Conall Cú mac Aodha
Cuma
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 604 |
Teaghlach | |
Athair | Aodh mac Ainmhireach |
Rí Thír Chonaill de Chineál Chonaill, clann Uí Néill an Tuaiscirt, ba ea Conall Cú mac Aodha (Sean-Ghaeilge Conall Cú mac Áedo) (bás 604)[1][2]. Aodh mac Ainmhireach (bás 598), Ardrí Éireann, ba ea a athair.[3]
Tar éis bhás a athar sa bhliain 598, tharla achrann comharbachta i measc mhuintir Uí Néill. Sa Tuaisceart, cloíodh Conall ag a ghaol comhraic, Colmán Ríomhaí (bás 604), ag Cath Slemain sa bhliain 602 agus cuireadh an ruaig air.[4][5][6] Maraíodh Colmán dhá bhliain níos deireanaí, ach ní raibh Conall in ann leas a bhaint as, óir go bhfuair seisean bás seal gairid ina dhiaidh.[7]
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Corpus of Electronic Texts
- Annála Tiarnaigh, G100002
- Annála Uladh, cuid 1, G100001A
- Annála na gCeithre Máistrí, cuid 1, G800011A
- Chronicon Scotorum, G100016
- Mac Niocaill, Gearoid (1972), Ireland before the Vikings, Baile Átha t: Gill and Macmillan
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Annála Uladh, AU 604.6
- ↑ Annála Tiarnaigh, AT 602.4
- ↑ Mac Niocaill, lch. 82
- ↑ AU 601.3, 602.2
- ↑ AT 600.2
- ↑ Mac Niocaill, lch. 82
- ↑ Mac Niocaill, lch. 84