Gearóid Mac Eoin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Fear léinn Éireannach is ea Gearóid Mac Eoin (rugadh 25 Eanáir 1929)

A Chéad Óige[cuir in eagar | athraigh foinse]

I gcathair Luimnigh a saolaíodh é ina mhac ag Jack McKeon agus a bhean chéile Margaret Whelan. Ba é Gearóid an duine is cine de thriúr deartháireacha: rugadh John sa bhliain 1931 agus Willie (a cailleadh sa bhliain 1976) sa bhliain 1935. Fuair Gearóid scolaíocht sa Mhodh-Scoil, Luimneach, agus i gColáiste na Dea-Chomhairle i Ros Mhic Treoin, i gCo. Loch Garman, 1933-47. Chuaigh sé isteach i gCumann an tSlánaitheora, na 'Redemptorists i bhfómhar na bliana 1947 agus d'fhan leo go dtí 1956. Bronnadh scoláireacht Aiken le cúrsa a dhéanamh trí Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh, air de bharr na hArd-Teistiméireachta sa bhliain 1947. Sa gColáiste sin rinne sé staidéar ar an Sean-Ghaeilge, Nua-Ghaeilge na hÉireann, Gaeilge na hAlban, Sean-Bhreatnais, Nua-Bhreatnais, Seandálaíocht, Stair, Laidean, agus Gréigis. Bronnadh céim B.A. sa Léann Ceilteach (Céad Onóracha) air sa bhliain 1951. Fuair sé an Staidéaracht Taistil sa Léann Ceilteach an bhliain dár gcionn agus an chéim M.A sa bhliain 1953 le miontráchtas dárbh theideal 'Dán ar Chogadh na Traoi' (Studia Hibernica 1, 1961).

Chaith sé na blianta 1953-5 in Ollscoil Bonn sa nGearmáin mar mhac léinn diagachta san am gcéanna sa choláiste a bhí ag an Ord i Geistingen. Rinne sé staidéar faoi na hollúna Hertz, Weisgerber, Ewig, Menzerath, Meyer-Eppler, Rüfner, agus Thoma. Bronnadh céim D. Phil. air sa bhliain 1955 de thoradh ar thráchtas darbh theideal 'Das Verbalsystem von Togail Troí (H. 2 17)' (Zeitschrift für celtische Philologie XXVIII) a scríobh sé faoi stiúir Hertz. Tar éis dó filleadh ar Éirinn d'fhag se an tOrd.

Le cabhair litreacha a fuair sé ón Ollamh Tomás Ó Máille fuair sé obair láithreach i Raidió Éireann, ag tabhairt Nuachtchaint in aghaidh na seachtaine agus ag caint ar chlár dar teodea; 'Nuacht Anall, Nuacht Abhus'. Ag an am sin bhí Maura Carney, léachtóir sa Cheiltis in Uppsala na Sualainne, ag iarraidh teacht abhaile agus bhí comharba uirthi á lorg. Tráthnóna Domhnaigh amháin, nuair a bhí socraithe aige dul ar cheolchoirm sa Theatre Royal, fuair sé scéala ó Shéamus Delargy, fear nach raibh aon aithne aige air go dtí sin, teacht ar chuairt chuige. Dhein sé sin agus fuair sé James Carney, ar chuir sé aithne air ag Scoil Samhraidh Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1952, i gcomhluadar Delargy sa tigh. Cheistigh siad Mac Eoin faoin staidéar a bhí déanta aige agus d'fhiafraigh siad de an mbeadh fonn air glacadh leis an bpost in Uppsala. Sin é an t-am a thuig Mac Eoin gur faoi agallamh a bhí sé go dtí sin.

Chuir Delargy sreangscéal go Uppsala an mhaidin dár gcionn ach ní raibh aon eolas éinne in Upsala ar an iarrthóir, agus bheartaigh siad ar iarraidh ar Maura Carney fanacht bliain eile in Uppsala.

