Jump to content

Loingseach mac Aonghasa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Loingsech mac Óengusso)
Infotaula de personaLoingseach mac Aonghasa
Beathaisnéis
Breith7 haois
Muintir na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata
Bás12 Iúil 704 (Féilire Ghréagóra)

Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Ardrí na hÉireann
696 – 704
← Fíonsneachta Fleách mac DúnchadhaConghal Ceannmhaghair → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
TeaghlachUí Néill an Tuaiscirt Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteFlaithbertach mac Loingsig Cuir in eagar ar Wikidata
AthairÓengus (?)

Ard-Rí na hÉireann ba ea Loingseach mac Aonghasa (Sean-Ghaeilge Loingsech mac Óengusso) (bás 703). Ba bhall é Loingseach de Cenél Conaill d'Uí Néill an Tuaiscirt. Bhí seanathair Loingsigh, Domhnall mac Aodha (bás 642), ina Ard-Rí, cé nach raibh a athair.[1]

Luath-imeachtaí

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní fhaightear sna hanála trácht ar a thrácht i gcoróin Chineál Chonaill. Tá taifead iontu ar bhás a uncail Ailill Flann Easa (bás 666) le linn blianta an phlá.[2]

Feictear Loingseach sna hannála don bhliain 672, nuair a chloígh sé Dúngal mac Máele Tuil de Chineál Bógaine, géag de Chineál Chonaill lonnaithe in iardheisceart Dhún na nGall. Ní deir Annála Uladh gur bhuaiteoir é Loingseach, ach deir Annála Tiarnaigh amhlaidh.[3][4] Déanann Annála na gCeithre Máistrí, trácht ar Loingseach mar thaoiseach Chineál Chonaill, agus an t-imeacht seo á thuairisc acu.[5]

Tar éis mharú an iar-rí, Fíonsneachta Fleách sa bhliain 695, de réir Annála Uladh, bhí Loingseach agus Congalach mac Conaing Cuirre (bás 696) de Shíol Aodha Sláine in iomaíocht a chéile le haghaidh na hArd-Ríogachta.[6] Bunaithe is dócha ar croinic chomhaimseartha scríofa ar Oileán Í, deir na hanála is gur thuaidh réimeas Loingsigh tar éis bhás Chongalaigh.[7] Insítear i nAnnála Tiarnaigh ámh, gur thosaigh réimeas Loingsigh sa bhliain 695, roimh bhás Chongalaigh.[8] Mar fíor, bhí sé i réim ón mbliain 695 go 703.[9]

Le linn réimeas Loingsigh, tháinig Adhamhnán, ball de Cenél Conaill, go hÉirinn chun an soiscéal a scaipeadh. Feictear Loingseach mar an chéad phearsa thuata a shínigh Cáin Adhamhnáin, aontaithe ag Sionad Bhiorra sa bhliain 697. Thug Loingseach lán dá thacaíocht don dlí seo.

Bhí daoine agus eallach araon cráite le plánna agus gorta i gcaitheamh a réimis.[10] Deir Seathrún Céitinn gur lean an gorta ar aghaidh le trí bliana.

Bás agus sleachta

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir a gceili comhraic, Cineál Chonaill, i gContae Dhoire isteach, stopadh ar leathadh Chineál Eoghain. Dá bharr, ní raibh aon dul as acusan ach ionsú ó dheas i gConnacht isteach. Ag iarraidh fosta a ard-ríogacht a vvv, rinne Loingseach ábhairín sa bhliain 703.[11] Maraíodh Loingseach an bhliain úd ag Cath Chorann (in Contae Shligigh), agus sean-rí Cellach mac Rogallaig na gConnacht (bás 705) ina gceannas.[12][13] Déanann Croinic na hÉireann trácht ar mar Ard-Rí ina thásc. Deirtear freisin gur maraíodh triúr mac Loingsigh (Artghal, Connachtach agus Flann Gerg), agus do leor eile, ina theannta.

Tá rann ann leis an sean-rí, Ceallach states:[14]

Ba uilcc thuilcc
matan ro-mbi oc Glais Chuilcc,
Beo-sa Loingseach and do chailg
airdri Ereann ima cuird .i. ima cuairt
Dá uile thoilg
ar mhaidin ag Glais Chuilg;
Mharaigh mé Loingseach ann le claíomh
ard-rí Éireann ina cuairt.

Bhí Loingseach pósta le Muireann ní Cheallaigh mhic Chualann (bás 748), a hathair ina rí na Laighean.[15] Rinneadh Ard-Rí ina an trátha dá mac, Flaithbheartach (bás 765). Bhí mac eile acu, Fearghal, i gceannas arm Uí Néill an Tuaiscirt nuair a bhuaigh siad in éadan na gConnacht sa bhliain 707, mar dhíoltas ar mharú a athair.[16]

Tháinig Conghal Ceannmhaghair (bás 710) i gcomharbacht ar Ard-Rí.

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Charles-Edwards, T.M., Early Christian Ireland. Cambridge University Press, Cambridge, 2000. ISBN 0-521-36395-0
  • Meyer, Kuno (1905). "Cain Adamnain: An Old-Irish Treatise on the Law of Adamnan". Oxford. Clarendon Press.
  1. Francis J.Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 4
  2. AU 666.1
  3. AU 672.1
  4. AT 672.1
  5. M 670.2
  6. AU 695.1, 696.7
  7. T.M. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, lch. 506
  8. AT 695.4, 696.7
  9. Tugtar réimeas 8 mbliana do sa Leabhar Laighneach agus 9 mbliana in Ginealaigh Rawlinson agus Sioncronachtaí Laud
  10. AU 700.1, 700.6
  11. Byrne, lch. 247
  12. AU 703.2
  13. AT 703.2
  14. AFM 701.2
  15. Seathrún Céitinn, Foras Feasa ar Éirinn, Leabhar II, lch. 147
  16. AU 707.2