Mac Cairthinn mac Coelboth

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMac Cairthinn mac Coelboth
Beathaisnéis
Bás446
Gníomhaíocht
Gairm Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
TeaghlachUí Eineachghlais Cuir in eagar ar Wikidata

Rí Laigean ba ea Mac Caorthainn mac Caolbhadha (Meán-Ghaeilge Mac Cairthinn mac Coelboth) (?-446?-530?) de mhuintir Uí Eineachghlais.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é Mac Caorthainn ar dhuine desna ríthe is luaite arb fhéidir é a fhíorú. Cé nach bhfaightear é in aon ghinealach ar bith atá ar marthain, tá taifead le feiceáil i nAnnála Inis Faithlinn, ag tuairisciú a bháis ag Cath Mhaigh Femin[1] sa bhliain 446.[2] Go sách uathúil, tugtar tacú leis an tagairt neamh-indeimhnithe ach ab é sin ag inscríbhinn Oghaim, ar cloch gar de Bhaile Shláine ach suite i gContae Lú. Léitear ann MAQI CAIRATINI AVI INEQAGLAS, 'sé sin [cloch] Mhic Cairthinn Uí Eineachghlais.[3] Dá mb'fhíor é, ar chomhaois le Níall Noígíallach ba ea é.

Insítear i n-annála Éireann, agus Cath Maigh Femen á taifeadadh acu, gur de shliocht na gCruithne é Mac Caorthainn. Is amhlaidh áfach go bhfuil an maíomh seo bunaithe ar mhíthuiscint gur shinsear eapainmneach Uí Chaolbhadha an Dáil Araidi ba ea a athair. Is dóigh gur nasc foinsí déanacha agus neamhiontaofa eile Mac Caorthainn le hUí Néill, agus ag insint gurbh é Caolbhadh, mac Néill, a athair.

De réir Dháibhí Uí Chróinín, cuireann é seo uile in iúl cé chomh fad ó thuaidh a théadh tráth éilimh chríocha na Laigean, agus go ndeachaigh na Laigin agus Uí Néill i mbun comhraic i dtuaisceart na Breá agus ar mhánna chontaetha na Mí agus na hIarmhí mar atá inniu ann. Chaill na Laigin na críocha úd do mhuintir Uí Néill san aois dár gcionn

Dáta Chath Maigh Femin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tugtar mar dháta do Chath Mhaigh Femin an bhliain 446 i nAnnála Uladh[4] agus 447 i nAnnála Inis Faithlinn.[5]

Molann Devane[6] ámh, go ndearnadh míléamh ar dháta an chatha, mar thoradh, go bhféadfadh é gur tharla é sa bhliain 530, rud a thugfadh tacú den tuairim gurbh é mac nó mic Chairbre, agus ní Cairbre féin, a chloígh Uí Eineachghlais.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Byrne, Francis John, Irish Kings and High-Kings Batsford, London, 1973. ISBN 0-7134-5882-8
  • Charles-Edwards, T.M., Early Christian Ireland, pp. 453–458. ISBN 0-521-36395-0
  • Ireland, 400-800, pp. 188, by Dáibhí Ó Cróinín A New History of Ireland, Vol.I, ISBN 0-19-821737-4 (edited Ó Cróinín).
  • Carbury, Co. Kildare - topographical and onomastic hypotheses, Caitriona Devane, in Above and beyond:Essays in memory of Leo Swan, pp. 187–122, edited by Tom Condit and Christiaan Corlett, Wordwell, 2005. ISBN 1-869857-86-0.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1 femen (b), But a native formation in the following placenames ... Mag Femen, also Mag Femin, ar eDIL
  2. Annála Inis Faithlinn, AIF 446.1, Cath Maige Femin eter Mumnechu & Laigniu in quo cecidit Mc. Cárthinn meic Coelbath qui iecit genus la(gin).
  3. CIIC 40, CISP PAINT/1
  4. Annála Uladh, AU 446.1, Bellum Femhin in quo cecidit filius Coerthin filii Coelboth. Alii dicunt di Chruithnibh fuisse.
  5. Annála Inis Faithlinn, AIF 447.1 Cath Maige Femin eter Mumnechu & Laigniu in quo cecidit Mc. Cárthinn meic Coelbath qui iecit genus la(gin).
  6. Devane, 2005, lch. 189