Fiachna mac Deamáin
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 627 |
Teaghlach | |
Páiste | Maol Cobha mac Fiachna, Dúnchadh mac Fiachna |
Athair | Demmán mac Cairill |
Rí na nUladh den Dál Fiatach ba ea Fiachna mac Deamáin (Sean-Ghaeilge Fiachnae mac Demmáin) (bás 627), aitheanta scaití faoin ainm Fiachnae Dubtuinne,[1] Demmán mac Cairill (bás 572), rí Ulad ba ea a athair, Baotán mac Cairill (bás 581) a uncail.[2][3][4] Tháinig sé i gcomharbacht ar a uncail mar rí Dhál Fiatach sa bhliain 581. Bhí sé i gcoróin mar rí na nUlad ó 626 go 627.
Bhíodh comhrac idir an dá Dhál, Fiatach agus Araí, le haghaidh ríogacht na nUlad. Feictear Fiachna don chéad uair sna hannála ag Cath Chúl Caoil (Cill Chaoil, Contae an Dúin, b'fhéidir) sa bhliain 601, áit a chloígh Fíachnae mac Báetáin den Dál nAraidi é.[5][6][7] Is amhlaidh go raibh Fiachna mac Baotáin an ionsaitheoir sa chás seo. Sa bhliain 626, troideadh Cath Leithit Midind (Cnoc Leithid, Contae Aontroma an lae inniu) eatarthu, inár bhuaigh Fiachna mac Deamáin agus maraíodh Fiachna mac Baotáin.[8][9][10][11]
Rinneadh rí Ulad d'Fhiachna ansin, ach cloíodh é féin agus maraíodh é ag rí Dhál Riada, Connadh Cearr, ag Cath Ard Corainn sa bhliain 627.[12][13][14][15][16] Insítear i nAnnála Chluain Mhic Nóis go ndearnadh seo mar dhíoltas ar dhúnmharú Fhiachna mac Baotáin.
Ba iad a leanas a mhná céile:[17]
- Cumne Dub, iníon Furudráin mhic Bhéicce Uí Tuirtri. Máthair Dhúnchadha mhic Fhiachna (bás c. 644), rí Ulad ba ea i; agus iníne darbh ainm Dubh Lacha, a phós Mongán mac Fiachna mhic Bhaotáin (bás 625).
- Cumne Find, iníon Bhaotáin Chaoch de Dál nAraide agus deirfiúr Fhiachna mhic Bhaotáin. Máthair Mhaoil Chobha mhic Fhiachna (bás 647), a king of Ulaid, ba ea i; agus mic darbh ainm Suibhne.
Sinsear gach rí Dhál Fiatach a tháinig ina dhiaidh ba ea Fiachna.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Corpus of Electronic Texts
- Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
- Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
- Gearoid Mac Niocaill (1972), Ireland before the Vikings, Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan
- Dáibhí Ó Cróinín (2005), A New History of Ireland, imleabhar 1, Oxford: Oxford University Press
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1 tonn (d), craiceann, ar eDIL; mar sin, dúchraicneach
- ↑ Byrne, Tábla 6
- ↑ Charles-Edwards, aguisín XXI
- ↑ Mac Niocaill, lch. 155
- ↑ Annála Uladh, AU 601.3, 602.3
- ↑ Annála Tiarnaigh, AT 600.3
- ↑ Mac Niocaill, lch. 88
- ↑ AU 626.1
- ↑ AT 627.1; Mac Niocaill, lch. 88
- ↑ Byrne, lch. 111
- ↑ Ó Cróinín, lch. 218
- ↑ AU 627.1
- ↑ AT 628.1
- ↑ Mac Niocaill, lch. 88
- ↑ Byrne, lch. 111
- ↑ Ó Cróinín, lch. 218
- ↑ Mac Niocaill, ll. 88-89