghart Réite
Cuma
(Athsheolta ó Domangart Réti)
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 5 haois |
Bás | 507 |
Liosta Ríthe Dhál Riada | |
503 – 507 ← Fearghas Mór mac Eirc – Comhghall mac Domhanghairt → | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Teaghlach | |
Páiste | Gabhrán mac Domhanghairt, Comhghall mac Domhanghairt |
Athair | Fearghas Mór mac Eirc |
Rí an Dáil Riada sa 6ú haois ab ea Domhanghart Réite (Sean-Ghaeilge Domangart Réti), i gcomharbacht ar a athair, Fearghas Mór.
Bhí ar a laghad beirt mhac aige, Comhghall agus Gabhrán, a thug duine ar dhuine i gcomharbacht air. Insítear i Vita tripartita Sancti Patricii go raibh sé i láthair ag bás an naoimh, c. 493. Fuair Domhanghart féin bás c. 507, agus tháinig Comhghall i gcoróin.
Feictear a leasainm Réite sa saothar Beatha Naoimh Choilm Chille le hAdomnán, luaite mar Corcu Réti, comhchiallach le 'Dál Riada'. Moladh gurbh é Corca Réite an dhream as ar tháinig Cenél nGabráin as Cinn Tìre agus Cenél Comgall as Comhghall féin, dá bharr ní Cenél Aonghasa as Ìle nó Cineál Loairn as lár agus tuaisceart Earra Gael.
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Alan Anderson, ESSH
- Marjorie Anderson, K&K
- Bannerman, Studies
- Fraser, Strangers
- Sharpe, Adomnán
- Eoin Mac Néill, "Early Irish Population Groups: their nomenclature, classification and chronology", Imeachtaí Acadamh Ríoga na hÉireann (C) 29 (1911), ll. 59–114