Conall mac Comgaill
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 6 haois |
Bás | 574 |
Ríthe Dhál Riada | |
560 – 574 ← Gabhrán mac Domhanghairt – Aodhán mac Gabhráin → | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Teaghlach | |
Páiste | Connadh Cearr |
Athair | Comhghall mac Domhanghairt |
Rí Dhál Riada san Albain agus oirthuaisceart Éireann ba ea Conall mac Comgaill ón mbliain c. 558 go dtí 574.
Comgall mac Domangairt ba ea a athair. Deirtear gur bhronn sé Oileán Í ar Naomh Colm Cille. Sa Duan Albanach, deirtear go raibh sé ina rí gan freasúra. Tuairiscítear i nAnnála Uladh sin bhliain 568 go ndeachaigh sé ar sluaíocht le Colmán Beag mac Diarmada d'Uí Néill an Deiscirt in Iardoaman isteach.[1] I nAnnála na gCeithre Máistrí tá iontráil níos faide a deir:[2]
- Murchobhlach la Colman m-Becc, mac Diarmata, mic Fergusa Cerrbheoil, & la Conall, mac Comhgaill, toiseach Dal Riada h-i Seil, & i n-Ile, co t-tardsat[3] edála iomdha eistibh.
- ... agus rug éadálacha iomaí libh.
Deirtear sa Seanchas Fear Alban go raibh seachtar mac ag Conall: Loingsech, Nechtan, Artan, Tuathan, Tutio agus Coirpe. Deirtear ámh go raibh Connad Cerr ina mac Chonaill, agus tuairiscítear bás Dúnchadha mhic Conaill i nAnnála Uladh agus i nAnnála Tiarnaigh, i gceannas ar arm mhic Gabráin" i gCinn Tíre.
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Anderson, Alan Orr, Early Sources of Scottish History A.D 500–1286, imleabhar 1. Athchló le ceartúcháin. Paul Watkins, Stamford, 1990. ISBN 1-871615-03-8
- Bannerman, John, Studies in the History of Dalriada. Scottish Academic Press, Dún Éadain, 1974. ISBN 0-7011-2040-1
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Annála Uladh, AU 568.1
- ↑ Annála na gCeithre Máistrí, ACM 565.3
- ↑ do-beir ar eDIL
Réamhtheachtaí Gabrán mac Domangairt |
rí Dhál Riada 558–574 |
Comharba Áedán mac Gabráin |