Uí Erca Céin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Géag den Dál nAraidi ba ea Uí Earca Céin (Meán-Ghaeilge Uí Erca Céin). De réir Leabhar na gCeart den 10ú haois, ar cheann desna 12 tuath faoi rí na nUlad.[1][2] Is dócha go raibh siad lonnaithe gar de Sheimhne i Latharna, agus a bpríomh chathair ag Carraig Fhearghais.

Sna hanála, faightear liosta ríthe Uí Earca Céin a bhíodh i gceannas i Latharna go dtí lár na 7ú haoise, cé go bhfuil taifid ríthe ann go dtí an deichiú haois.[3] Bhí fosta ríogacht ruire an Dáil Araí ag rítheaghlach Uí Earca Céin mar a bhí Síol Fhinghin.[2][3] I ndiaidh na bliana 750, bhí gaol ag Uí Erca Céin le hEaglais Bheannchair.

Ag an éigin, imíonn siar gan tásc as Latharna agus faoin 14ú haois, faightear iad arís lonnaithe i Leath Cathail i lár Chontae an Dúin.[2][3]

Bhí cúig thuath ag Uí Erca Céin, de bhunúis éagsúla:

  • Cineál Talain (Cenél Talain) agus Dál Fhocha nUchtar, ab amhlaidh gur Chruithne iad dís, is dócha dídeanaithe.[4] De réir seanscéal an Chineáil Talain, bhí sinsear acu a bhí i mbun chogaidh i dteannta le Fiacha Araide[4]
  • Crothraidi, a bhí de réir seanscéal as Connacht ó dhúchas, ach a d'aistrigh go hUlaid, agus tar éis 600 AD, fuarthas iad le hUí Earca Céin.[4]
  • Crothraidi Buaingine, a deirtear gur as an Mumhain iad ó dhúchas.[4]
  • Dál Coirb Fobair, cuid díobh lonnaithe i gcríocha an Dáil Bhuinne i ndeisceart Aontroma. Deirtear gur de shliocht tiarna Laighin darbh ainm Cú Corb iad.[4]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Dobbs, Margaret (1945). "The Dál Fiatach". Ulster Journal of Archaeology 8: 66–79. Ulster Archaeological Society. 
  • Dobbs, Margaret (1939). "The Ui Dercco Céin". Ulster Journal of Archaeology 2: 112–119. Ulster Archaeological Society. 
  • MacCotter, Paul (2014-10-31). "Medieval Ireland. Territorial, Political and Economic Divisions". The Heritage Council. 

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Dobbs (1945), lch. 78.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 Dobbs (1939), ll. 116-117.
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 MacCotter, lch. 230.
  4. 4.0 4.1 4.2 4.3 4.4 4.5 Dobbs (1939), ll. 118-119.