Mongán mac Fiachna
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 625 (Féilire Ghréagóra) |
Teaghlach | |
Athair | Fíachnae mac Báetáin |
Siblín | Eochaidh Iarlaithe agus Cathassach mac Lurgain |
Prionsa na gCruithne ba ea Mongán mac Fiachna (Sean-Ghaeilge Mongán mac Fíachnai) (bás c. 625). Ba é Fiachna mac Baotáin a athair. Ní fios ach fíorbheagán go cruinn maidir lena shaol. Ní fhaightear ach tuairisc a bháis sna hannála Éireann. Feictear é mar phearsa i Scéalaíocht na Ríthe, ina ndeirtear gur mhac Manannán mac Lir é, agus b'fhéidir athionchollú an laoich sheanscéalaigh, Fionn mac Cumhaill den Fhiannaíocht.
Is é Coimpeart Mhongáin (Compert Mongáin) scéal a bhreithe agus a shaoil óig, caomhnaithe i Leabhar Buí Leacáin agus Leabhar na hUidhre.
Compert Mongáin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Féach freisin Compert Mongáin
Caomhnaítear trí leagan den scéal. Téann na leaganacha atá ar marthain siar go dtí an 10ú nó 11ú haois, ach creidtear go raibh leaganacha nua luaite le fáil sa lámhscríbhinn Cín Dromma Snechtai anois caillte.
Sa scéal Compert Mongáin, d'fhág dia na mara Manannán mac Lir, mac ar Cáintigern, bean chéile Fiachna, agus eisean ar fheachtais le Áedán mac Gabráin Dhál Riada. Aontaíonn na leaganacha uile go ndearnadh margadh éigin inár lig Manannán a bheo le Fiachna, ar son oíche le Cáintigern.
Faightear leagan luath den scéal in Iomramh Bhrain,áit a thugann Manannán tuar faoi bhreith agus meon diaga Mhongáin do Bhran. Maidir leis na rannta úd, deir Charles-Edwards gur "deismireacht liteartha" atá ann, agus de réir Carney, "urtheilgean fileata". Is dócha gurbh é an rún bunaidh na mairnéalacht Mongán a nholadh go hárd..[1][2][3][4]
Tugann Manannán Mongán leis go dtí Tír Tairngire — alltar cisil le Tír na nÓg — áit a d'fhoghlaim sé shapeshifting agus eolas diamhair eile. Déantar tagairt ar chumas Mongáin a riocht a athrú sa scéal den 9ú haois, De chophur in dá muccida, réamhscéal don Táin Bó Cuailnge le fáil sa Leabhar Laighneach.[5][6]
Agus Mongán san alltar, mharaigh Fiachna mac Deamáin a athair. Iarrann na hUlaid ar Mhanannán Mongán a chur chucu mar rí, ach fanann sé san alltar le deich mbliana eile. Filleann sé fiú ghuais agus é sé bliana déag d'aois. Déantar conradh go roinnfear Ulaid idir Fiachna agus Mongán, agus go bpósfaidh that Mongán iníon Fhiachna Dubh Lacha iníon Fhiachna. In ann trátha, maraon Mongán a athair chéile mar dhíoltas as dúnmharú a athar.
Croineolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ní ionann croineolaíocht an scéil seo agus taifid na n-annál (m.s. Annála Uladh agus Annála Tiarnaigh):
- Maraíodh Fiachna mac Baotáin i mbun catha in éadan Fhiachna mhic Dheamáin bliain tar éis bhás Mhongáin[7]
- Maraíodh Fiachnae mac Demmáin dhá bhliain tar éis bás Mhongáin, i mbun catha in éadan Chonnadha Chearr.[8]
Fionn athshaolaithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá scéal amháin ann a insíonn achrann idir Mongán agus an file, Forgoll, bunaithe b'fhéidir ar an bhfile agus naomh stairiúil, Dallan Forgaill.
