Eoghan Béal

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Eógan Bél)
Infotaula de personaEoghan Béal
Beathaisnéis
Básc. 547
Teaghlach
PáisteAilill Inbanda, Cellach Chill Ala Cuir in eagar ar Wikidata
Duine muintearthaAilill Molt (seanathair) Cuir in eagar ar Wikidata

Rí na gConnacht de chlann Uí Fhiachrach ba ea Eoghan Béal mac Ceallaigh (Sean-Ghaeilge Eógan Bél mac Cellaig) (bás 542[1]). Ardrí Ailill Molt ba ea a sheanathair.[2] Tháinig sé i gcoróin an éigin tar éis na bliana 500.[3]

Le linn a réimis, bhíodh fíoch idir é agus Uí Néill an Tuaiscirt. Cloíodh na Connachta ag Aidhne sa bhliain 531 agus an Ardrí cumhachtach Muircheartach mac Muireadhaigh de Chineál Eoghain i gcoróin.[4]

Sa bhliain 537, bhuaigh Uí Fhiachrach Aidhne faoi cheannas a rí, Goibnenn mac Conaill, ag Cath Claenloch (gar de Cenél Áeda na hEchtge, Contae na Gaillimhe) in éadan Mhaine mhic Cearbhaill (deartháir Dhiarmada mhic Cearbhaill) Uí Néill an Deiscirt, a maraíodh.[5] Bhí ceart ghialla Uí Mhaine a ghabháil á chosaint ag Goibhneann. Mar thoradh suntasach an chatha seo, scaradh níos mó Uí Mhaine ó Chineál Mhaine na Mí, agus Uí Néill óna Connachta.[6]

I ndeireadh na dála, tharla Cath Sligigh sa bhliain 542 idir Eoghana agus Uí Néill an Tuaiscirt, inar maraíodh Eoghan.[7] De réir na n-annál, Fearghas agus Domhnall mic Muircheartaigh, i dteannta le hAinmhire mac Séadna agus Ninnid mac Duach de Chineál Chonaill, ba ea na buaiteoirí. Tá an rann seo maidir leis an cath le feiceáil i nAnnála na gCeithre Máistrí:

Fichter cath Ua Fiachrach
la feircc faobhair, tar im Bel,
Gesis[8] buar namhat fri slegha
sretha[9] in cath i Crinder.

Ar-celt[10] Slicech do mur
már fuile fer lia feóil
Bertait ilaigh[11] tar Ebha
im chend n-Eoghain Beóil

Troidtear cath Uí Fhiachrach
le fearg na faobhar ar Bhéal,
géiseann buar namhad le sleá,
searntha an cath i gCrinder.

Beireann Sligeach go muir
mór-fhuil fhear lena bhfeoil.
beirid iolaigh thar Eabha,
le ceann Eoghain Bhéil.

Insítear a mhalairt mar scéal an chatha sa dán Meán-Ghaeilge, Caithréim Cellaig, a deir gur ghaiscíoch mór uasal é Eoghan honourable. Dar leis an dán, bhuaigh Eoghan an cath ach go bhfuair sé goin a bháis agus d'éag sé sa bharr níos déanaí. Adhlacadh é ina sheasamh ar nós na bpágánach ag Ráith Ua Fiachrach ar Chnoc na Riabh, agus a gha dearg ina láimh aige mar dhúshlán Uí Néill an Tuaiscirt. Tháinig fir Uí Néill ina dhiaidh sin, bhain siad a chorp agus chuir é ar a bholg ag Aonach Loch Gile i gcríocha Cineáil Chairbre.[12] De réir béaloidis áitiúil, maítear gur adhlacadh Eoghan faoin tuama cúirte ag Machaire Chon Rois.[13]

Insítear sa dán gur dhalta Ciarán Chluain Mhic Nóis, ba ea Ceallach mac Eoghain, agus gur mharaigh go fealltach é ag fir Uí Fhiachrach Aidhne. Cé go bhfeictear sa dán pearsana a bhaineann le ré eile, creideann Byrne go dtugann sé le fios nós d'aighneas idir géaga tuaisceartach agus deisceartach Uí Fhiachrach.[14]

Tháinig a mhac Ailill Inbanda i gcomharbacht air.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Annals of Tigernach
  • Annals of the Four Masters
  • G.Keating, History of Ireland
  • T.M.Charles-Edwards, Early Christian Ireland
  • Book of Leinster, Section 30
  • Francis J.Byrne, Irish Kings and High-Kings
  • The Chronology of the Irish Annals, Daniel P. McCarthy

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • [[Corpus of Electronic Texts]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Daniel P. McCarthy, The Chronology of the Irish Annals
  2. Francis J. Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 18
  3. Dar le Céitinn, bhí réimeas 35 bliain aige; tugtar réimeas 37 bliain dó sa Leabhar Laighneach, chuid 30
  4. M526.3
  5. ACM 531.2
  6. Byrne, lch. 92
  7. ACM 537.3
  8. géisid, géis, búir, béic, ar eDIL
  9. sernaid, searn, cuir in ordú catha, ar eDIL
  10. ?
  11. ilach
  12. Byrne, lch. 244
  13. Magheraghanrush ar themodernantiquarian
  14. Byrne, lch. 244