Reachlainn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachReachlainn
CineálOileán
Cuid deNa hOileáin Cheilteacha
Logainm.ie61298
Suíomh
Stát ceannasachAn Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta AontaitheTuaisceart Éireann
Contae i dTuaisceart na hÉireannContae Aontroma
Map
 55°17′42″N 6°11′51″W / 55.295°N 6.1975°W / 55.295; -6.1975Comhordanáidí: 55°17′42″N 6°11′51″W / 55.295°N 6.1975°W / 55.295; -6.1975
FarraigeAn tAigéan Atlantach
Tréithe
Toisí4 (leithead) × 6.4 (fad) km

Suíomh oifigiúil

Is oileán é Reachlainn[1] (Rathlin), atá suite deich gciliméadar ó chósta thuaidh Chontae Aontroma, Tuaisceart Éireann. Is é Reachlainn an áit is tuaisceartaí i dTuaisceart Éireann. Tá cuma L ar an oileán - tá achar 7 gcimiléadar ón gcósta thoir go dtí an cósta thiar agus achar 4 chiliméadar ón gcósta thuaidh go dtí an cósta theas.

Níl ach 75 daoine ina gcónaí ar an oileán (daonáireamh 2001). Níl oileán eile i dTuaisceart na hÉireann le pobal buan.

Church Bay

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Deirtear gurbh é an chéad áit a leag an duine daonna cois in Éirinn, agus is iomaí duine idir Éireannaigh, Albanaigh, Lochlannaigh, Sasanaigh agus eile a leag cois ann ó shin.[2]

Is ar Reachlainn a tharla an chéad sceimhle Lochlannach ar Éirinn, de réir Annálacha Ulaidh. D'fhoghlaigh na Lochlannaigh eaglais an oileáin agus loisc siad roinnt foirgneamh sa bhliain 795.

St Thomas

Rinneadh cúpla ár uafásacha san oileán le linn choilíniú na hÉireann. Dhúnmharaigh Francis Drake agus a chuid fear tuairim is 600 oileánach ann sa bhliain 1575.Rinneadh ár ar mhuintir Chlainn Mhic Dónaill a bhí ag lorg tearmainn ar Reachlainn.

Rinneadh scrios eile fiche bliain ina dhiaidh sin nuair a chaith saighdiúirí Shasana 300 bean agus páiste d’ailltreacha móra an oileáin.

Mharaigh Protastúnaigh de Chlann Mhic Cailín idir 100 agus 3,000 Caitlicigh de Chlann Mhic Dónaill ar Reachlainn sa bhliain 1642. Caitheadh na scórtha bean ó na haillte.

Inniu tá músaem san oileán atá lonnaithe i seanteach bád sa mbaile beag ag an gcuan. Tá roinnt eolais ann faoin saol mar a bhí san oileán.[2]

Dúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá a lán éan mara ar Reachlainn, agus tá anaclann dúlra RSPB ann ar an oileán. Is iad an Royal Society for the Protection of Birds a ritheann an tearmann éan atá in iarthar an oileáin.[2] Is i mí na Bealtaine a bhíonn a bhformhór ‘sa mbaile’ i Reachlainn sula dtéann siad amach ar an teiscinn mhór don chuid eile den bhliain. Tá an tearmann éan lonnaithe timpeall ar an teach solais bunoscionn in iarthar an oileáin (tá trí theach solais ann).

Brockley House

Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí a gcanúint féin ag muintir an oileáin, canúint nach maireann anois ach amháin i leabhair agus i dtaifeadtaí, a bhí ina droichead ar go leor bealaí idir Gaeilgí na hÉireann agus na hAlban. Thugadh scoláirí cuairt ar an áit sa gcéad seo caite agus an céad roimhe sin arís le gramadach, stór focal, agus comhréir na n-oileánach a fhoghlaim agus is iomaí feis, fleá, agus féile a reáchtáladh san oileán san am a caitheadh.

Tá físeáin an iriseora agus taighdeora canúna Ciarán Dunbar, 'Caint ar Ghaelg Reachraidh', le fáil ar YouTube[3] ina gcuireann sé síos ar an gcineál Gaeilge a labhraítí san oileán.

Tá comharthaí Gaeilge i roinnt mhaith de na siopaí beaga fós agus go leor tithe ann a bhfuil a ainm Gaeilge greanta ar a ngeata.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Reachrainn (baile fearainn i gContae Bhaile Átha Cliath)

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Reachlainn/Rathlin Island | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. 2.0 2.1 2.2 Maitiú Ó Coimín (2023-07-13). "'Dhá rud ar leith a mheall go Reachlainn mé - na héin agus an teanga'" (ga-IE). Dáta rochtana: 2023-07-18.
  3. "Ciarán Dunbar - YouTube". www.youtube.com. Dáta rochtana: 2023-07-18.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]