At Swim-Two-Birds

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharAt Swim-Two-Birds
Cineálsaothar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarBrian Ó Nualláin Cuir in eagar ar Wikidata
TeangaBéarla Cuir in eagar ar Wikidata
FoilseachánÉire, 1939 Cuir in eagar ar Wikidata
FoilsitheoirLongman
Tréith
Seánrafantaisíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh scéalaíochtaBaile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Gradam a fuarthas20th Century's Greatest Hits: 100 English-Language Books of Fiction (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid den tsraith
Eile
Leabharuimhir Chaighdeánach Idirnáisiúnta978-1-131-70413-5 Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir OCLC230762553 Cuir in eagar ar Wikidata
Musicbrainz: ab119d80-319d-46a8-9ec2-d6ed9f49d42f Cuir in eagar ar Wikidata

Scríobh Brian Ó Nualláin (nó Flann O'Brien nó Myles na gCopaleen) an t-úrscéal grinn At Swim Two Birds, sna 1930idí, a áirítear anois mar mhórshaothar litríochta agus ceann de na húrscéalta Éireannacha is fearr riamh.[1][2]

Brian Ó Nualláin

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foilsíodh a chéad úrscéal, At Swim-Two-Birds ar 13 Márta 1939, go díreach roimh an Dara Cogadh Domhanda, agus díoladh de 240 cóip de sa chéad bhliain. Athfhoilsíodh an leabhar sna Stáit Aontaithe in 1950/1951, gan rath chomh maith. Ach de réir a chéile bhíothas á aithint mar shaothar tábhachtach litríochta. cé go raibh meas mór air ag údair mar Graham Greene agus James Joyce, b’fhéidir a rá go ndearna lucht litríochta na hÉireann faillí ann ar feadh i bhfad.[3]

Tugadh cló nua amach in 1960 agus cuireadh fáilte chomh mór sin roimhe gur misníodh Brian chun an t-úrscéal gairid The Hard Life (1961) a scríobh.

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

At Swim-Two-Birds bunaithe ar charachtair agus ar phearsana a tháinig as saothair fhicseanúla eile agus as finscéalta miotasúla, agus is é an míniú a thug an scríbhneoir air seo ná go raibh an iomarca carachtair fhicseanúla ann cheana féin.

Chuir James George O’Keeffe (1865–1937) an leabhar Buile Shuibhne in eagar do Cumann na Scríbheann nGaedhilge / Irish Texts Society a d’fhoilsigh an saothar sa bhliain 1913, a foilsíodh arís sa bhliain 1931. Bhain Flann O’Brien an-úsáid as a ndearna O’Keeffe ina úrscéal.[4] Is aistriúchán Béarla é an teideal den an logainm "Snámh dá éan" le fáil sa scéal.[5]

Fionn mac Cumhaill

Úrscéal[cuir in eagar | athraigh foinse]

San úrscéal, téann carachtair an scéil chun cearmansaíochta ar an scríbhneoir, agus iad ag déanamh a bheag den chineál saol a cheap an scríbhneoir dóibh. Faightear Fionn mac Cumhaill i míreanna a dhéanann scigaithris ar nós na miotas Gaelach.

Sna meáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí plean ag an aisteoir Brendan Gleeson scannán a dhéanamh. Bhí Gleeson i mbun léirithe agus Gabriel Byrne, Colin Farrell agus Cillian Murphy le feiceáil sa leagan scannánaíochta seo.[6]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Myles na gCopaleen agus Michaella McCollum – ‘béal saibhir’ mhuintir Thír Eoghain" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-03-13.
  2. Séamas Mac Annaidh - An Béal Bocht agus Crúiscín Lán: An dara cuid de chaint a thug Séamas Mac Annaidh ag Scoil Gheimhridh Merriman i nGaillimh i mbliana ar an scríbhneoir Brian Ó Nualláin.. An tUltach 88 (7), lch 12-14. Iúil 2011
  3. "Ó NUALLÁIN, Brian (1911–1966)" (ga-IE). ainm.ie. Dáta rochtana: 2023-03-13.
  4. Meidhbhín Ní Úrdail / Comhar (2021). "GUTH SAINIÚIL SUAITHINSEACH NA hINDIBHIDE" (ga). Comhar. Dáta rochtana: 2023-03-13.
  5. Mackillop, 1998, ll. 63–4
  6. "At-Swim-Two-Birds film put on hold" (en-US). Three Monkeys Online Magazine (2013-06-17). Dáta rochtana: 2023-03-13.