Jump to content

Bechbretha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharBechbretha
Cineálsaothar neamhfhicsin Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
Foilseachán8 haois Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Príomhábharbeachaireacht Cuir in eagar ar Wikidata

Leabhar dlí meánaoiseach as Sean-Ghaeilge a bhaineann le beachaireacht is ea Beachbhreith (Bechbretha).

Is téacs ársa é a scríobhadh is dócha timpeall na 8ú haoise. Caomhnaítear an leagan is sine (agus an t-aon téacs iomlán) i lámhscríbhinn H.2.15A, i Leabharlann Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, an lámhscríbhinn dlí Éireannach is sine atá ar marthain.

Is an-mhionsonraithe iad na rialacha luaite ann maidir le beacha agus léirítear dá bharr an tábhacht a bhaineadh le mil, lena dhéanadh deoch mheisciúil, i measc nithe eile, i sochaí na hÉireann.

Tá téacsanna den chineál céanna le fáil i leabhair dlí na Breataine Bige, ach níl siad chomh mionsonraithe.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • T. Charles-Edwards & F. Kelly (eag.), Bechbretha: An Old Irish Tract on Beekeeping (Baile Átha Cliath, 1983)