Compert Mongáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

I miotaseolaíocht na nGael, scéal de chuid Scéalaíocht na Ríthe is ea Coimpeart Mhongáin agus Grá Duibhe Lacha ag Mongán nó b'fhéidir Searc Dhuibhe Lacha do Mhongán[1][2] (Sean-Ghaeilge Compert Mongáin ocus serc[3] Duibe Lacha do Mongán). Caomhnaítear an scéal as Nua-Ghaeilge Mhoch i lámhscríbhinn de chuid na 15ú haoise. Meastar ámh go raibh bunleagan le fáil as Sean-Ghaeilge sa saothar anois caillte, Cín Dromma Snechtai.[4]

Mongán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rí stairiúil de chuid na 7ú haoise ba ea Mongán. Tar éis a bháis, scríobhadh roinnt finscéalta faoi. Feictear é mar mac dia na mara, Manannán mac Lir na dTuath Dé Danann, a cuireadh fáilte roimhe sna Síde. Bhí ar a chumas a chló a athrú i riocht ainmhithe. Is achoimre níos déanaí den desna seanscéalta úd é Compert Mongáin.[5]

Feictear Mongán i leagan eile scéal mar mhac athshaolaithe Fhionn mhic Cumhaill.[4] Feictear é mar mhionphearsa in De chophur in da muccida. Insítear leagan de scéal ghiniúint Mhongáin in Immram Brain.

Scéal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuidíonn Manannán mac Lir le rí Fíachna Finn agus mar chúiteamh éilíonn sé oíche lena bhean chéile, Cáintigearn. Tagann sé chuici i riocht an rí agus gineann sé Mongán léi. Tar éis trí lá, fuadaíonn a athair é, fásann sé san alltar agus foghlaimíonn sé na healaíona draíochta.[4]

Ar an oíche chéanna ar a rugadh Mongán, rugadh fosta Dubh Lacha. Titeann siad i ngrá agus pósann siad a chéile. Mar rí Ulad ámh, tugann Mongán gealltanas meargánta, agus tá air a bhean a ghéilleadh do rí na Laigean. Ní féidir leis bheith gan í, áfach. Baineann sé leas as na cumais draíochta a d'fhoghlaim sé le Manannán agus fuair sé í ar ais arís.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Helmut Birkhan, Kelten. Versuch einer Gesamtdarstellung ihrer Kultur. Verlag der Österreichischen Akademie der Wissenschaften, Wien 1997, ISBN 3-7001-2609-3.
  • Bernhard Maier: Lexikon der keltischen Religion und Kultur, Kröner, Stuttgart 1994, ISBN 3-520-46601-5.
  • Ní Mhaonaigh, Máire, “Mongán’s metamorphosis: Compert Mongáin ocus Serce Duibe Lacha do Mongán, a later Mongán tale”, in: Edmonds, Fiona agus Paul Russell (eag.), Tome: studies in medieval Celtic history and law in honour of Thomas Charles-Edwards, Studies in Celtic History 31, Woodbridge: Boydell Press, 2011. 207–216.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. grá mar ainm briathartha, searc mar ainmfhocal; Máire Ní Mhaonaigh, “Mongán’s metamorphosis", achoimre le feiceáil ar CODECS Curtha i gcartlann 2019-04-08 ar an Wayback Machine
  2. féach fosta serc ar eDIL
  3. serc: grá; ainm briathartha de 'caraid'; le ginideach cuspóirigh de ghnáth, agus gníomhú le LA nó DO; nó sa teanga níos déanaí, cuspóir curtha in úil le DO
  4. 4.0 4.1 4.2 Helmut Birkhan, Kelten. Versuch einer Gesamtdarstellung ihrer Kultur. lch. 871.
  5. Bernhard Maier, Lexikon der keltischen Religion und Kultur, ll. 236 ff.