Baotán mac Cairill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Dhál Fiatach agus Rí na nUladh ba ea Baotán mac Cairill (Sean-Ghaeilge Báetán mac Cairill) (bás 581),[1][2] ón mbliain c. 572 go dtí a bhás. Cairell mac Muiredaig Muinderg (bás 532) ba ea a athair, agus Deamán mac Cairill (bás 572) a dheartháir, iar ríthe Ulad an bheirt acu.[3][4][5] De réir roinnt foinsí, Ard-Rí hÉireann ba ea é fosta.[6]

Rinne Baotán iarracht a fhlaitheas a chur i gcion ar an Dál Riada dán Albain, agus ar Oileán Mhanainn. Thug annálaithe meánaoiseacha na nUlad an teideal Érenn ocus Alban air. Luann siad dán anois caillte ina ghlacann sé cáin ó Mhumhain, óna Connachta, ón Eilean Sgitheanach agus ó Oileán Mhanainn. Is amhlaidh go ndéanann seo áibhéil faoina chumhacht, agus go gcuireann sé in iúl céard ba ard-rí é le linn ré na hannálaithe, seachas ré Bhaotáin.[7]

Rinn Seimhne, ar Oileán Mhic Aodha gar de Latharna, a bhí an áit ar chuir Baotán iachall an rí Dhál Riada ómós a thabhairt dó, b'fhéidir sa bhliain 574 nó go luath in 575. Meastar gurbh Aodhán mac Gabhráin an rí atá i gceist ann. Deir foinsí Ultaigh fosta gur bhailigh Baotán cáin ón Albain.[8][9][10][11]

Is féidir cumhacht Bhaotáin a mheas trí ghníomhartha a naimhde, Aodh mac Ainmhuireach Uí Néill an Tuaiscirt agus Aodhán mac Gabhráin Dhál Riada. Sa bhliain 575, ag Droim Ceat, bhuail an bheirt acu le chéile agus rinneadh conradh eatarthu, socraithe ag Colm Cille, chun dul i ngleic le Baotán agus é ag iarraidh tionchar Dhál Fhiatach a leathnú thar lear.[12][13][14]

I nAnnála Uladh, insítear go ndeachaigh na hUlaid ar turas chuig Oileán Mhanainn sa bhliain 577 agus arís sa bhliain 578, inar dhearbhaigh Baotán a fhlaitheas ar an oileán.[15][16][17][18][19] Sa bhliain 582, i ndiaidh a bháis, insítear sna hannála gur ghlac Aodhán mac Gabhráin an Oileán.[20][21]

Theip ar Bhaotán ina mhianta, ach tháinig ríthe Ulad ina dhiaidh a raibh de dhúil acu concais agus conartha thar lear, amhail is Fiachna mac Baotáin Dhál Araí sna 620idí agus Congal Caoch sna 630idí.

Bhí Baotán pósta le bean de mhuintir Uí Thoitre as Oirialla.[22] Níor éirigh muintir Bhaotáin, ach sleachta a dhearthár, an chlann Dheamáin, ina ríthe. Maraíodh a mhic ag a gcol ceathrair, Maol Dúin mac Fíachna.[23][24][25]

Seanscéal agus rómáns[cuir in eagar | athraigh foinse]

Molann Don Carleton go bhfuil gaol ó thaobh bhunús de idir an rí Bagdemagus, a fheictear i rómáns Artúrach ar an mór-roinn, agus Baotán mac Cairill. Deir sé fosta gur cur síos vvv ar feachtas in éadan Bhaotáin i ndeisceart na Breataine Bige é tóir na dtorc le fáil sa scéal Culhwch ac Olwen de chuid an Mabinogion.[26]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Annála Uladh, AU 581.2; 587.3
  2. Annála Tiarnaigh, AT 579.3
  3. Byrne, Tábla 6
  4. Charles-Edwards, aguisín XXI
  5. Mac Niocaill, lch. 74
  6. Byrne, ll. 109–111, 285
  7. Byrne, ll. 109–110.
  8. Byrne, lch. 110
  9. Ó Cróinín (EMI) lch. 50
  10. Mac Niocaill, lch. 77
  11. Ó Cróinín (NHI), lch. 216
  12. Byrne, ll. 109–110
  13. Ó Cróinín (EMI), ll. 50– 51
  14. Féach freisin Adhamhnán, Vita le Sharpe, nótaí 84 & 204, áit a molann Sharpe go ndearnadh an conradh sa bhliain 575.
  15. AU 577.6, 578.2
  16. Byrne, lch. 110
  17. Mac Niocaill, lch. 78
  18. Ó Cróinín (EMI), lch. 50
  19. Ó Cróinín (NHI), lch. 216
  20. AU 582.1
  21. AT 580.1
  22. Ó Cróinín (NHI), lch. 216
  23. Ó Cróinín (NHI), lch. 217
  24. AU 605.2
  25. AT 604.3
  26. Carleton, Don (2018), Arthur:Warrior and King, Amberley Publishing, Stroud, ll. 127, 139-141, 149-152