Ruaidrí ua Canannáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaRuaidrí ua Canannáin
Beathaisnéis
Bás950

Rí Chineál Chonaill, agus dar le rinne foinsí Ardrí na hÉireann, ba ea Ruairí ó Canannáin (Meán-Ghaeilge Ruaidrí ua Canannáin) (bás 30ú Samhain 950).

Ó luath na 8ú haoise, bhí an lámh in uachtar ag Cineál Eoghain ríthe Ailigh sa tuaisceart agus Clann Cholmáin ríthe na Mí sa deisceart ó thaobh na hArd-ríogachta de, agus coinníodh Cineál Chonail amach as. Bhí Ruairí ina shliochtach den seachtú ghlúin ón Ardrí deireanach de Chineál Chonaill, Flaithbheartaigh mac Loingsigh.

Maraíodh rídhamhna na hArd-ríogachta de Chineál Eoghain, Muirchertach mac Néill, i mbun catha sa bhliain 943. Fuair an tArdrí féin, Donnchad Donn de Chlann Cholmáin, bás an bhliain dár gcionn. This left the field open. Dar le ríliostaí Uí Néill, rinneadh Ardrí de Chonghalach Chnóbha de Shíol Aodha Sláine, a chlann a bhí as an iomaíocht le tamall fada. Mac le deartháir Donnchadha ba ea Conghalach. Bhí gaol pósta idir Ruairí agus Donnchadh, ba í Cainneach ní Chanannáin (bás 929), an chéad bhean chéile Dhonnchadha.

Feictear Ruairí ar dtús tar éis bhás Mhuircheartaigh. Sa bhliain 943, chloígh sé Cineál Eoghain agus na Lochlannaigh as Loch Feabhail, agus mharaigh sé Maol Ruanaidh mac Flainn, col ceathrar Mhuirchertaigh. Agus Maol Ruanaidh agus Muirchertach ar shlí na fírinne, níorbh aon bhagairt iad Cineál Eoghain ar Ruairí agus tháinig sé chun cinn i nDún na nGall.

Dar leis an chuid is mó seans foinsí, rinneadh Ardrí de Chonghalach Chnóbha i gcomharbacht ar Dhonnchadh. Is iad a leanas na foinsí a mhaíonn gurbh é Ruairí an tArdrí, nó ina aonar nó mar leath-rí le Congalach:

San Fáistine, ní luaitear daoine lena n-ainmneacha ach le buafhocail, go minic doiléir. I gcás Ruaidrí, áfach, is soiléir é an t-aitheantas:

After that a king from the North takes sovereignty...; Ruad will be the name of that king, he puts Ireland into anxiety.

Feictear an bheirt fhear agus iad gníomhach i lár na tíre. Maraíodh fir Ruairí ag Conghalach agus Amhlaoibh Cuarán, ríthe Átha Cliath, sa bhliain 945. Sa bhliain 947, chuaigh Ruairí i gceannas arm chuig Sláine i gContae na Mí, áit a chloígh sé Conghalach agus Amhlaoibh. Rinneadh ruathar ar Chineál Eoghain arís sa bhliain 949 nuair a mharaigh Flaithbheartach mac Muircheartaigh. Sa bhliain 950, Chuaigh Ruairí ar slógadh le sé mhí i iar na tíre. Chloígh sé Conghalach agus a chomhghuaillí, Gofraid mac Sitriuc, rí Átha Cliath. Rinne sé campa áit éigin idir Domhnach Phádraig agus Ceanannas, agus rinne sé creach ar Bhreá agus ar an Mí. Dar le hAnnála Uladh, chloígh a arm gaill Átha Cliath agus iad i mbun ruathar a dhéanamh ar a champa ar an 30ú Samhain 950, ach maraíodh Ruairí féin agus a mhac, Niall. Ina thásc i nAnnála Uladh, tugtar an teideal "rídhamhna Éireann" dó, maraon le Muircheartach. De réir Fáistine Bhearcháin, bunaithe is dóigh ar nós eile, maraíodh Ruairí ag fear na Laigean.

Buacphointe a gcuid cumhachta do mhuintir a bhí réimeas Ruairí. Sna blianta ina dhiaidh, maraíodh a lán dóibh ag Congalach agus Cineál Eoghain. De bharr seo, agus teacht chun cinn a ngaol, Uí Mhaoildoraidh (Ua Máel Doraid), coinníodh amach iad fiú as ríogacht Chineál Chonaill.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Byrne, Francis John, "Ireland and her neighbours c. 1014–c 1072" in Ó Cróinín, Dáibhí (ed.), A New History of Ireland, volume 1. Oxford: Oxford University Press, 2005.
  • "Ruaidrí ua Canannáin". Oxford Dictionary of National Biography (2004). doi:10.1093/ref:odnb/50131.
  • Hudson, Benjamin T., The Prophecy of Berchán: Irish and Scottish High-Kings of the Early Middle Ages. London: Greenwood, 1996.
  • Thomas Gildea Cannon's story.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]