Jump to content

Conall mac Maoil Chobha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaConall mac Maoil Chobha
Beathaisnéis
Bás654 (⧼Wikibase-time-calendar-Gréagórach⧽)
Ardrí na hÉireann
642 – 654
← Domhnall mac Aodha – Blathmac mac Aodha Sláine, Diarmaid mac Aodha Sláine → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
TeaghlachUí Néill an Tuaiscirt Cuir in eagar ar Wikidata
AthairMaol Cobha mac Aodha

Ard-Rí na hÉireann a mheastar ba ea Conall mac Maoil Chobha (Sean-Ghaeilge: Conall mac Máele Coba) (bás 654) ar a glaodh Conall Caol (Conall Cóel) air. Maol Cobha mac Aodha (bás 615) ba ea a athair.[1][2][3] Bhí sé i gcoróin ó 643 go 654.[4]

De réir annála Éireann bunaithe ar Chroinic na hÉireann, chomh-Ard-Rí ba ea é lena dheartháir, Ceallach mac Maoil Chobha, tar éis bhás a n-uncail, Domhnall mac Aodha sa bhliain 642. Deirtear i nAnnála Uladh don bhliain 643:

Hic dubitatur quis regnauit post Domhnall. Dicunt alii historiagraphi regnasse .iiii. reges, .i. Cellach & Conall Cael & duo filii Aedho Slane mc. Diarmada mc. Fergusa Cerrbheoil mc. Conaill Cremthainde mc. Neill Naoighiallaig, .i. Diarmait & Blathmac, per commixta regna.[5]
Tá amhras ann cé a bhí i réim i ndiaidh Domhnaill. Deir roinnt staraithe gur rialaigh ceathrar ríthe, .i. Ceallach agus Conall Caol agus beirt mhac Aodha Sláine..., .i. Diarmaid agus Blathmac, i gcomhréimis a chéile.

Comhghuaillthe Dhomhnaill a bhí na ceithre chomharbaí uile, nuair a cloíodh Conall Caoch ag Cath mór Mhaigh Roth sa bhliain 637, agus d'fhéadfadh é dáiríre go raibh an ceathrar i réim le chéile. Insítear go raibh Conall i gceannas arm Dhomhnaill ag Cath Shailtír, cath cabhlaigh a tharla ar an lá gcéanna, inár cloíodh cabhlach Cenél nEógain agus Dál Riada.[6][7]

De réir na ríliosta, bhí Ceallach agus Conall i gcoróin roimh Diarmaid agus Blathmac.[8] Ní fheictear Ceallach nó Conall ámh sa ríliosta is luaite, Buile Choinn.[9]

Sa tuaisceart, thug a gcol ceathrar a dhúshlán iad, ach chloígh Conall agus Ceallach é ag Cath Dhún Criomhthainn sa bhliain 650.[10][11][12]

Maraíodh Conall Caol sa bhliain 654. Deirtear i ngluais le hAnnála Uladh, athinste i nAnnála na gCeithre Máistrí gur mharaigh Diarmaid é.[13][14]

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John, Irish Kings and High-Kings. Batsford, Londain, 1973. ISBN 0-7134-5882-8
  • Charles-Edwards, T.M., Early Christian Ireland. Cambridge University Press, Cambridge, 2000. ISBN 0-521-36395-0
  • Mac Niocaill, Gearoid (1972), Ireland before the Vikings, Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan
  • "Cellach mac Máele Coba (d. 658)". Oxford Dictionary of National Biography (2004).
  1. ↑ Byrne, Tábla 4
  2. ↑ Charles-Edwards, Aguisín IV
  3. ↑ Mac Niocaill, lch. 153
  4. ↑ Tugtar réimeas 15 bliain do sna ríliostaí sa Leabhar Laighneach, agus Sioncronachtaí Laud 14 bliain
  5. ↑ Annála Uladh, AU 643.7
  6. ↑ AU 637.1
  7. ↑ Mac Niocaill, lch. 96
  8. ↑ Charles-Edwards, lch. 485
  9. ↑ Charles-Edwards, lch. 484
  10. ↑ AU 650.2
  11. ↑ Annála Tiarnaigh, AT 650.2
  12. ↑ Mac Niocaill, lch. 98
  13. ↑ AU 654.1
  14. ↑ Mac Niocaill, lch. 98


Réamhtheachtaí
Domnall mac Áedo
Ard-Rí na hÉireann
640-656
Comharba
Diarmait mac Áedo Sláine agus Blathmac mac Áedo Sláine