Buile Shuibhne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Baile Suibne)
Jump to navigation Jump to search

I miotaseolaíocht na nGael, scéal de chuid Scéalaíocht na Ríthe is ea Buile Shuibhne (Meán-Ghaeilge Buile Suibne) maidir le Suibhne mac Colmáin, rí Dhál Araí, curtha as a mheabhair ag mhallacht Rónáin Fhionn. Teitheann Suibhne Cath Maige Rátha agus téann sé ar fánach (as a nglaoitear Suibhne Geilt air), go dtí uair a bháis faoi thearmann Naomh Molinge.

Meastar uaireanta gurb an scéal dearanach é Buile Shuibhne i sraith trí scéal, ag leanúint ar aghaidh ó Fled Dúin na nGéd agus Cath Maige Rátha.

Feictear ainm Shuibhne ar dtús i leabhar dlí (Leabhar Acla) de chuid an naoú haois, ach níor scríobhadh an leagan de Buile Shuibhne atá ar marthain inniu go dtí an dara haois déag.[1] Molann Ó Bearra go dtéann an téacs siar ach go dtí an tríú haois déag.

Aithne[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is doiléir é cérbh é Suibhne. Déanann roinnt téacsanna teacht ar daoine éagsúla darb ainm úd maidir le Cath Maighe Rátha.[1] Deir Buile Shuibhne gur Suibhne mac Colmáin Chuair, rí Dhál Araí, atá i gceist.[1] Feictear an Suibhne mac Colmáin seo i nAnnála Tiarnaigh agus i Leabhar Leasa Mhóir.[1] Deirtear i nAnnála Tiarnaigh gur éag Suibhne mac Colmáin ag Magh Ráth. Dá mba fhíor, gaiscíoch marbh agus a chuid samhlaíochta gan dealramh a bheadh ann sa scéal.

Ríocht stáiriúl na gCruithne ba ea Dál Araí,[2] ach ní fheictear duine darb ainm Suibhne mac Colmáin Chuair sna ríliostaí sa its kinglist sa Leabhar Laighneach. Deirtear ann go raibh Congal Claon i gcoróin le linn an ama seo. Mhol James G. O’Keeffe go ndearnadh leasrí de Shuibhne agus Congal ar deoraíocht.[3]

Téacs[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá trí lámhscríbhinn ann ina gcaomhnaítear an scéal:

Is féidir a rá ar an iomlán ó fhianaise teangan go dtéann an téacs siar go dtí 1200–1500. Mhol John O'Donovan ámh nach foláir gur mhair an scríbhneoir roimh 1197, nuair a fuair bás rí Thír Chonaill deireanach, Flaithbheartach Ó Maoldóraidh, a bhí síolraithe ó Domhnall mac Aodha, óir go raibh sé i gceist ag an staidéar an rítheaghlach seo a chur chun cinn.[4]

Scéal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mallacht an naoimh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Naomh Rónán Fionn lá ag dearadh teorainneacha le haghaidh cille nua ar tailte Shuibhne. Chuala Suibhne fuaim a chloigín, agus rith sé chun a ruaig a chur air. Rinne Eorann bean chéile Suibhne iarracht é a stopadh, ag breith greim ar a bhrat, ach thit sé anuas de, á fhágáil lomnocht. Sciob Suibhne saltair Rónáin agus chaith sé í insan loch. Rug sé greim láimhe ar an naomh agus thosaigh sé é a tharraingt as ach tháinig ansin teachtaire ó Chongal Claon ag lorg cabhrach ag Cath Maige Rátha.

An lá dar gcionn, thug dobharchú an tsaltair ar ais. Chuir an naomh mallacht ar Shuibhne, á condemning dul ar fánach lomnocht timpeall an domhain, agus go n-éagfadh sé pollta de gha.

Agus an cath ar siúl, bhí sos cogaidh idirghafa ag naomh Rónán, i bhfeidhm i rith na hoícheanta, ach bhriseadh Suibhne é. Bhí Rónán agus a bhráithre lá ag beannú na ngaiscíoch agus beannaíodh Suibhne freisin le huisce. Ag glacadh seo mar mhasla, mharaigh sé bráthair le ga, agus chaith sé ceann eile i dtreo Rónáin féin. Rinne an ga poll trí chloigín Rónáin, agus léim an crann san aer. Deir Rónán arís a mhallacht: go rachadh Suibhne ar fánach timpeall an domhain ar nós éin, cosúil le crann an gha; go seasfadh sé ar chraobhacha le fuaim chloigín; agus go n-éagfadh sé de gha cosúil leis an mbráthair.

