Leabhar Dhroim Sneachta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Cín Dromma Snechtai)

Is lámhscríbhinn caillte é Leabhar of Dhroim Sneachta (Sean-Ghaeilge Cín Dromma SnechtaiLebor Dromma Snechtai). Meastar gur scríobhadh é san 8ú haois.

Ainm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an focal Sean-Ghaeilge cín, fréamhaithe ó quinque na Laidine. Leabhar beag a bhí i gceist, déanta as cúig leathanach párpháipéar folded.[1]

Ainmníodh an lámhscríbhinn ón áit a bhunúis nó caomhnaithe, is é sin, Droim Sneachta, Contae Mhuineacháin), áit a bunaíodh mainistir sa 6ú haois.[2]

Scoláireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Seathrún Céitinn ar an eolas faoin leabhar, cé is léir nach raibh rochtain aige air, agus a leabhar féin Foras Feasa ar Éirinn á thiomsú aige.[3] Chreid sé gur scríobhadh é roimh theacht Naoimh Phádraig.[4] D'aimsigh an scoláire 19ú-aoise Eoghan Ó Comhraí nóta imill sa Leabhar Laighneach, pas doléite, a rá gurbh mhac Dauí, rí Chonnacht, a thiomsaigh an Cín. Tá Ó Comhraí ar thaobh Ernín mac Dhauí Galaigh,[5] ach measann freisin gurbh mhac Dauí Teanga Umha, rí Chonnacht a fuair bás ag deireadh na 5ú haoise,[6] atá i gceist.

Mhol Rudolf Thurneysen gur scríobhadh an leabhar go luath san 8ú haois. Deir scoláirí eile, ámh, gur scríobhadh sa 9ú nó 10ú haois é, ach tá easaontas ann.

Déantar tagairt don Chín ag a lán lámhscríbhinní luatha Gaeilge is tábhachtaí, ina measc Leabhar na hUidhre, an Leabhar Laighneach, Leabhar Bhaile an Mhóta, an Leabhar Mór Leacáin, agus MS Egerton 88.[3] Gné sunatasach do théascanna a chreidtear go bhfuarthas ann ná a dteanga ársa, ina measc:[3][7]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Dáibhí Ó Cróinín, Early Medieval Ireland, Longman, 1995, ll. 172-173
  2. Thomás Ó Concheanainn, "A Connacht Medieval Literary Heritage: Texts derived from Cín Dromma Snechtai through Lebor na hUidre", Cambridge Medieval Celtic Studies 16, Winter 1988, lch. 3
  3. 3.0 3.1 3.2 John T. Koch, Celtic Culture: A Historical Encyclopedia, Imleabhar 1, ABC-Clio, 2006, ll. 437-438
  4. Dáithí Ó Coimín & Pádraig Ua Duinnín (eag.), The History of Ireland by Geoffrey Keating, D.D., Iml. 1, 1902, lch. 227
  5. nia Niall naoi nGiall agus chomhaois le Pádraig
  6. Eoghan Ó Comhraí, Lectures on the Manuscript Materials of Ancient Irish History, Baile Átha Cliath: James Duffy, 1861, ll. 14-15
  7. James Carney, "Language and Literature to 1169", in Dáibhí Ó Cróinín, A New History of Ireland Vol 1: Prehistoric and Early Ireland, Oxford University Press, 2005, ll. 451-510