Domhnall mac Aodha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Domnall mac Áedo)
Jump to navigation Jump to search
Gan a bheith measctha le Domnall mac Áeda, rí Ailigh den 10ú haois
Domhnall mac Aodha
Ardrí na hÉireann

628 - 642
Suibhne Meann, Congal Cáech - Conall mac Maoil Chobha, Ceallach mac Maoil Chobha
Saol
Eolas breithe Éire, 6 century
Bás Éire, Eanáir 642
Muintir
Athair Aodh mac Ainmhireach
Páistí
Siblíní
Treibh Uí Néill an Tuaiscirt
Gairm
Gairm monarc

Ard-Rí na hÉireann ba ea Domhnall mac Aodha (Sean-Ghaeilge Domnall mac Áedo, aitheanta fosta mar Domhnall II) mhic Ainmuirigh (bás 642), ón mbliain 628 go dtí a bhás. Ba bhall é de Chineál Chonaill, de chuid Uí Néill an Tuaiscirt.

Ní fios go cruinn cathain a rugadh Domhnall, ach meastar timpeall 570 ar a luaite, agus timpeall 590 ar a dheireanaí. De réir Vita Sancti Colm Cille le hAdhamhnán, bhuail Domhnall le Colm Cille ag tionól Dhroim Ceat agus é ina bhuachaill óg. Thuar Colm Cille do Dhomhnall rath mór bás suaimhneach ina sheanaois.[1]

Maítear go raibh idir athair Dhomhnaill agus a dheartháir, Maol Cobha (bás 615), ina Ard-Ríthe na hÉireann, ach más fíor tá seo bunaithe ar cumadóireacht i nAnnála na gCeithre Máistrí agus a leithéid. Tá Domhnall san áireamh sa ríliosta le fáil in Buile Choinn, a théann siar go dtí an bhliain 695. Níor ainmnigh an chéad scríbhneoir ach dhá "ri Érenn" déag i nAnnála Uladh, ag tús le Suibhne Meann sa bhliain 628,[2] agus sa deireadh Ruaidrí Ua Conchobair sa bhliain 1199.[3][4]

Faightear na chéad tagairtí faoi Dhomhnall i nAnnála Uladh don bhliain 628: iontráil maidir le Cath Bhoth, inár cloíodh Domhnall ag an Ard-Rí reatha agus a ghaol Uí Néill i bhfad amach distant Suibhne Meann de Chineál Eoghain;[5] agus nóta gearr maidir le tús a réimse.[6] Go gairid ina dhiaidh sin, maraíodh Suibhne ag Conghal Caoch, rí na nUlad den Dál nAraidi. Níos déanaí sa bhliain, rinne Domhnall ruathar ar na Laighin. Gnáth-thriail don rí nua a bhíodh rath cogaidh, agus ina dhiaidh, d'oibrigh na hannálaithe ar an mbonn gur glacadh Domhnall mar Ard-Rí.[7]

Sa bhliain 629, insítear sna Annála gur tharla cathanna ag Fid Eóin agus Dún Ceithirn. Chloígh Máel Caích mac Sgannail arm an Dáil Riada, comhghuaillithe an Chineál Chonaill, ag Fid Eóin.[8] Maraíodh sa chath rí Dhál Riada, Connadh Cearr, agus beirt gharmhac Aodháin mhic Gabhráin. Ag Dún Ceithirn, chloígh Domnall Conghal agus airm na nUlad agus an Dáil Araí. I dteannta leis an mbua seo, is dócha nár thug comhrac i measc mhuintir Uí Néill do Dhomhnall ach cuidiú chun a chuid flaithis agus forlámhais a choinneáil: cogadh i measc Chineál Eoghain sa bhliain 630; agus idir Clann Cholmáin agus Síol Aodha Sláine, 634–635.

Sa bhliain 637, thug Conghal a dhúshlán Domhnall arís i Cath Mhaigh Rath. Ar thaobh Chongail bhí Domhnall Breac, rí Dhál Riada, agus Cineál Eoghain; le Domhnall bhí Síol Aodha Sláine. Bhain Domhnall bua cinniúnach amach agus maraíodh Conghal. Ar an lá céanna, tharla Cath Sailtír (amach ó Chinn Tíre) idir cabhlach Dhomhnaill i gceannas a nia, Conall mac Maoil Chobha, agus cabhlach Chineál Eoghain agus Dál Riada, agus bhuaigh an tArd-Rí chomh maith. Níor fhulaing na hUlaid ba mhó mar thoradh an chatha, ámh, óir go meastar gur chaill an Dál Riada a gcuid tailte i gContae Aontroma.

Insítear i nAnnála Tiarnaigh go bhfuair Duinseach Uí Domhnaill bás sa bhliain 641. Fuair Domhnall féin bás ag deireadh mhí Eanáir 642, b'fhéidir tar éis tinnis fhada. Bhí cúigear mac ag Domhnall, san áireamh:

  • Aonghas mac Domhnaill (bás 650), athair Loingsigh (bás 703), Ard-Rí.
  • Fergus Fanát, athair Conghal Ceannmaghair (bás 710), Ard-Rí fosta
  • Ailill Flann Esa (bás 666)
  • Conall (bás 663)
  • Colcu (bás 663)

Tháinig a nia, Ceallach mac Maoil Chobha, i gcomharbacht ar Dhomhnall mar rí Chineál Chonaill.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Adomnán, Life of St Columba, aistr. & eag. Richard Sharpe. Penguin, Londain, 1995. ISBN 0-14-044462-9
  • Byrne, Francis John, Irish Kings and High-Kings. Batsford, Londain, 1973. ISBN 0-7134-5882-8
  • Ó Cróinín, Dáibhí, Early Medieval Ireland: 400–1200. Longman, Londain, 1995. ISBN 0-582-01565-0

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Deirtear de ghnáth gur tharla tionól Droim Ceat c. 575, ach b'fhéidir é gur tharla sé chomh déanach agus 590. Féach Sharpe, nótaí 86 & 204 le Vita le Adhamhnán. Tugadh roinnt tacaíochta do dháta Sharpe, ach ní ghlacann cách leis.
  2. AU 628.3, Occisio Suibne Menn m. Fiachna Suibne Menn ri Erenn, mc. Fiachna...
  3. Byrne, Irish Kings and High-Kings, ll. 256–257.
  4. AU 1199.1, Ruaidhri h-Ua Concobair .i., mac Toirrdhealbhaigh h- Ui Conchubair, ri Erenn, in penitentia quieuit.
  5. U628.2, Bellum Both in quo Suibne Menn m. Fiachna uictor erat, & Domnall m. Aedho fugit.
  6. U628.7, Domnall mc. Aedha mc. Ainmirech regnare incipit.
  7. Glaodh crech ríg (creach rí) ar an ionsaí tionscnaimh seo, féach Ó Cróinín, Early Medieval Ireland, lch. 99.
  8. Is amhlaidh gur deartháir Conghal Caoch é Máel Caích, sin nó is botún scríobhaí atá ann agus is é Conghal atá i gceist.


Roimh
Suibne Menn
Ard-Rí na hÉireann
624-639
Tar Éis
Cellach mac Máele Coba agus Conall Cóel