Ag troid arís, cuireadh Suibhne as meabhair ag lascadh na n-arm. D'imigh an mothú as a lámha, thit a ghléasa troda, agus shiúil sé go héadrom mar a bheadh sé ina éan ag eitilt.[5][6] Nochtar é níos deireanaí go raibh cleití éin tar éis fásta air.[7]

An gealt ar fánach[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhág Suibhne Geilt láthair an chatha, agus shroich sé Ros Bearaigh i nGleann Earcáin[8] air a sheas sé ar chrann iúir. Tháinig a ghaol Aonghas Ramhar air agus é ag cúlú ón gcath.

Theith Suibhne ansin chuig Cill Riáin (Cell Riagain) i Tír Chonaill, agus sheas sé ar crann eile. Rinne airm a namhad, Domhnall mac Aodha buaiteoir, fáinne thart ar Shuibhne agus é ann. Mhol Domhnall Suibhne agus bhí trua aige dó agus thairg sé bronntanais dó, ach ní nglacfadh an gealt iad.[9]

Chuaigh Suibhne abhaile chuig Glenn Bolcáin,[10][11] gleann mór le rá na ngealt. D'imigh sé leis ansin ar fánach ar fud na hÉireann, ag filleadh abhaile arís seacht mbliana ina dhiaidh sin.[12][13]

Bhí gaol le Suibhne darbh ainm Loingseachán ar a thóir. Bhí deis aige éa glacadh mar rinne sé curtha faoi thrí, ach theip air an uair seo. Thug Suibhne ansin cuairt ar a bhean chéile Eorann a bhí in aontíos le fear eile, éilitheoir coróin Shuibhne. Mhaígh Eorann gurbh fhearr léi a fear chéile, ach dúirt Suibhne leo fanacht leis a fear nua. Rinne arm ionradh, ach theith Suibhne.[14]

D'fhill Suibhne ar ais chuig an gcrann iúir i Ros Bearaigh. Tháinig Eorann chun é a ghabháil, ach bhog sé go crann eile i Ros Earcáin. D'aimsigh Loingseachán ann é, agus mheall see den crann é, ag rá gur éag a chlann go léir. Thóg Loingseachán ar ais abhaile é agus leigheas sé a mheabhair.

Agus Suibhne ag téarnamh, thús cailleach muilinn, máthair chéile Loingseacháin, a dhúshlán éis gcompártas léimthe. Agus iad ag léimt, cuireadh Suibhne as a mheabhair arís ag torann bhuíon seilge. Sa deireadh, thit an chailleach agus briseadh ina smidiríní í. Ní raibh Suibhne in ann filleadh ar ais chuig Dál Araí roimh dhíoltas Loingseacháin.[15][16]

Ina dhiaidh seo, chuaigh Suibhne ar fánach trí Éirinn, Albain agus oirthear na Breataine, ó Ros Comáin go Sliabh Eachtaí, Sliabh Mis, Sliabh Bladhma (creideann O'Keeffe Sliabh Mis i gContae Aontroma[17]); Inis Muirígh; Uaimh Dhonnán Eige sna Inse Ghall Istigh;[18] agus le mí go leith i nAilsa Craig.[19] Shroich sé an Bhreatain agus d'éirigh sé mór le Fear Coille (Fer Caille), gealt eile, agus d'fhan sé leis ar feadh bliana. D'éag an Briotanach de réir tuair ag bádh in eas.[20]

Bás de réir tuair[cuir in eagar | athraigh foinse]

sirfidh Éirinn 'na gheilt ghlas
agus bidh do rinn raghas

D'fhill Suibhne ar ais go hÉirinn, abhaile chuig Gleann Bocáin. Thug sé cuairt ar a bhean chéile Eorann arís ach dhiúltaigh sé dul isteach ar eagla go ngabhfaí é. Dúirt Eorann leis imeacht agus gan filleadh ar ais, óir gur chuir sé aiféaltas uirthi agus ar cách.[21] I ndiaidh scaithimh, tháinig Suibhne ar a chiall arís agus chinn sé ar dul ar ais chuig Dál Araí, cibé breithiúnas a mbainfeadh dó. Chuala Naomh Rónán an scéala agus ghuigh sé Dia bac a chur ar Shuibhne, agus gnáthnaíodh Suibhne ar Shliabh Fuaidh ag cinn bhainte agus a gcoirp.[22]

Faoi dheireadh, shroich Suibhne Tigh Moling (Contae Cheatharlach),[23] agus thug Mo Ling féin cúnamh dó agus scéal na geilte cloiste aige. Bhí rann inste ag Suibhne roimhe sin go bhfaighfeadh sé bás san áit seo,[24] agus bhí an naomh fosta ar an eolas.[25]