BÁC, Reykjavik agus Uppsala[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí scoláireacht fógraithe ag Rialtas na hÍoslainne an samhradh sin do mhac léinn ó Éirinn a chaithfeadh téarma bliana ar an ollscoil in Reykjavík ag foghlaim na hÍoslainnise. Chomhairligh Delargy do Mhac Eoin cur isteach ar an scoláireacht. Rud a dhein agus fuair. An samhradh céanna sin, 1956, fuair Mac Eoin scoláireacht san Institiúid Árd-léinn agus chuaigh sé i mbun oibre ansin. Nuair a chinn na hÍoslainnigh ar a scoláireacht féin a bhronnadh air cheadaigh an Institiúid dó a scoláreacht siúd a chur ar fionraí go bhfillfeadh sé ar Éírinn. Ar Ollscoil Reykjavík bhí thart ar 12 mac léinn eile ó thíortha éagsúla ar an gcúrsa céanna leis. D'éirigh le formhór na mac léinn an Íoslainnis a fhoghlaim go maith agus bliain thaitneamhach a chaitheamh i Reykjavík, d'ainneoin chorraíl an tsaoil pholaitíochta sa Mheán-Oirthear.

An samhradh ina dhiaidh sin bhí Mac Eoin ar ais ina scoláire san Institiúid Ard-Léinn, ach ceapadh é ina 'lektor' le Teangacha Ceilteacha agus Béaloideas in Ollscoil Uppsala an fómhar sin agus d'fhan sé in Uppsala go dtí 1959. Le linn an ama sin phós sé Guðrún Helga ('Gimma') Hallgrímsdóttir, a casadh air i Reykjavík an bhliain roimhe sin. Rugadh ceathrar clainne dóibh, Seán (1958), Gearóid (1960), Máire (1961), agus Caitlín (1963).

BÁC agus Gaillimh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhlian 1959 ghlac Mac Eoin post mar Ollamh le Gaeilge i gColáiste Phádraig, Droim Chonrach, Baile Átha Cliath. Bhí sé mar Rúnaí ar Choiste Eagarthóireachta Studia Hibernica a bhunaigh sé féin agus comhleacaithe eile i gColáiste Phádraig sa bhliain 1961. Bhí Mac Eoin ina Uachtarán ar Chomhar na Múinteoirí Gaeilge agus chuir sé roimhe an Comhar a leathnú amach i gcoláistí tríú leibhéil. Sa bhliain 1963, ceapadh é ina Ollamh Cúnta i Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath. Um an dtaca sin ba é Mícheál Ó Briain a bhí ina Stiúrthóir ar an Scoil. Na hOllúna Sinsearacha a bhí ann ná Myles Dillon agus D.A. Binchy. Bhí James Carney agus Brian Ó Cuív ar an bhfoireann freisin.

Sa bhliain 1966 ceapadh Mac Eoin ina Ollamh le Sean- agus Meán-Ghaeilge agus le Teangeolaíocht Cheilteach i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh, áit ar chaith sé an chuid eile dá shaol oibre. Toghadh é ina Dheánach ar Dháimh an Léinn Cheiltigh cupla uair. Toghadh é mar bhall de Acadamh Ríoga na hÉireann sa bhliain 1975. Agus é ina Uachtarán ar Chomhar na Múinteoirí Gaeilge d'eagraigh sé comhdhála agus scoileanna samhraidh don Chomhar. I measc na gcomhdhála a d'eagraigh Mac Eoin i Roinn na Sean-agus na Meán-Ghaeilge bhí Comhdháil Idirnáisiúnta an Léinn Cheiltigh (1979), Comhdháil ar Mhionteangacha, Comhdháil ar Stair na Teangeolaíochta, agus Comhdháil ar Leathnú Teangacha thar an Muir Mhór. Bhí sé páirteach i nGluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta agus i gComhchoiste Ghaeltacht Chonamara sna seachtóidí.

Thug sé seal ina ollamh cuarta in Ollscoil Bonn (1979-80), Ollscoil Freiburg (1985) agus sa Humboldt-Universität i mBerlin (1993). Ó dheireadh na n-ochtóidí d'eagraigh Mac Eoin Scéim ERASMUS a bhí faoi stiúir Chomhphobail na hEorpale comhoibriú san oideachas a chothú idir tíortha na hEorpa. Teanga agus Litríocht na dtíortha Ceilteacha an téama a bhí ag an gComhdháil agus nuair a d'éirigh sé as an Ollúnacht bhí 22 ollscoil istigh leo le haghaidh an Léinn Cheiltigh. Sa bhliain 1994 d'éirigh Mac Eoin amach ar phinsean. Sa bhliain 1999 bhronn Ollscoil na hÉireann an Chéim Oinigh D.Litt. celt. air. Fuair a bhean chéile bás sa bhliain 2007. Ón am a chuaigh sé amach ar phinsean Mac Eoin sé ag obair mar scoláire neamhspleách, ag tabhairt léachtaí nuair a iarrtar iad agus ag cur altanna i gcló de réir a chéile. Tá cónaí air i mBearna.

Foilseacháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Das Verbalsystem von Togail Troí. Tübingen: Max Niemeyer Verlag, 1960.
  • "Das Verbalsystem von Togail Troí (H. 2. 17)." Zeitschrift für celtische Philologie 28 (1960): pp. 73-136, 149-223
  • "The Date and Authorship of Saltair na Rann." Zeitschrift für celtische Philologie 28 (1960): pp. 51–67.
  • "Dán ar Chogadh na Traoi." Studia Hibernica 1 (1961): pp. 19–54.
  • "Smaointe ar Stair Litríocht na Meán-Ghaeilge." Irisleabhar Mhá Nuad (1961): pp. 39–44
  • "Dán Lochlannach ar Chath Chluain Tairbh." Dóchas 1 (1961): pp. 16–17.
  • "The Invocation of the Forces of Nature in the Loricae." Studia Hibernica 2 (1962): pp. 212–7.
  • "Nóta ar abairtí mar 'Dochtúir is ea Seán'." An tUltach (Feabhra 1962): pp. 12–13.
  • "Some Icelandic loricae." Studia Hibernica 3 (1963): pp. 143–54.
  • "Gleann Bolcáin agus Gleann na nGealt." Béaloideas 30 (1962): pp. 105–20.
  • "On the Legend of the Irish Origin of the Picts." Studia Hibernica 4 (1964): pp. 138–54.
  • "A Poem by Airbertach mac Cosse." Ériu 20 (1966): pp. 112–139.
  • "Ein Text von Togail Troí." Zeitschrift für celtische Philologie 30 (1967): pp. 42–70.
  • "Mise Raifterí." Éigse 12 (1967): pp. 229–32.
  • Various entries on Irish literature in A New Catholic Encyclopedia. Washington, 1967.
  • "The Mysterious Death of Loegaire macc Néill." Studia Hibernica 8 (1968): pp. 21–48.
  • "Contemporary Irish Literature." In Brian Ó Cuív (ed.), A View of the Irish Language. Dublin, 1969. pp. 57–69.
  • Obituary of Rudolf Hertz, in Lochlann 4 (1969): pp. 304–5.
  • Foreword to facsimile edition of Edward O'Reilly, A Chronological account of nearly Four Hundred Irish Writers. Shannon, 1970.
  • A translation from Icelandic: Gabriel Turville-Petre, "The Poetry of the Scalds and of the Filid." Ériu 22 (1971): pp. 1–47. Original article published as "Um dróttkvaeđi og írskan kveđskap." Skírnir 128 (1954): pp. 31–55.
  • "Genitive Forms for Nominative in Irish." Zeitschrift für celtische Philologie 33 (1974): pp. 58–65.
  • "The etymology of Irish coí 'cuckoo'." Zeitschrift für celtische Philologie 33 (1974): p. 66.
  • "An Early Life of Cumaine Fota." In Bo Almqvist, et al. (ed.), Hereditas: Essays and Studies presented to Séamus Ó Duilearga. Dublin, 1975. pp. 192–205.
  • "The Lament for Cumaine Fota." Ériu 28 (1977): pp. 17–31.
  • "The Craggaunowen Crannog: Gangway and Gate-Tower, II. Some literary Evidence on Crannóg Structure." North Munster Antiquarian Journal 20 (1978): pp. 52–56.
  • "Suithchern and Rónán Dícolla", Zeitschrift für celtisch Philologie 36 (1978): pp. 63-82.
  • "Observations on Saltair na Rann." Zeitschrift für celtische Philologie 39 (1982): pp. 1–28.
  • "The Death of the Boys in the Mill." Celtica 15 (1983): pp. 60–64.
  • "Linguistic Contacts in Ireland." In S. Ureland (ed.), Die Leistung der Strataforschung und der Kreolistik: Typologische Aspekte der Sprachkontakte: Akten des 5. Symposiums über Sprachkontakt in Europa. Mannheim and Tübingen, 1982. pp. 227–35.
  • "Treise sa Ghaeilge agus sa Bhéarla." In Seosamh Watson (ed.), Féilscríbhinn Tomás de Bhaldraithe. Dublin, 1986. pp. 27–35.
  • "Notes on the Irish terms tlú and tlú garmaint." Ulster Folklife 32 (1986): pp. 33–6.
  • "The Celticity of Celtic Ireland." In Karl Horst Schmidt (ed.), Geschichte und Kultur der Kelten. Heidelberg, 1986. pp. 161–73.
  • "The Decline of the Celtic Languages." In Gordon MacLennan (ed.), Proceedings of the First North American Congress of Celtic Studies. Ottawa, 1988.
