Tuathal Maolgharbh
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Bás | 544 (Féilire Ghréagóra) |
| Ardrí na hÉireann | |
| 534 – 544 ← Muircheartach mac Muireadaigh – Diarmaid mac Cearbhaill → | |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | monarc |
| Teaghlach | |
| Athair | Cormac Cáech (?) |
Ard-Rí na hÉireann ba ea Tuathal mac Cormaic (Sean-Ghaeilge: Túathal mac Cormaic), aitheanta mar Tuathal Maolgharbh (Túathal Máelgarb) (bás 544). Meastar gur gharmhac Cairbre mac Néill é. Sna scéalta is luaite, is amhlaidh gurbh eisean a rinne concas na dtailte a d'éireodh ina ríocht Bhreá, ar son mhuintir Néill.
Cé go dtugtar dó sna ginealaigh an t-ainm 'Tuathal mac Cormaic Chaoch mhic Cairbre mhic Néill Naoighiallaigh', ní hionann seo agus an cur síos den 7ú haois sa Bheatha Naomh Pádraig le Tíreachán, a mhaíonn gur chuir Pádraig mallacht ar Chairbre agus a shliochtaigh ná raibh duine acu ina rí Theamhrach. Um an neamhréir seo a réiteach, d'fhág naomhsheanchais níos deireanaí Tuathal amach ón mallacht.[1]
Ó thaobh na n-annál de, níl ach aon iontráil suntasach amháin maidir le Tuathal. Is tuairisc é seo faoi bhua a bhain sé amach in éadan na gCiannacht: "Cath Luachra eiter da Inber", timpeall na bliana 535.[2][3] Logainm coitianta is ea Luachair, agus ní fios go cruinn cén inbhir atá i gceist.[4][5] Creidtear gur bhunaigh an bua seo ceannas Uí Néill ar na Ciannachta agus ar Mhaigh Bhreá.[6] Cé nach taifid chomhaosacha iad na hiontrálacha seo sna hannála Éireann, molann an teanga iontu gur an-luath iad, ag dul siar b'fhéidir ó dheireadh na 6ú haoise.[7]
Deirtear gur maraíodh Tuathal sna 540í. Faightear tuilleadh eolais a bhuí le gluaiseanna níos deireanaí ar na hannála, agus le scéalta faoi {{h|Diarmaid mac Cearbhaill]] agus Naomh Ciarán Chluain Mhic Nóis, ach is dócha gur nósanna i bhfad níos déanaí iad. Insítear iontu go raibh Tuathal ag iarraidh an ruaig a chur ar Dhiarmaid, ach ina ionad sin maraíodh Tuathal ag leasdeartháir Dhiarmada ar thaobh a mháthar — nó a ghaol uchtála, de réir eile — Máel Mordha Ua Machí nó Máel Mór mac Argadaín. Maraíodh Maol Mordha féin ar an dtoirt.[8][9][10]
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- The Annals of Tigernach, 1996, aisghafa 2008-05-26
- The Annals of Ulster AD 431-1201, 2003, aisghafa 2008-05-26
- Byrne, Francis John (1973), Irish Kings and High-Kings, London: Batsford, ISBN 0-7134-5882-8
- Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
- Charles-Edwards, T. M. (2004), "Muirchertach mac Muiredaig (d. 534)", Oxford Dictionary of National Biography, Oxford: Oxford University Press, aisghafa 2007-10-22
- Charles-Edwards, T. M. (2004), "Tuathal Máelgarb mac Cormaic (fl. 535–539)", Oxford Dictionary of National Biography, Oxford: Oxford University Press, aisghafa 2008-05-08
- De Paor, Liam (1997), Ireland and Early Europe: Essays and Occasional Writings on Art and Culture, Dublin: Four Courts Press, ISBN 1-85182-298-4
- Irwin, Philip (2004), "Coirpre mac Néill (supp. fl. 485–494)", Oxford Dictionary of National Biography, Oxford: Oxford University Press, aisghafa 2008-05-12
- Mac Niocaill, Gearóid (1972), Ireland before the Vikings, The Gill History of Ireland, vol. 1, Dublin: Gill and Macmillan, ISBN 0-7171-0558-X
- Mac Shamhráin, Ailbhe; Byrne, Paul (2005), "Kings named in Baile Chuinn Chétchathaig and the Airgíalla Charter Poem", in Bhreathnach, Edel (ed.), The Kingship and Landscape of Tara, Dublin: Four Courts Press, pp. 159–224, ISBN 1-85182-954-7
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Mac Shamhráin & Byrne, "Prosopography", ll. 175–176 & 181.
- ↑ Annála Uladh, AU 535.2 & AU 539.2
- ↑ Annála Tiarnaigh, AT 533 (cóipeáilte i nAnnála Uladh)
- ↑ Charles-Edwards, Early Christian Ireland, lch. 451; moltar An Bhóinn (Contae Lú) agus An Ainí (Contae na Mí), sin nó an Ainí agus an Dealbhna (Contae na Mí)
- ↑ Mac Shamhráin & Byrne, ll. 181–182
- ↑ Charles-Edwards, Early Christian Ireland, lch. 468; Charles-Edwards, "Túathal".
- ↑ Charles-Edwards, Early Christian Ireland, lch. 451.
- ↑ Charles-Edwards, "Túathal"
- ↑ Annála Uladh, AU 544.1
- ↑ Annála Tiarnaigh, AT 543.1.
| Réamhtheachtaí Muirchertach mac Ecrae |
Ard-Rí na hÉireann 528-538 |
Comharba Diarmait mac Cerbaill |