Maíonn Forgoll go bhfuil a fhios aige conas a fuair an tArd-Rí seanscéalach Fothad Airgthech bás, ach séanann Mongán nach raibh an ceart aige. Déanann Forgoll bagairt air go gcuirfidh sé mallacht air agus go ndéanfaidh sé aoradh air as ucht an mhasla seo, agus nach nglacfaidh sé ach le bean chéile Mongáin, Breothigernd, mar chúiteamh. Tagann eachtrannach saoithiúil ar an bhfód a mhaíonn go raibh Mongán i dteannta leis nuair a mhaireadh sé Fothad, agus dá bharr, déanann sé bréag le Forgall. Ag deireadh an scéil, nochtar é gur laoch seanscéalach na bhFiann, Caílte mac Rónáin ag ba ea an t-eachtrannach, agus gur athionchollú Fhionn mhic Cumhaill ba ea Mongán.[9][10][11][12]
Alltar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Caomhnaítear dhá scéal gearra maidir le Mongán agus an t-alltar, a théann siar go dtí deireadh na 10ú haoise ní go go luath san 11ú haois.
I scéal amháin, Scél Mongáin,[13] buaileann Mongán agus an file Forgoll le dalta bocht. Glacann Mongán trua ar an dalta agus cuireann sé go dtí an t-alltar é chun ór, airgead agus séad lómhar a thabhairt ar ais leis, agus gur féidir an dalta an t-airgead a choinneáil do féin. Tarlaíonn pas beag eile sa scéal ach chur síos ar mhórgacht an alltair.[14][15]
Deirtear go dtarlaíonn scéal eile, Tucait Baili Mongáin ("Tucaid[16] Buile Mhongáin"), sa bhliain 549 agus a bhfuair Ciarán Chluain Mhic Nóis bás agus a rinneadh Diarmaid mac Cearbhaill ina Rí na Teamhrach éis bhás Thuathail Mhaolghairbh. Iarrann Findtigernd a bhean chéile ar Mhongán an scéal faoina thuras go dtí an t-alltar a insint. Agus iad ag Cnoc Uisnigh, tarlaíonn casairneach osnádúrtha. Agus í, tagann Mongán, a bhean, a fhile agus seachtar comrádaí ar áras le crainn thart timpeall air. Téann siad isteach agus tugann na háitritheoirí fáilte rompu. Tugtar deoch do Mhongán agus insíonn sé scéal a thurais théis sin. Cé gurb amhlaidh é nach raibh siad san áras ach le tamall gairid, nuair a imíonn siad, tá bliain caite, agus tá siad anois ag baile Mhongáin i Ráth Mór, gar do Latharna, 150 míle ar shiúl.[17][18]
Mná chéile agus clann
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa scéal faoi Forgoll agus Fothad, deirtear go bhfuil Mongán pósta le Breothigernd,[19][20] ach sa scéal Tucait Baili Mongáin, Findtigernd is ainm di.[21] Sa Bhanseanchas fáil sa Leabhar Laighneach leat file na Laigean Gilla Mo-Dutu (bás 1147), Dubh Lacha is ainm di.[22]
I leagan eile de Compert Mongáin, darb ainm Compert Mongáin ocus Serc Duibe Lacha do Mongán[23] (Coimpeart Mhongáin agus Searc Dhuibhe Lacha do Mhongán), faightear tochmharc fada idir Mongán agus Dubh Lacha iníon Fhiachna mac Deamáin, ina bhfeictear Brandub mac Echach mar mhórphearsa. Sa scéal seo, baineann Mongán go minic usual as a chuid cumhachtaí athrú riochta agus draíochta Mhongáin.[24][25]
Tá tríú scéal ann a insíonn mar dhea an fáth a raibh Mongán gan clanna. Agus Mongán agus file leis, Eochaid Rígéiges (bunaithe arís b'fhéidir ar Dhallán Forgaill) ar turas, fiafraítear díobh cialla logainmneacha a mhíniú, agus i ngach cás, cuireann Mongán náire ar Eochaidh, agus cuireann Eochaidh dá bharr mallacht air nára raibh clann uaisle aige agus gura tuathánaigh a shleachta.[26][27]
Yeats agus Clarke
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thóg Yeats Mongán mar phearsa ina cuid scríbhneoireachta, na dánta "Mongan laments the Change that has come upon him and his Beloved" agus "Mongan thinks of his past Greatness" (The Wind Among the Reeds, 1899) san áireamh.
Is dráma grinn é The Plot Succeeds; a Poetic Pantomime (1950) le hAustin Clarke, bunaithe ar scéal Mhongáin agus Dhuibhe Lacha.
