Jump to content

Báetán mac Ninnedo

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaBáetán mac Ninnedo
Beathaisnéis
Breith6 haois
Bás586 (Féilire Ghréagóra)
Ardrí na hÉireann
572 – 586
 Eochaidh mac Domhnaill, Baotán mac MuircheartaighAodh mac Ainmhireach  Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
AthairNinnid (?)

Cenél Conaill de chlann Uí Néill an Tuaiscirt, agus i roinnt foinsí Rí na Teamhrach, ba ea Baodán mac Ninneadha (Sean-Ghaeilge: Báetán mac Ninnedo) (bás 586). Ninnidh mac Duach (beo 561–563) ba ea a athair, agus Conall Gulban (bás 464) a shin-sean-athair.[1][2] Ba bhall é de Cenél Duach.

Dáileadh ríogacht na Teamhrach idir Cineál Eoghain agus Cineál Chonaill i ndeireadh na 6ú haoise.[3] Is deacair é réimeas Bhaodáin a fhuascailt ó réimeas a chol seisir níos óige, Áed mac Ainmuireach (bás 598). Tugtar achair éagsúla le réimeas Aodha sna ríliostaí, a chuireann in úil uile go raibh tús a réimis roimh bhás Bhaodáin.[4] Fágtar an bheirt ríthe ar lár as Buile Choinn, an ríliosta is luaite as deireadh na 7ú haoise, ach is dóigh gur dréacht claonpháirteach é seo.[5] D'fhéadfadh é nach raibh Baodán i ndáiríre ina ard-rí, ach gur thug bréagstaraí níos deireanaí an teideal dó chun leithscéal a thabhairt faoin bhfíor-réimeas Báetán mac Cairill (bás 581) de Dhál Fhiatach mar ardrí.[6] Pé scéal é, níor tugadh dó ach réimeas aon bhliain sna ríliostaí. Cé acu an raibh ardrí é Baodán nó nach raibh, bhí an chumhacht i ndáiríre ag Aodh mac Ainmhireach ón mbliain 572 ar aghaidh.[7]

Maraíodh Baodán sa bhliain 586 ag Léim an Eich, spreagtha ag Colmán Beag (bás 587), rí Uisnigh Uí Néill an Deiscirt, a raibh súil aige ar an ard-ríogacht.[8][9][10]

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
  • Mac Niocaill, Gearoid (1972), Ireland before the Vikings, Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan
  1. Byrne, Tábla 4, Aguisín IV
  2. Mac Niocaill, lch. 81
  3. Charles-Edwards, ll. 494–495
  4. Charles-Edwards, lch. 487
  5. Charles-Edwards, lch. 491
  6. Byrne, lch. 114
  7. Mac Niocaill, lch. 72
  8. Annála Uladh, AU 586.1
  9. Annála Tiarnaigh, AT 584.1
  10. Mac Niocaill, lch. 80
Réamhtheachtaí
Ainmuire mac Sétnai
Ard-Rí na hÉireann
567
Comharba
Áed mac Ainmuirech