Aodh mac Ainmhireach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Ard-Rí na hÉireann ba ea Aodh mac Ainmhireach (Sean-Ghaeilge Áed mac Ainmuirech) (bás 598), ball de Chineál Chonaill d'Uí Néill an Tuaiscirt.

Aodh mac Ainmhireach
Ardrí na hÉireann

586 - 598
Báetán mac Ninnedo - Aodh Sláine, Colmán mac Baotáin
Saol
Eolas breithe 6 century
Bás 598 (Gregorian)
Muintir
Athair Ainmuire mac Sétnai
Páistí
Treibh Uí Néill an Tuaiscirt
Gairm
Gairm monarc

Teaghlach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ainmuire mac Sétnai (died 569), iar Ard-Rí, ba ea a athair.[1][2] Bríg iníon Chobhthaigh, mhic Ailealla mhic Nath Í mhic Criomhthainn mhic Éanna Cheannsalaigh.[3].

Bhí gaol i bhfad amach ag Aodh le Colm Cille d'Oileán Í. Mar fíor, ba dhlúth chairde iad. Is dócha gur iarr sé a adhmholadh nuair a bhfuair sé bás, agus gur bhronn sé tailte do Mhainistir Darú.[4]

Teacht i réim[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dáileadh ard-ríogacht na hÉireann idir Cineál Eoghain agus Cineál Conaill i ndeireadh na 6ú haoise.[5] Tháinig Aodh i gcoróin tamall tar éis bhás rí págánach deireanach na Teamhrach, Diarmaid mac Cearbhaill (bás 565). Le linn na tréimhse úd, ní soiléir é an raibh rí ruireach Uí Néill ann nó nach raibh.[6]

Is deacair é réimeas Aodha a scaradh amach ó shin a chol seisir níos sine, Baotán mac Ninneadha (bás 586). Tugtar achair éagsúla sna ríliostaí dá réimeas, a chuireann uile a thús roimh bhás Bhaotáin.[7] Tá an bheirt acu fágtha ar lár as an ríliosta is luaite, Buile Choinn, dán den 7ú haois, ach is dóigh gur dréacht bolscaireachta é seo.[8]

D'fhéadfadh é nach raibh Baotán ina ard-rí ar chor ar bith, ach gur tugadh an teideal dó ag bréag staraí níos dearanaí chun réimeas Bhaotáin mhic Cairill (bás 581) den Dál Fiatach mar ard-rí a cheilt.[9] Pé scéal é, an raibh Baotán ina rí na Teamhrach nó nach raibh, ba é Aodh mac Ainmhireach a bhí i bhfíorcheannas i measc Uí Néill an Tuaiscirt.[10]

Droim Ceat[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá fianaise ann gur bhuail sé le hAodhán mac Gabhráin, rí Dhál Riada, sa bhliain 575 ag Tionól Dhroim Ceat chun comhaontas a dhéanamh, is dóigh eagraithe ag a ghaol Colm Cille. Bhí Aodh agus Aodhán beirt faoi bhagairt rí Ulad, Baotán mac Cairill den Dál Fiatach, agus ba chun a leasa féin nach raibh an Dál Riada faoi cheannas Bhaotáin agus a chuid mianta. D'éirigh siad san iarracht sin.[11][12] Rinneadh ard-rí d'Aodh i ndiaidh sin, sa bhliain 576 b'fhéidir.[7]

D'fhéadfadh é mar tharla an tionól go dtí c, 587, an dáta de réir Annála Chluain Mhic Nóis.[13] Fuair Báetán mac Ninnedo bás sa bhliain 586, agus tuairiscítear dhá dháta báis le haghaidh Bhaotáin mhic Cairill i nAnnála Uladh, ceann amháin acu sa bhliain 587.[14]

Pléadh cúrsaí Osraige ag an tionól, rud a chuireann in iúl go raibh tionchar ar leith ag Aodh sa Mumhain.[15]

Dúshláin Uí Néill[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thug Colca mac Domhnaill de Chineál Eoghain a dhúshlán Aodh. Throid siad ag, Cath Druim Meic Erce sa bhliain 580 agus maraíodh Colca.[16][17][18]