Bhíodh Suibhne ag freastal ar easparta Mo Ling, agus dúirt an sagart le bean, a chócaire, bainne a chur ar fáil dó gach lá. Chuir sí an bainne i bpoll a rinne sí lena cois i roinnt aoileach bó. Chreid Mongán, a fear chéile agus tréadaí Mo Ling, béadán mailíseach raibh coinne acu, agus i reacht éid in a fit of jealousy, mharaigh sé Suibhne le sleá agus é ag ól. D'éag Suibhne de réir tuair as Rónáin, ach chuir Mo Ling an ola dhéanach air "mar éiric".[26][27]

Stíl liteartha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Agus Suibhne ag teitheadh leis, glacann sé sos chun dán a chumadh ar a shuíomh agus a anchaoi. Is lárnach iadd'fhorbairt an scéil a chur síos ar na tuatha, chomh maith lena thruamhéala. Is luachmhar agus cumasach í an fhilíocht. Faightear mion-anailís ar an bhfilíocht in Ó Béarra (2014).[28]

Aistriúcháin agus cóirithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is foinse spreagtha d'ealaíontóirí, go dtí an lá atá inniu ann, é scéal an rí geilte ar deoraíocht, ag cumadh dánta agus é ar fánach.

Tá Suibhne ina chúis spreagtha do go leor filí. Tá aistriúchán Béarla le Seamus Heaney ar an scéal, faoin teideal Sweeney Astray. Príomhphearsa is ea Suibhne sa véarsdráma Sweeney Agonistes le T. S. Eliot. Tá an-chuid den scéal le feiceáil san úrscéal grinn At Swim-Two-Birds le Flann O'Brien. Is aistriúchán Béarla é an teideal den an logainm "Snámh dá éan" le fáil sa scéal.[29] Tá aistriúcháin eile den scéal foilsithe ag an file Éireannach Trevor Joyce, faoin teideal The Poems of Sweeny, Peregrine.[30]

Foilsíodh an chéad leagan NuaGhaeilge den scéal ag Seán Ó Sé sa bhliain 2010.[31]

Feictear Suibhne mar phearsa an úrscéal American Gods le Neil Gaiman agus rinne Pablo Schreiber a pháirt sa sraith TF.[32] Sa sraith úd, insítear gur Lugh é Suibhne i ndáiríre.

I leagan nua-aimsirthe leis an bhfile Patricia Monaghan, pléitear Suibhne mar eiseamláir den ghaiscíoch faoi bhrú "Siondróm Da Costa (Croí an Laoich).[33]

Sa réamhrá dá dhán Heart's Needle,[34] déanann W. D. Snodgrass trácht air The Madness of Suibhne.

Bhunaigh an file agus drámadóir Éireannach Paula Meehan a dteanga 1997 Mrs. Sweeney go garbh ar seanscéal Shuibhne. Pléitear sa dráma an saol mar a bhíodh do Lil, bean chéile Shuibhne. Deir Meehan, "I wondered what it must have been like to be his woman."[35] Is tógálaí colúr é Suibhne, fear chéile Lil, a chúbann isteach ann féin i staid d'éan nuair a fhaigheann sé amach gur maraíodh a colúir.

Scríobh an cumadóir Éireannach an Frank Corcoran sraith saothar bunaithe ar an scéal idir na blianta 1996 agus 2003, san áireamh: cór-shaothar Buile Suibhne / Mad Sweeney (1996, ar nós Heaney); píosa leictreafhuaime Sweeney's Vision (1997); agus saothar aireagail, Sweeney's Smithereens (2000).

San fhinscéal aosaigh óig The Stones Are Hatching le Geraldine McCaughrean foilsithe sa bhliain 1999, insítear gur fágadh na Cogaí Napoléon an-suaite é Mad Sweeney.[36][37]

Sa bhliain 2017, chum Noah Mosley an ceoldráma Mad King Suibhne, agus leabhróg le Ivo Mosley. Léiríodh é ag Bury Court Opera, agus cuireadh ar an stáitse fosta é in Messum's Barn, Wiltshire. [38][39][40]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • O'Keeffe, James G. (1913), Buile Shuibhne (The Frenzy of Suibhne). Being the Adventures of Suibhne Geilt. A Middle-Irish Romance, Irish Texts Society, XII, London: D. Nutt, 198pp – via Internet Archive
  • O'Keeffe, James G. (1931), Buile Shuibhne, Medieval and Modern Irish Series, I, Dublin: Stationery Office, 110pp
  • Ó Sé, Seán (2010), Buile Shuibhne, Baile Átha Cliath: Coiscéim, p. 109 Cite has empty unknown parameter: |1= (help)
  • Frykenberg, Brian (2006). "Wild Man in Celtic Legend". In Koch, John T. (ed.). Celtic culture: a historical encyclopedia. 1. ABC-CLIO. pp. 1796–99.
  • Mackillop, James (1998). "Buile Shuibhne". Oxford Dictionary of Celtic Mythology. ISBN 9780198691570.
  • Ó Béarra, Feargal (2014). "Mental health, spirituality, and religion in the middle ages and early modern age": 242–289. De Gruyter. 

