Nagnata

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilNagnata

Suíomh
Map
 52°30′N 7°30′W / 52.5°N 7.5°W / 52.5; -7.5

Baile nó áit tionóil is ea NagnataMagnata (Νάγνατα, Μάγνατα) suite in iarthuaisceart na hÉireann, luaite le Tolamaes ina shaothar, Geografaíocht, den dara haois AD.[1]. Ní fios go cruinn a suíomh, ach is amhlaidh go raibh sé idir inbhir Ravius (Ῥαουίος) (Éirne is dócha) agus Libnius (Λιβνίος) (An Mhuaidh is dócha). Is é an t-aon baile ansin taifeadta ar an léarscáil ar chóstaí an tuaiscirt, an iarthair nó an deiscirt. I dteannta sin, is é an t-aon tagairt scríofa amháin a thugann fianaise don maidir le naisc idir iarthuaisceart na hÉireann agus an Eoraip le linn na Iarannaoise.

Tá a fhios againn gur tháinig longa Féiníceacha agus Gréagacha go hÉirinn, chomh luath b'fhéidir agus an 6ú haois RC, a bhuí le lámhleabhar muirí anois caillte, an Periplus Massiliach, a thugadh sonraí le haghaidh bhealaí mara as an bhFéiníc agus Tairtéiseas amach. Tá fianaise ann b'fhéidir le haghaidh naisc níos luaite fós, a bhuí le ceann sleá corránach Éireannach ón 10ú haois RC, faighte sa chuan ag Huelva i ndeisceart na Spáinne.[2]

Déanann Tolamaes tagairt do Nagnata (Sligo), i dteannta le Hibernis (Teamhair) agus Rhaeba (Cruchain), mar "ἐπίσημος", focal Sean-Ghréigise le bri "oirirc".

Moltaí stairiúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dar leis an bhformhór de luathstaraithe, bhí Nagnata suite i gContae Shligigh (Camden 1607, James Ware 1654, Samuel Lewis 1837, Martin 1910). I measc tuairimí eile, tá Béal an Átha, Maigh Eo (William Orpen 1894); Cathair na Mart (Stempel 2002); Acaill (Ilkins 1996, 2005); Gaillimh (Hardiman 1820, Lewis 1837); agus ar Ceann Iorrais (Mac an Bhaird 1991, 93).

De réir taighde déanta ag R. Darcy agus William Flynn ag Oklahoma State University sa bhliain 2008,[3] tar éis bhotúin chomhordanáide a cheartú, tá Nagnata suite gan dabht sa dúiche thar ar baile Sligigh. Aithníonn suas an abhainn Libnius leis An Mhuaidh. Mar sin, is léir go raibh an áit tionóil úd aitheanta ag mairnéalaigh idirnáisiúnta suite idir Baile Easa Dara agus Droim Chliabh, an dís ina n-áiteanna tionóil ársa agus gar de bhaile Sligigh.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Tolamaes, Geografaíocht, 2.1 le Bill Thayer
  2. Cunliffe, B. (2013). "Britain Begins". OUP Oxford. Dáta rochtana: 2015-01-12. 
  3. "Ptolemys map of Ireland: a modern decoding" (2008). Irish Geography 41: 49–69. doi:10.1080/00750770801909375.