Corca Laidhe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Corcu Loígde)
Jump to navigation Jump to search

Teimpléad:Bosca eolais teaghlac.

Ríocht agus dream de shliocht na nDáirine ab ea an Chorca LaidheLaoi (Sean-Ghaeilge Corcu Loígde[1]), le brí Cine Bhandia an Lao.[2][3]

Tá síad ainmnithe as Lugaid Loígde, Rí Teamhrach agus Ard-Rí Éireann, mac Dáire Doimthigh. Glaodh orthu fosta Síol Lughaí mhic Íotha (Sean-Ghaeilge Síl Lugdach meic Itha). Is é a sinsear is cáiliúla ná Lugaid mac Con, de shliocht Lugaid Loígde, a faightear in Baile Chuinn Chétchathaig.

Príomh-rítheaghlach na nDáirine ab ea an Chorca Laidhe, a ríocht lonnaithe in iarthair Chontae Chorcaí. Tiarnaí na nUlad ab ea a ngaol is gairide, an Dál Fiatach.

Achoimre stairiúil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ceannairí na Mumhan ab ea an Chorca Laidhe, agus is amhlaidh dúichí lastigh de, go dtí go luath sa 7ú haois AD, agus an am sin an ríocht is mó ar an oileán. Bhris as a chéile áfach a gcomhaontas ársa le Ríocht an Osraí le teacht i réim na nEoghanacht. D'aistrigh go leor dreamanna a ndílseacht ón gCorca Laidhe go dtí na hEoghanachta, is suntasaí na Múscraige, dream Érann gaolta ach i bhfad amach leis an gCorca Laidhe. Moladh chomh maith ionchuir ón gclann Uí Néill mar mhórthionchar,[4] óir gur mhian leo nach mbeadh choíche duine den Chorca ina rí Teamhrach.

Phós ámh Aimeann, iníon Aonghasa Bhoilg, Conall Corc, agus dá bharr bhí an Chorca Laidhe gaolta le ciorcal lastigh na nEoghanacht.[5][6][7] Bhí stádas ar leith ag an gCorca i saol an ríshleachta nua — níor ríocht cíosaí óir gur iar cheannairí iad, stádas a bhí ag an Osraí fosta.

Sa 12ú haois, tugadh a ríocht ar a dtoil féin le chéile le Deoise Rois, agus bhí cumhacht ar leith ag clann Uí Dhrisceoil mar tiarnaí mara.[8]. Teaghlaigh tábhachta eile ab ea clanna Uí Chofaigh, Uí Laoghaire, Uí Aonghasa, agus Uí Fhloinn (Ó Floinn Arda),[9][10] chomh maith leis an gclann liteartha Uí Dhuinnín. D'fhéadfadh gur bhaill an Chorca iad na clanna Uí Aodha,[11] Uí Chróinín, Uí Dhuinnshléibhe, san áireamh.

Tugadh le chéile leis an mbarúntacht mheánaoiseach Cairbrigh an-chuid de thailte brabúsacha cois cósta a bhíodh i seilbh tráth na Corca Laidhe. Choinnigh clann Uí O'Dhrisceoil a cuid stádas mar theaghlach ríoga faoi cheannas chlann Mhic Cárthaigh Riabhach. Rinneadh an barúntacht Bheanntraí as roinnt tailte san iarthar a gcríoch.

Is rud ait é nach raibh ach mionghníomhaíocht pholaitiúil as an gCorca Laidhe i ndiaidh na 7ú haoise. D'éirigh ina ábhar seanscéalach a ngradam ársa, lenár chumadh seanscéalta bunúsacha na ríochtaí níos óige. Is é an sága is cáiliúla sa scéalaíocht ná Cath Maige Mucrama.

Is amhlaidh gurbh iar-foríochta an Chorca Laidhe iad na clanna ':Uí Fidgenti agus Uí Liatháin.

Ré Tudor[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cairbrigh le linn ré na dTúdarach

Le teacht deireadh na 16ú haoise, ba iad most prosperous families remaining were the Uí Eidirsceoil agus Uí Laoghaire na teaghlaigh is saibhre ar marthain. Bhí roinnt chaisleán ag clann Uí Eidirsceoil i nDún na Séad agus thart timpeall air, ina measc Caisleán Dhún na Séad; agus roinnt ag clann Uí Laoghaire lámh ó dheas de Mhaigh Chromtha.

Tagairtí annál[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach Annála Inis Faithlinn

  • AI815.2: Faigheann Forbasach, rí Chorca Laidhe, bás.

Craobh ginealaigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thug John O'Donovan agus eile faoi dheara gurb é ginealach Chorca Laidhe ar ceann desna ginealaigh is casta atá le fáil sa scéalaíocht Ghaelach, agus caithfear é sin cuimhniú sa chraobh a leanas. Cuireadh roinnt daoibh as ord ag annálaithe meánaoiseacha ó thaobh croineolaíochta de.

Sithbolg
 
 
 
Dáire Doimthech[g 1]
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Lugaid Loígde[g 2]
 
Eochaid Étgudach
 
 
 
Rechtaid Rígderg
 
 
 
Mac Con
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Mac Nia[g 3]
 
Fothad Cairpthech
 
Fothad Airgthech
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Lugaid
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Duach
 
 
 
 
 
 
Eochaid[g 4]
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Óengus Bolg[g 5]
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Gérán
 
Threna
 
 
 
Badomna[g 6]
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Nath Í
 
Maine[g 7]
 
Aimend[g 8]
 
Conall Clóen[g 9]
 
Óengus[g 10]
 
Mac Eircc[g 11]
 
 
 
 
 
 
 
 
Eterscél[g 12]
 
Liadán[g 13]
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Ciarán of Saigir
  1. a quo Dáiríre
  2. a quo Corca Laidhe
  3. nó athair mhic Con, nó leathchúpla
  4. nó Fiachra
  5. Coel, a quo Úi Builc
  6. muintir Uí Fhloinn Arda
  7. a quo Uí Maine
  8. = Conall Corc
  9. muintir Coffey
  10. a quo Uí Aonghasa
  11. muintir Uí Laoghaire
  12. a quo Ó Drisceoil
  13. = Lugna

Ard-Rí eile de chuid an Chorca Laidhe ab ea Eochaid Apthach,[12] ach is deacair é a chur sa ghinealach de bharr a thruailliú roimh Shithbolg.

Ní fheictear thuas an ghlúin tábhachtach de chuid Deda (a quo Clanna Dedad), an comhshinsear is déanaí den Dál Fiatach agus Dál Riata na Uladh agus na hAlban de réir roinnt ginealaigh oifigiúil. Tá leaganacha dá ainm le fáil i roinnt luathghinealaigh an Chorca Laidhe: Deaghmanrach,[13] Deadhmannra agus Deagha Dearg.[14]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Leaganacha eile: Corcu Lóegde, Corco Luigde, Corca Laoighdhe, Laidhe
  2. Charles-Edwards 2000, lch. 186
  3. O'Rahilly 1946, lch. 3
  4. Charles-Edwards
  5. Byrne 2001, ll. 166,193
  6. Charles-Edwards 2000, lch. 611
  7. Hull 1947
  8. Byrne 2001, lch. 180
  9. O'Donovan 1849
  10. O'Hart 1892
  11. The O'Hea are also given a Dál gCais pedigree by O'Hart, ll. 218–9. Whether this is accurate, erroneous, or there are two distinct septs is difficult to determine.
  12. Irish Monarchs of the Race of Ithe
  13. O'Donovan 1849, lch. 25
  14. O'Donovan 1849, lch. 57 (Genealogy of O'Driscoll)