Ainmuire mac Sétnai

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAinmuire mac Sétnai
Beathaisnéis
Bás569 (Féilire Ghréagóra)
Ardrí na hÉireann
566 – 569
← Domhnall mac Muircheartaigh, Forggus mac MuirchertaigBaotán mac Muircheartaigh, Eochaidh mac Domhnaill → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
TeaghlachUí Néill an Tuaiscirt Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteAodh mac Ainmhireach Cuir in eagar ar Wikidata
AthairSétnae (?)

Ard-Rí na hÉireann, agus an chéad Ard-Rí de chuid Cineál Chonaill Uí Néill, ba ea Ainmhire mac Seanna (Sean-Ghaeilge Ainmuire mac Sétnai) (bás 569). Fionnó Chonaill Ghulbain (bás 464), bunaitheoir eapainmneach na géige, ba ea é.[1] Bhí sé i réim ó 566 go 569.[2]

Sula rinneadh Ard-Rí de, feictear Ainmhire i gcomhghuaillíocht le taoisigh eile Uí Néill an Tuaiscirt, mar a bhí Forggus mac Muirchertaig agus a dheartháir his brother Domhnall (bás 566) of de Chineál Eoghain, chomh maith le Cill ceathrar Ainmhire, Ninnid mac Dauach (ball de Cenél nDuach). Chuaigh Uí Néill an Tuaiscirt i gcomhrac in éadan na gConnacht i gCath Shligigh sa bhliain 544/547 agus mharaigh siad an rí Eoghan Béal.[3][4]

Sa bhliain 561, rinne taoisigh Uí Néill an Tuaiscirt comhaontas le hAodh mac Eachach (bás 577) na gConnacht in éadan an Ard-Rí, Diarmaid mac Cearbhaill (bás 565) d'Uí Néill an Deiscirt. De réir na n-annál, d'eagraigh Naomh Colm Cille an comhaontas. Chloígh siad Diarmaid i gCath Chúl Dreimhne (Contae Shligigh).[5][6] Is dóigh gurbh é cuspóir an chatha ná an t-ard-ríogacht chur in áirithe ar son Uí Néill an Tuaiscirt.[7]

Sa bhliain 563, throid na taoisigh úd an Tuaiscirt Cath Móin Dairi Lothair in éadan na gCruithne agus chloígh siad iad.[8][9] Mar thoradh an bhua, leath siad i gContae Dhoire isteach go dtí An Bhanna.[10] De réir na n-annál, fuair Ainmhire ar ais gabháltais a athar, Séatna.

Tháinig Ainmhire i gcomharbacht mar Ard-rí ar Domhnall tar éis a bháis sa bhliain 566.[11][12] Sna ríliostaí Meán-Ghaeilge, tá a réimeas as áit,[13] agus fágadh ar lár é as liosta ríthe na Teamhrach, an dán den 7ú haois, Buile Choinn.

Mharaigh Fergus mac Néilléne (bás 570) de Chineál Eoghain Ainmhire sa bhliain 569.[14][15] Maraíodh Fergus féin an bhliain dár gcionn ag mac Ainmhire, Aodh (bás 598), a bhí freisin ina Ard-Rí.[16] De réir Céitinne, spreag Báetán mac Ninnedo de Chineál Eoghain an dúnmharú.[17] Deir Chronicum Scotorum faoina bhás:[18]

Femen an tan rombui a rí,
Nirbó mernot[19] nach dedlai;[20]
Aniú as fordearg a lí
La h-Ainmire mac Sennai.
Feimhen, an tan[21] ba é rí,
níorbh áitreabh nach suarach;[22]
inniu, corcradhearg a lí
le hAinmhire mac Seanna.

Phós Ainmhire Brigid ingen Cobthaig Uí Chinnsealaigh. Máthair a mhic, Aodh, ba ea i.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Francis J.Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 4
  2. Tugtar réimeas trí bliana do i Sioncronachtaí Laud agus an Leabhar Laighneach ar aon
  3. Annála Uladh, AU 543.2, 547.1
  4. Annála Tiarnaigh, AT 542.2
  5. Annála Uladh, AU 561.1
  6. Annála Tiarnaigh, AT 560.1
  7. T.M. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, ll. 294-295, 510
  8. AU 563.1
  9. AT 562.2
  10. Byrne, ll. 95
  11. AU 566.2
  12. AT 565.2
  13. Charles-Edwards, ll. 484-487
  14. AU 569.1
  15. AT 568.1
  16. AT 569.1
  17. Seathrún Céitinn, Foras Feasa ar Éirinn, Leabhar II, lch. 77
  18. Chronicum Scotorum, CS 568 (nó 569)
  19. mennat, áitreabh, ar eDIL
  20. dedlaid, deighilt, ar eDIL
  21. tan, nuair, ar teanglann.ie FGB
  22. 'ignoble' ar CELT


Réamhtheachtaí
Eochaid mac Domnaill
Báetán mac Muirchertaig
Ard-Rí na hÉireann
564-566
Comharba
Báetán mac Ninnedo