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 Sailor, Susan Shaw (1998). "Suibne Geilt: Puzzles, Problems, and Paradoxes". The Canadian Journal of Irish Studies 24: 115–131. doi:10.2307/25515239. 
  2. Mac Néill, Eoin. Phases of Irish History. Port Washington, N.Y.: Kennikat Press, 1919.
  3. O'Keeffe, 1913, lch. xxxi
  4. O'Keeffe, 1913, ll. xiii–xix
  5. O'Keeffe, 1913, ll. 3–15
  6. Dillon, Myles (1948), "Buile Shuibni", Early Irish Literature, Chicago: University of Chicago
  7. O'Keeffe, 1913, lch. 119
  8. Ros Bearaigh may be another forest in the vicinity of Ros Earcáin, Contae Aontroma), which occurs as a separate location in this tale, féach O'Keeffe, 1913, nótaí lch. 162 (do §12, lch. 15), 164 (do §17, lch. 23), 167 (do §35, lch. 51
  9. O'Keeffe, 1913, ll. 15–23
  10. Possibly Gleann Boc, near Ros Earcáin, féach Mackillop, 1998, lch. 47, citing Gearóid Mac Eoin (1962), "Gleann Bolcáin agus Gleann na nGealt" in Béaloideas 30
  11. O'Keeffe could not pinpoint it but also believed it to be somewhere in north Antrim, 1913, lch 164.
  12. O'Keeffe, 1913, lch. x
  13. Mackillop, 1998, Bolcáin, Glenn, lch. 47
  14. O'Keeffe, 1913, ll. 23–39, 41, 45–46
  15. Frykenberg, 2006, lch. 1797
  16. O'Keeffe, 1913, ll. 49–83
  17. O'Keeffe, 1913, Index of Places and Tribes, ll. 194–7
  18. O'Keeffe, 1913, Index of Places and Tribes, lch. 195
  19. Smyth, Daragh (1996), A Guide to Irish Mythology, Irish Academic Press, p. 160
  20. O'Keeffe, 1913, ll. 83–105
  21. O'Keeffe, 1913, ll. 105–111
  22. O'Keeffe, 1913, ll. 105–111
  23. O'Keeffe, 1913, Index of Places and Tribes, ll. 194–7
  24. O'Keeffe, 1913, lch. 81
  25. O'Keeffe, 1913, lch. 143
  26. O'Keeffe, 1913, ll. 143–147
  27. Dillon, 1948, ll. 98–100
  28. Ó Béarra (2014a) ar CODECS
  29. Mackillop, 1998, ll. 63–4
  30. Joyce, Trevor. "The Poems of Sweeny, Peregrine". Dáta rochtana: 17ú Samhain 2011.
  31. Ó Sé, 2010
  32. Andreeva, Nellie (11ú Bealtaine 2016). "Pablo Schreiber To Play Mad Sweeney In 'American Gods' Starz Series, Joins Indie 'Thumper'". Deadline. Dáta rochtana: 12 Bealtaine 2016.
  33. Mad Sweeney "Mad Sweeney" (9ú Eanáir 2006).
  34. Heart's Needle Curtha i gcartlann 2006-09-19 ar an Wayback Machine
  35. Meehan, Paula, Author's Note for 'Mrs Sweeny', in "Rough Magic: First Plays" (Baile Átha Cliath: New Island Books, 1998), lch. 463.
  36. "The Stones Are Hatching by Geraldine McCaughrean". Publishers Weekly (Bealtaine 2000). Dáta rochtana: 24ú Eanáir 2021.
  37. "The Stones Are Hatching". Kirkus Reviews (15ú Bealtaine 2000). Dáta rochtana: 24ú Eanáir 2021.
  38. "Messums Wiltshire" (Samhain 2017).
  39. "Mad Kind Suibhne opera at Messums Wiltshire". Salisbury Journal.
  40. "Mad King and Marnie". Brian Dickie.com.