Aodh Dubh mac Suibne
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 6 haois |
Bás | 588 |
Gníomhaíocht | |
Gairm | rí |
Rí an Dáil Araí, agus b'fhéidir rí Ulad, ba ea Aodh Dubh mac Suibne (Sean-Ghaeilge Áed Dub mac Suibni) (bás c. 588). Tháinig a ghar-nia, Fiachna mac Baotáin, i gcomharbacht air.
Mharaigh Aodh Dubh Diarmaid mac Cearbhaill, Ard-Rí deireanach na hÉireann a rinneadh rí de le deasghnáth réamhChríostaí. I leaganacha áirithe, ba mhac altrama Dhiarmada é Aodh. Insítear i nAnnála Tiarnaigh gur mharaigh Aodh Diarmaid sa bhliain 565 ag Ráith Bheag, ar Mhaígh Line (gar do Latharna), i gcríocha an Dáil Araí.
In Vita sancti Columbae le Adhamhnán, insítear[1] go ndearnadh sagart d'Aodh Dubh, oirniú bréige de réir Adhamhnáin mar gheall ar a chlú foréigin. Nuair a chuala Colm Cille an scéala, thug sé tairngreacht: "fillfidh sé mar mhadra chuig a mhúisc; beidh sé arís ina dhúnmharfóir fuilteach; agus faoi dheireadh, marófar é le sleá, titfidh sé ó adhmaid i n-uisce isteach agus báfaidh sé." Is sampla é seo den bhás miotasach faoi thrí.[2]
Insíonn Adhamhnán fosta gur leannán sagairt darbh ainm Finchan, bunaitheoir mainistreach ar Thiriodh, ba ea Aodh Dubh. Bhí dúil ag an mbeirt fhear "go collaí".[3]
Is amhlaidh ó chur síos Adhamhnáin gur cuireadh Aodh as a choróin (nó b'fhéidir gur éirigh sé as), agus chaith sé tréimhse i mainistir sa Bhreatain sular fhill sé go hUlaid, ag iarraidh a choróin a thógaint ar ais. Mar a tuairiscítear é sna hannála,[4][5] tá nod den tuar ann, nuair a deirtear gur maraíodh Aodh ar bord loinge, rud a mheastar a tharla ar Loch nEathach.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Adomnán, Life of Saint Colm Cille, Richard Sharpe. Penguin, Londain, 1995. ISBN 0-14-044462-9
- Byrne, Francis John, Irish Kings and High-Kings. Batsford, Londain, 1973. ISBN 0-7134-5882-8
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Leabhar I, Cuid 36
- ↑ Diarmaid mac Cearbhaill fosta
- ↑ Adomnan of Iona, Life of St Columba, Penguin books, 1995, ll. 138-139
- ↑ Annála Uladh, AU 588
- ↑ Annála Tiarnaigh, AT 579