Dúnchadh mac Fiachna

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDúnchadh mac Fiachna
Beathaisnéis
Básc. 644
Teaghlach
TeaghlachDál Fiatach Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteCongal Ceannfhada mac Dúnchadha Cuir in eagar ar Wikidata
AthairFiachna mac Deamáin
SiblínMaol Cobha mac Fiachna

Rí na nUladh den Dál Fiatach ba ea Dúnchadh mac Fiachna (Sean-Ghaeilge Dúnchad mac Fiachnai) (bás c. 644)[1] Iar-rí na nUlad ba ea a athair Fiachna mac Deamáin (na 627).[2][3][4] Bhí ríogacht na nUlad bainte ar ais ag an Dál Fiatach i ndiaidh Cath Mhagh Roth in 637, agus choinnigh siar í go dtí 674. Bhí Dúnchadh i gcoróin ó 637 – c.644.

Bhíodh imreas clainne i measc an Dáil san aimsir sin. Bhí máthair Dhúnchadha, Cumne Dub ingen Furudráin de mhuintir Uí Thoirtre as Oirialla, pósta tráth lena sheánuncail, Báetán mac Cairill (bás 581), agus bhí clann aici leis. Mharaigh deartháir Dhúnchadha, Maol Dúin mac Fiachna, an chlann seo, sa bhliain 605.[5][6][7] Cuireadh, bac ar Mhaol Dúin, ámh, óir go deimhin gur mharaigh Dúnchadh féin é, i nÓenach Deiscirt Maige (is dóigh i ndeisceart Mhuirtheimhne, i gContae Lú an lae inniu).[8]

Rí Ulad freisin ba ea a mhac, Congal (bás 674).

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
  • Gearoid Mac Niocaill (1972), Ireland before the Vikings, Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan
  • Dáibhí Ó Cróinín (2005), A New History of Ireland, Imleabhar 1, Oxford: Oxford University Press

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. I nAnnála na gCeithre Máistrí, AM 643
  2. Byrne, Tábla 6
  3. Charles-Edwards, aguisín XXI
  4. Mac Niocaill, lch. 155
  5. Annála Uladh, AU 605.2
  6. Annála Tiarnaigh, AT 604.3
  7. Ó Cróinín, lch. 217
  8. Ó Cróinín, lch. 219