Ceallach mac Maoil Chobha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaCeallach mac Maoil Chobha
Beathaisnéis
Bás658 (Féilire Ghréagóra)

Brú na Bóinne Cuir in eagar ar Wikidata
Ardrí na hÉireann
642 – 658
← Domhnall mac AodhaDiarmaid mac Aodha Sláine, Blathmac mac Aodha Sláine → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
TeaghlachUí Néill an Tuaiscirt Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteCacht (?) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairMaol Cobha mac Aodha

Deirtear gurbh Ard-Rí na hÉireann é Ceallach mac Maoil Chobha (Sean-Ghaeilge Cellach mac Máele Coba) (bás 658), ball de Chineál Chonaill, Uí Néill an Tuaiscirt. Maol Cobha mac Aodha (bás 615) ba ea a athair.[1][2][3] Bhí sé i gcoróin ó 643 go 654.[4]

De réir annála Éireann bunaithe ar Chroinic na hÉireann, chomh Ard-Rí ba ea é lena dheartháir, Conall Caol, tar éis bhás a n-uncail, Domhnall mac Aodha sa bhliain 642. Deirtear i nAnnála Uladh don bhliain 643:

Hic dubitatur quis regnauit post Domhnall. Dicunt alii historiagraphi regnasse .iiii. reges, .i. Cellach & Conall Cael & duo filii Aedho Slane mc. Diarmada mc. Fergusa Cerrbheoil mc. Conaill Cremthainde mc. Neill Naoighiallaig, .i. Diarmait & Blathmac, per commixta regna.[5]
Tá amhras ann cé a bhí i réim i ndiaidh Domhnaill. Deir roinnt staraithe gur rialaigh ceathrar ríthe, .i. Ceallach agus Conall Caol agus beirt mhac Aodha Sláine..., .i. Diarmaid agus Blathmac, i gcomhréimis a chéile.

Comhghuaillthe Dhomhnaill a bhí na ceithre chomharbaí uile, nuair a cloíodh Conall Caoch ag Cath mór Mhaigh Roth sa bhliain 637, agus d'fhéadfadh é dáiríre go raibh an ceathrar i réim le chéile. De réir na ríliosta, bhí Ceallach agus Conall i gcoróin roimh Diarmaid agus Blathmac.[6] Ní fheictear Ceallach nó Conall ámh sa ríliosta is luaite, Buile Choinn.[7]

Sa tuaisceart, thug a gcol ceathrar a dhúshlán iad, ach chloígh Conall agus Ceallach é ag Cath Dhún Criomhthainn sa bhliain 650.[8][9][10] Maraíodh Conall ag Diarmaid sa bhliain 654, agus fuair Ceallach bás sa bhliain 658, b'fhéidir i mBrú na Bóinne.[11][12] B'fhéidir é gur ghabh Diarmaid Ceallach sa bhliain 654 agus gur éag sé i ngéibhinn.[13]

Phós iníon Cheallaigh, Cacht (bás 681), rí Ailigh, Máel Dúin mac Máele Fithrich.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John, Irish Kings and High-Kings. Batsford, Londain, 1973. ISBN 0-7134-5882-8
  • Charles-Edwards, T.M., Early Christian Ireland. Cambridge University Press, Cambridge, 2000. ISBN 0-521-36395-0
  • Mac Niocaill, Gearoid (1972), Ireland before the Vikings, Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan
  • "Cellach mac Máele Coba (d. 658)". Oxford Dictionary of National Biography (2004).

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Byrne, Tábla 4
  2. Charles-Edwards, Aguisín IV
  3. Mac Niocaill, lch. 153
  4. Tugtar réimeas 15 bliain do sna ríliostaí sa Leabhar Laighneach, agus Sioncronachtaí Laud 14 bliain
  5. Annála Uladh, AU 643.7
  6. Charles-Edwards, lch. 485
  7. Charles-Edwards, lch. 484
  8. AU 650.2
  9. Annála Tiarnaigh, AT 650.2
  10. Mac Niocaill, lch. 98
  11. AU 654.1, 658.1
  12. AT 657.1
  13. Mac Niocaill, lch. 98
Réamhtheachtaí
Domnall mac Áedo
Ard-Rí na hÉireann
640-656
Comharba
Diarmait mac Áedo Sláine agus Blathmac mac Áedo Sláine