Jump to content

Conall Cú mac Áedo

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaConall Cú mac Áedo
Beathaisnéis
Bás604
Teaghlach
AthairAodh mac Ainmhireach

Rí Thír Chonaill de Cenél Conaill, clann Uí Néill an Tuaiscirt, ba ea Conall Cú mac Áedo (bás 604).[1][2] Áed mac Ainmuirech (bás 598), Ardrí Éireann, ba ea a athair.[3]

Tar éis bhás a athar sa bhliain 598, tharla achrann comharbachta i measc mhuintir Uí Néill. Sa Tuaisceart, cloíodh Conall ag a ghaol comhraic, Colmán Ríomhaí (bás 604), ag Cath Slemain sa bhliain 602 agus cuireadh an ruaig air.[4][5][6] Maraíodh Colmán dhá bhliain níos deireanaí, ach ní raibh Conall in ann leas a bhaint as, óir go bhfuair seisean bás seal gairid ina dhiaidh.[7]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Annála Uladh, AU 604.6
  2. Annála Tiarnaigh, AT 602.4
  3. Mac Niocaill, lch. 82
  4. AU 601.3, 602.2
  5. AT 600.2
  6. Mac Niocaill, lch. 82
  7. Mac Niocaill, lch. 84