Uí Eidirsceoil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Armas Uí Eidirsceoil

Rítheaghlach Gaelach is ea Uí Eidirsceoil , ceannairí na nDáirine ad Corca Laidhe go dtí an 16ú haois. Ríthe Mumhan ba ea sa suggest go dtí teacht chun cinn na nEoghanacht sa 7ú haois. Ag tús na 13ú haoise, bhí trí ghéag den chlann ann: Uí Eidirsceoil Mhóir, Uí Eidirsceoil Óig agus Uí Eidirsceoil Bhéarra. Tá an sloinne Ó hEidirsceoil le fáil go fairsing i gContaetha Corcaí agus Ciarraí.

Sanas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é Eidirsceol, a mhair sa 10ú haois é sinsear na clainne. Ciallaíonn an t-ainm idir-scéal, .i. "idirghabhálaí" nó "toscaire".

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

De shliocht na nÉarann, Corca Laidhe go háirithe, is ea Uí Eidirsceoil. Faoin deichiú haois agus an sloinne á úsáid acu, bhí an tuath Corca Laidhe i n-iardheisceart Chorcaí[1] ina n-áit dúchais, díbeartha ann ag na hEoghanachta agus na Cambra-Normannach. Bhí lárionad acu ag Dún na Séad. Ón 12ú haois ar aghaidh, bhí clann Uí Eidirsceoil ina rítheaghlach Chorca Laidhe.

D'éirigh an chlann ina mairnéalaigh agus iascairí den scoth.

Cé gur chaill an chlann a cuid críoch agus caisleán sa 17ú haois tar éis na curaidh in éadan Eilíse I Shasana, tá an-chuid Uí Eidirsceoil ina gcónaí fís in iarthar Chorcaí.

I measc ainmneacha nasctha leis an gclann, tá Fionn agus Con/Mac Con.

Luanna annál[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Annála Uladh, AU 944.2: Coirpri m. Mael Phatraic, ri H. Liathan, Finn m. Mutain, ri Corco Laighdhi, do marbad do Feraibh Maighi Feine.
  • Annála Inis Faithlinn, AI 1103.2: Conchobor h-Ua Etarsceóil, rí Corco Laigde, mortuus est i r-Rus Ailithir.
  • AI 1103.7:
Macc Ui Etersceoil, rí Corcu Luigde, co lucht and, .i. .xx.u., do techt for farrge, (&) gan fess a nula na i n-aigh(e)dha na h-neis.
Cuireadh mac Uí Etersceóil, rí Chorca Laidhe, ar farraige le cúigear is fiche, {gan fios a dtriall ná a gcinniúint théis sin}.
  • AI 1126.2: Ciarmac Ua Etersceoil mortuus est.
  • AI 1178.3: Murchertach mc. mec Domnaill U Charthaig do marbad a f-fill la Ua n-Etersceól...
  • AI 1179.2: Mc. Find U Etersceoil occissus est.
  • AI 1196.4: Mathi imda du Desmumain du h-éc issin bliadainsa, .i. Mc. Con U Etersceoil, & ...
  • AI 1229.2: Donncadh O h-Edirsceoil, ri Corca Laigi, d'éag.
  • AI 1234.2: ... thuit in Gascunach O h-Edirsceoil & Muirceartach a derbratair.

Daoine[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • D. O'Murchadha, Family Names of Co. Cork, Glendale Press, Dublin, 1985.
  • Allen W. Driscoll, Driscolls and more Driscolls:from County Cork (Ireland) to Township York (Noble County, IN), Wawaka, 1998.
  • Byrne, Francis J., Irish Kings and High-Kings. Four Courts Press. 2nd edition, 2001.
  • D'Alton, John, Illustrations, Historical and Genealogical, of King James's Irish Army List, 1689 2 vols. London: J.R. Smith. 2nd edition, 1861. (see under O'Donovan's Infantry)
  • Lankford, E. 'O Driscolls Past and Present' Cape Clear Museum (2005) ISBN 0-9534898-4-1
  • Ó Corráin, Donnchadh, "Corcu Loígde: Land and Families", in Cork: History and Society. Interdisciplinary Essays on the History of an Irish County, edited by Patrick O'Flanagan and Cornelius G. Buttimer. Dublin: Geography Publications. 1993.
  • O'Donovan, John (ed.), "The Genealogy of Corca Laidhe", in Miscellany of the Celtic Society. Dublin. 1849.
  • O'Hart, John, Irish Pedigrees. Dublin. 5th edition, 1892.
  • O'Rahilly, Thomas F., Early Irish History and Mythology. Dublin Institute for Advanced Studies. 1946.
  • Old Irish-Gaelic Surnames: A Supplement to Ireland's History in Maps

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. is ionann sin go garbh agus Deoise Rois

Teimpléad:Munster