Baotán mac Muircheartaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Baotán mac Muircheartaigh
Ardrí na hÉireann

569 - 572
Ainmuire mac Sétnai - Báetán mac Ninnedo
Saol
Bás 571
Muintir
Athair Muircheartach mac Muireadaigh
Páistí
Treibh Cineál Eoghain
Gairm
Gairm monarc

Ard-Rí na hÉireann de réir foinsí éagsúla ba ea Baotán mac Muircheartaigh (Sean-Ghaeilge Báetán mac Muirchertaig) (bás 572),[1] aitheanta mar Baotán Brí (Baetán Bríge). Muircheartach mac Muireadaigh (bás 534), a mheastar fosta gurbh Ard-Rí é, ba ea a athair.[2] Ba bhall de Chineál Eoghain é. Bhí sé i gcoróin i nAileach ón mbliain 566 go dtí 572.[3]

Dáileadh ard-ríogacht na hÉireann idir Cineál Eoghain agus Cineál Chonaill le linn deireadh na 6ú haoise.[4] Bhí Baotán i gcomhréim lena nia, Eochaidh mac Domhnaill (bás 572), ón mbliain 569.[5] Sna ríliostaí Meán-Ghaeilge, faightear a réimeas níos luaite ná mar a tuairiscítear sna hannála.[6] Ní fhaightear iad ar chor ar bith sa liosta ríthe na Teamhrach, Buile Choinn, dán den 7ú haois. Is dóigh áfach gurbh é rí na nUlad, Baotán mac Cairill (bás 579), fíor-rí na hÉireann le linn an ama úd.[7]

Sa bhliain 572, maraíodh an bheirt ríthe ag Crónán mac Tiarnaigh, rí Chiannachta Ghleann Gheimhin (Contae Dhoire an lae inniu).[8][9]

Feictear mac Bhaotáin, Colmán Ríomhaí, mar ard-rí i roinnt liostaí. Bhí ceathrar mac eile aige, Maol Uma, Forannán, Fearghas agus Ailill. Sna Ginealaigh Laud feictear a cúigear mac mar a leanas:

Coic maic Baetáin maic Muirc[h]ertaig .i. Forgus, otáit Cenél Forgusa; Forannán, a quo Hui Forannáin; Ailill .i. athair Cindfaelad; Maelhumai .i. in rígfénid; Colman Rimid athair Fína máthar Flainn.[10]

I nAnnála na gCeithre Máistrí, deirtear Dúin faoin iontráil 615.2:

Ailill mac Baetáin, Maol Dúin mac Fergusa mic Baotáin & Diucolla do mharbhadh h-í Muigh Slecht, h-i c-crich Connacht. Do Cenel m-Baotáin mic Muirchertoigh doibh.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. dátaí uile de réir The Chronology of the Irish Annals, le Daniel P. McCarthy
  2. T.M. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, Aguisín V
  3. Tugtar réimeas 6 bhianna do i Sioncronachtaí Laud
  4. Charles-Edwards, ll. 494-495
  5. Tugtar réimeas trí bliana dóibh sa Leabhar Laighneach agus bliain amháin i Sioncronachtaí Laud.
  6. Charles-Edwards, ll. 484-487
  7. Francis J.Byrne, Irish Kings and High-Kings, lch. 114
  8. Annála Uladh, AU 572.1
  9. Annála Tiarnaigh, AT 571.1
  10. Zeitschrift für celtische Philologie, Iml. 8, lch. 294, Kuno Meyer


Roimh
Domnall mac Muirchertaig
Forggus mac Muirchertaig
Ard-Rí na hÉireann
562-563
Tar Éis
Ainmuire mac Sétnai