Sa bhliain 586, maraíodh Baotán mac Ninneadga ag Léim an Eich, spreagtha ag rí Uisnigh, Colmán Beag (bás 587), a bhí i mbun iarrata ar an ard-ríogacht; b'fhéidir é gur thug sé iarraidh eile uirthi sa bhliain 573.[19][20][21] Sa bhliain 587, fuair Aodh an lámh in uachtar nuair a maraíodh Colmán ag Cath Bhealach Daithí.[22][23][24]

Dúshlán Uladh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thug Fiachna mac Baotáin (bás 626) de Dhál Araí a dhúshlán Aodh. Sa bhliain 597, bhuaigh Fiachna Cath Shliabh Chua sa Mhumhain.[25][26] Bhí Cath buaite ag ríomhe sin in éadan na gCiannacht Bhreá sa bhliain 594.[27][28] D'fhéadfadh é gur rí na Teamhrach é an Fiachna le linn na 590idí[29]

Bóramha Laighean[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí aighneas idir Aodh agus Brandubh mac Eachach Uí Chinnsealaigh, Rí na Laighean, a bhí i mbun chúngú Ui Neill a ruaigeadh. De réir an nóis Borúma Laigean, bhí Cummascach mac Aodha maraithe ag Brandubh, óir gur éiligh sé dul a luí le bean chéile Bhranduibh.[30][31] Insítear sna hannála gur mharaigh Brandubh Cumascach sa bhliain 597 ag Dún Buchat/Buiced (Dún Buaice).[32] Ag Cath of Dún Bolg sa bhliain 598 ámh, chloígh Brandubh Aodh agus mharaigh sé é.[33][34][35]

Comharbaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig Colmán Ríomhaí mac Baotáin mhic Mhuircheartaigh de Cineál Eoghain i gcomharbacht ar Aodh mar rí Uí Néill an Tuaiscirt. Theip ar Conall Cú mac Aodha (bás 604) ina iarracht ar an ard-ríogacht, ach níos dearanaí rinneadh ríthe ruireach Uí Néill an Tuaiscirt dá mhic, Mhaol Cobha (bás 615) agus Domhnall (bás 642).[36]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Byrne, Tábla 4; Aguisín IV
  2. Mac Niocaill, lch. 81
  3. Corpus Genealogiarum Sanctorum Hiberniae, Ó Riain, Pádraig, eag., Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath Dublin Institute for Advanced Studies, 1985, §380.1
  4. Charles-Edwards, ll. 289, 555
  5. Charles-Edwards, ll. 494–495
  6. Byrne, ll. 110–111.
  7. 7.0 7.1 Charles-Edwards, lch. 487
  8. Charles-Edwards, lch. 491
  9. Byrne, lch. 114
  10. Mac Niocaill, lch. 72
  11. Adomnán, nóta 204
  12. Byrne, ll. 109–111.
  13. Charles-Edwards, lch. 487, nóta 79
  14. Annála Uladh, AU 587.3
  15. Charles-Edwards, lch. 490
  16. Annála Uladh, AU 580.1, 581.1, 586.2
  17. Annála Tiarnaigh, AT 578.1
  18. Mac Niocaill, lch. 80
  19. AU 586.1
  20. AT 584.1
  21. Mac Niocaill, lch. 80
  22. AU 587.2
  23. AT 585.1
  24. Mac Niocaill, lch. 80
  25. AU 597.2, 603.5
  26. AT 595.2
  27. AU 594.1
  28. AT 592.1
  29. Charles-Edwards, lch. 500
  30. Mac Niocaill, ll. 81–82
  31. Byrne, ll. 145
  32. AU 597.1; AT 595.1
  33. AU 598.2
  34. AT 596.2
  35. Mac Niocaill, lch. 82
  36. Byrne, ll. 281, 283.


Roimh
Báetán mac Ninnedo

Báetán mac Cairill
Ard-Rí na hÉireann
568–594
Tar Éis
Áed Sláine
agus
Colmán Rímid