Bás
[cuir in eagar | athraigh foinse]De réir thaifead a bháis i nAnnála Tiarnaigh[28] mharaigh Mongán de chloch caite ag Artúr mac Bicior, Briotanach a deirtear, nó Cruithneach de réir Kuno Meyer. Tá dán i dteannta leis, luaite le Bécc Bairrche mac Blathmaic, rí Ulad:
- Is uar in gáeth dar Ile,
do fuil oca i Cínd Tire,
do-genat gnim amnus[29] de,
mairbfit Mongan mac Fiachnae. - Is fuar an ghaoth thar Ìle
Fuil aice i gCinn Tíre
déanfar gníomh amhnas de,
marófar Mongán mac Fiachna.[30]
Féach freisin Mionannála as Egerton 1782: 615–643[31]
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- "Annals of Ulster AD 431–1201" (2003). CELT: Corpus of Electronic Texts. Dáta rochtana: 23 Márta 2008.
- "Annals of Tigernach" (1996). CELT: Corpus of Electronic Texts. Dáta rochtana: 23 Márta 2008.
- Anderson, Alan Orr (1922). "Early Sources of Scottish History A.D. 500 to 1286" I. Stamford: Paul Watkins.
- Byrne, Francis John (1973). "Irish Kings and High-Kings". Londain: Batsford.
- Carney, James (2005). "Prehistoric and early Ireland" I: 451–510. Oxford: Oxford University Press.
- Charles-Edwards, T. M.. "Early Christian Ireland". Cambridge: Cambridge University Press.
- Kinsella, Thomas (1970). "The Tain. Translated from the Irish epic Táin Bó Cuailnge". Oxford: Oxford University Press.
- Mac Cana, Proinsias (2007). "Ireland and Wales in the Middle Ages": 17–45. Dublin: Four Courts Press.
- MacKillop, James (1998). "Oxford Dictionary of Celtic Mythology". Oxford: Oxford University Press.
- Meyer, Kuno (1895). "The Voyage of Bran son of Febal to the Land of the Living". Londain: D. Nutt.
- White, Nora (2006). "Compert Mongáin and three other early Mongán tales" 5. Maynooth: Department of Old and Middle Irish, National University of Ireland. ISSN 1393-970X.
- Wiley, Dan (2004). "The Cycles of the Kings". Curtha i gcartlann 2008-12-27 ar an Wayback Machine
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Carney, ll. 504–504
- ↑ Charles-Edwards, lch. 202
- ↑ MacKillop, ll. 218–219, "Fiachnae mac Báetáin" & ll. 333–334, "Mongán"
- ↑ Wiley, Compert Mongáin.
- ↑ Carney, lch. 470
- ↑ Kinsella, ll. 46–50 & 260–261.
- ↑ Féach Compert Mongáin ocus Serc Duibe Lacha do Mongán (thíos; Meyer, Aguisín V), ina bhfuair Fiachna bás agus Mongán sé bliana d'aois.
- ↑ MacKillop, ll. 333–334, "Mongán"; Meyer, Aguisín V.
- ↑ Byrne, lch. 112
- ↑ Meyer, Appendix II
- ↑ Wiley, Scél asa mberar co mbad hé Find mac Cumaill Mongán ocus aní día fil aided Fothaid Airgdig
- ↑ MacKillop, ll. 333–334, "Mongán".
- ↑ Wiley, Scél Mongáin.
- ↑ Meyer, Appendix III
- ↑ Wiley, Scél Mongáin.
- ↑ tucaid 1. Lit cúis
- ↑ Meyer, Aguisín IV
- ↑ Wiley, Tucait Baili Mongáin.
- ↑ Meyer, Aguisín II
- ↑ Wiley, Scél asa mberar co mbad hé Find mac Cumaill Mongán ocus aní día fil aided Fothaid Airgdig.
- ↑ MacKillop, ll. 333–334, "Mongán".
- ↑ Meyer, Aguisín IX.
- ↑ Compert Mongáin ocus Serc Duibe Lacha do Mongán ar CODECS
- ↑ MacKillop, lch. 52, "Brandub", ll. 154–155, "Dub Lacha", & ll. 333–334, "Mongán"
- ↑ Meyer, Aguisín V.
- ↑ Wiley, Cid dia tall Eochaid Rígéiges degiartaige ó Mongán?
- ↑ MacKillop, lch. 185, "Eochaid Éigeas".
- ↑ Annála Tiarnaigh, AT 626.6. Another different verse is included in the notice of Mongán's death in the Annála Uladh, AU 625.2.
- ↑ amnas, amhnas, dian, géar, ar eDIL
- ↑ Anderson, ll. 147–148
- ↑ Suibne Menn, Fíachna mac Báetáin, Mongán ar CELT