  • "Orality and Literacy in some Middle-Irish King-Tales." In Stephen Tranter, et al. Mündlichkeit und Schriftlichkeit in der frühen irischen Literatur. Tübingen, 1989. pp. 149–83.
  • "Irish." In Martin Ball (ed.), The Celtic Languages. London, 1993. pp. 101–44.
  • "The Irish metrical term laíd." In Roland Bielmeier, et al. (ed.), Indogermanica at Caucasica: Festschrift für Karl Horst Schmidt zum 65. Geburtstag. Berlin, 1994. pp. 375–84.
  • "The Interpolator H in Lebor na hUidre." In J.P. Mallory, et al. (ed.), Ulidia: Proceedings of the First International Conference on the Ulster Cycle of Tales. Belfast, 1994. pp. 39–46.
  • "Satire in Middle Irish Literature." In Folke Josephson (ed.), Celts and Vikings: Proceedings of the Fourth Symposium of Societas Celtologica Nordica. Göteborg, 1997. pp. 9–25.
  • "The briugu in early Irish society." Zeitschrift für celtische Philologie 49-50 (1997): pp. 482–93.
  • "Literacy and Cultural Change in Early Ireland." In Christine Ehler, et al. (ed.), Verschriftung und Verschriftlichung: Aspekte des Medienwechsels in verschiedenen Kulturen und Epochen. Tübingen, 1998. pp. 99–131.
  • "Old Irish briugu 'hospitaller' and connected words." Celtica 23 (1999): pp. 169–73.
  • "The original Name of the Viking Settlement at Limerick." In Séamas Ó Catháin (ed.), Northern Lights: Essays in honour of Bo Almqvist. Dublin, 2001. pp. 165–77.
  • "The Four Names of St Patrick." In Michael Richter, et al. (ed.), Ogma: Essays in Celtic Studies in honour of Próinséas Ní Chatháin. Dublin, 2002. pp. 300–11.
  • "Crosántacht Íorónta, a Cúlra agus a hÚdar." In Pádraig Ó Héalaí, et al. (ed.), Téada Dúchais: Aistí in ómós don Ollamh Breandán Ó Madagain. Inverin, 2002. pp. 111–20.
  • "Cár scríobhadh Leabhar na Nuachongbhála?" In Breandán Ó Conaire (ed.), Aistí ag iompar Scéil: In ómós do Shéamus P. Ó Mórdha. Dublin, 2004. pp. 285–99.
  • "The Suffix –aire in Irish Personal Names." In Bernadette Smelik, et al. (ed.), A Companion in Linguistics: A Festschrift for Anders Ahlqvist on the occasion of his sixtieth birthday. Nijmegen, 2005. pp. 152–6.
  • "Kathleen Mulchrone – Cáit." In Brian Ó Catháin (ed.), Léachtaí Choilm Chille. Maynooth, 2005.
  • Several biographical entries in The Encyclopedia of Language and Linguistics. London, 2005.
  • "Irish súgán / English suggane 'hay rope'." In Mícheál Ó Flaithearta (ed.), Proceedings of the conference of Societas Celtologica Nordica. Uppsala, 2007.
  • "On re-reading Carney's Studies in Irish Literature and History." In Ailbhe Ó Corráin and Jan Erik Rekdal, Proceedings of the Eighth Symposium of Societas Nordica-Celtica, Uppsala, 2007. pp. 85–94.
  • "What language was spoken in Ireland before Irish?" In The Celtic Languages in Contact: Papers from the workshop within the Framework of the XIII International Congress of Celtic Studies. Bonn, 26—27 July 2007.

Mar eagarthóir[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Studia Hibernica (Vols 1-5),

Hereditas: Essays and Studies presented to Professor Séamus Ó Duilearga..., (with Bo Almqvist and Breandán Mac Aodha), Dublin 1975.

  • Proceedings of the Sixth International Congress of Celtic Studies, Galway 1979, (with Anders Ahlqvist and Donncha Ó hAodha), Dublin 1983.
  • Proceedings of the Third International Conference on Minority Languages, (with Anders Ahlqvist and Donncha Ó hAodha), Clevedon 1986.
  • Celtic Cultures Newsletter (UNESCO), Nos. 2-6, Galway.
  • †A.T. Lucas, Cattle in Ancient Ireland, Kilkenny 1989 (with Etienne.Rynne).

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]