Tá an cine daonna ag tarraingt ar na beacha seo le fada. Is eol go raibh beachaireacht ann sa chlochaois, le coirceoga tútacha déanta as adhmad, is dócha.[2] Tá pictiúr ar charraig sa Spáinn, ó thart fá 6,000 RC, de dhuine ag glacadh meala ó nead i gcrann.
Is ó thart fá 2,400 RC, ámh, a thagann an fhianaise is sine de bheacha a choinneáil i struchtúr déanta ag duine. Tá íomha i dTeampall in Abu Gorab na hÉigipte de dhuine ag aistriú meala ó choirceog go potaí móra. Ansin rinne feirmeoirí Eorpacha coirceoga as tuí, cosúil le ciseán bun os cionn.
Tá tagairtí do bheachaireacht i ndlíthe Hiteacha ó 1,300 RC. Tá trácht Éireannach, Bechbhretha, ón tseachtú haois AD a phléann leo.
EastarraingteoirRugadh an beachaire Anton Janša ar an 20 Bealtaine1734. Cuimhnítear air mar gheall ar mhéid agus cruth na gcoirceog a athrú ionas gur féidir iad a chruachadh, rud a d’fhág go raibh na coirceoga níos éasca le húsáid agus níos éifeachtaí.[3]
Is iad an dá phríomhchomhlachas beachaireachta in Éirinn sa lá atá inniu ann ná Cónaidhm Chumainn Bheachairí na hÉireann (FIBKA)[6] agus Cumann Beachairí na hÉireann.[7][8]