Eochaidh Buí
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 6 haois |
Bás | 629 |
Liosta Ríthe Dhál Riada | |
608 – 629 ← Aodhán mac Gabhráin – Connadh Cearr → | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Teaghlach | |
Páiste | Domhnall Breac, Conall Crannomhna, Connadh Cearr |
Athair | Aodhán mac Gabhráin |
Rí Dhál Riada san Albain agus oirthuaisceart Éireann ba ea Eochaidh Buí (Meán-Ghaeilge Eochaid Buide) ón mbliain c. 608 go dtí 629.
Áedán mac Gabráin ba ea a athair, agus d'éirigh sé ina rídhamhna tar éis bhásanna a dheartháireacha níos sine Artúr, Eochaidh Fionn and Domhanghart. Dar le Beatha Naoimh Cholm Cille le hAdomnán, rinne an Naomh tuar go dtiocfadh Eochaidh óg i gcomharbacht ar a athair in n-ionad.
Sa dá bhliain dheireanacha dá réimeas, 627–629, is amhlaidh go raibh Eochaid ina leath-rí le Connad Cerr, a d'éag roimhe. Tháinig a mhac Domnall Brecc i gcomharbacht ar Eochaidh.
Is iad a leanas na mic eile le hEochaid a fheictear i Seanchas Fear Alban:
- Conall Crandomna
- Failbhe (a d'éag ag Cath Fid Eoin)
- Cú-gan-máthair (tuairiscítear a bhás i nAnnála Uladh don bhliain 604)
- Conall Beag
- Connad nó Conall Cerr (b'ionann é b'fhéidir is Connad Cerr a d'éag ag Fid Eoin)
- Failbhe
- Domhanghart
- Domhnall Donn (Níorbh ionann é agus Domnall Donn, murar cuireadh a thásc as áit le 45 bliain, cosúil le Ferchar mac Connaid)
Dar leis an seanscéal Fleadh Dhún na nGéanna, seanathair le Congal Cáech ba ea Eochaidh. Tá nithe mí-aimseartha sa scéal óir go ndeirtear an go raibh Eochaidh beo ag Cath Maige Rátha (a tharla go deimhin faoi cheann sin bhliain de 637). B'fhéidir é áfach gur mhac le hiníon Eochach é Conghal, dá mba fíor go bhfuair Cú-gan-máthair bás mar a thuairiscítear.
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Adomnán, Life of St Columba, aistr. & eag. Richard Sharpe. Penguin, Londain, 1995. ISBN 0-14-044462-9
- Anderson, Alan Orr, Early Sources of Scottish History A.D 500–1286, imleabhar 1. Athchló. Paul Watkins, Stamford, 1990. ISBN 1-871615-03-8
- Bannerman, John, Studies in the History of Dalriada. Scottish Academic Press, Dún Éadain, 1974. ISBN 0-7011-2040-1
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Réamhtheachtaí Áedán mac Gabráin |
rí Dhál Riada (? leath-rí le Connad Cerr) 608–629 |
Comharba Domnall Brecc |