Niall Glúindubh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Niall Glúndub)
Jump to navigation Jump to search
Niall Glúindubh
Rí Ailigh

896 - 919
Ardrí na hÉireann

916 - 919
Fland Mac Máel Sechnaill - Donnchad Donn
Saol
Eolas breithe Éire, 870 (Gregorian)
Bás Éire, Meán Fómhair 14, 919 (Gregorian)
Muintir
Athair Áed Findliath
Máthair Máel Muire ingen Cináeda
Céile/Céilí Gormflaith ingen Flann Sinna (en) Aistrigh
Páistí
Treibh Cenél nEógain (en) Aistrigh
Gairm
Gairm monarc

Chineál Eoghain agus Ard-Rí na hÉireann den 10ú haois ba ea Niall Glúndubh mac Aodha (Sean-Ghaeilge Niall Glúndub mac Áedo) (bás 14ú Meán Fómhair 919). Aodh Fionnliath ba ea a athair, agus Maol MuireChináeda, rí na hAlban, ba ea a mháthair.

Beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Feictear don chéad uair é Niall nuair a tháinig sí i gcomharbacht ar a dheartháir, Domhnall, mar rí Ailigh sa bhliain 911. Chloígh Niall ríthe Dhál Araí agus na hUlaid ag Cath Áth Gláraigh (Contae Aontroma an lae inniu) agus Cath an Bhaile Meánaigh chun a chuid cumhachta a mhéadú. Chloígh an Ard-Rí, Flann Sinna mac Maíl Sechnaill de Chlann Cholmáin Uí Néill, é áfach ag Cath Chrosa Caoil (Contae na Mí an lae inniu). Bhí sé pósta, mar sin féin, le hiníon Fhlainn, Gormlaith.

I ndeireadh bhás Fhlainn sa bhliain 916, tháinig Niall i gcomharbacht air mar Ard-Rí. Le tacaíocht chlanna Leath Choinn, ghlac clanna Uí Néill i ndeireadh na dála a éileamh don coróin. Le linn a réimis, athbhunaigh sé an t-aonach tradisiúnta ag Tailte.

Sna blianta tar éis 914, rinne Uí Íomhair, Lochlannaigh, ionsaí ar dheisceart na hÉireann, laghdaíodh cumhacht na nEoghanacht sa Mhumhain, agus bunaíodh longfort ag Port Láirge. Chuaigh Niall ó dheas lena slua chun cur in éadan na Lochlannach agus tacú a thabhairt don Mhumhain, agus tharla cath mór sa samhradh 917. Bhí toradh éiginntitheacht ann, ach d'éag go leor uaisle agus fo-ríthe Gaelacha. Scriosadh go holc arm rí na Laigean ámh gar de Thobar Moling, agus tógadh an cúige faoi smacht na Lochlannach.

In ainneoin a fheachtais in éadan na Lochlannach, lean go leor acu siúd ag lonnú i nÉirinn. Athbhunaigh siad a longfort ag Duibhlinn (tar éis bearna 15-year) agus áiteanna eile ar an gcósta thoir, ag brú ar ríocht na Mí. Chuaigh Niall i Laigin isteach, le tacú chlanna Uí Néill, na nOiriall agus na nUlad, ag lorg cogaidh. Cloíodh go holc a arm ámh ag na Lochlannaigh faoi cheannas Sihtric Caoch, ag Cath na hInse ar an 14ú Meán Fómhair 919. Maraíodh Niall i dteannta le dhá thaoiseach déag eile, [1]o De réir tuairisc eile san Anglo-Saxon Chronicle, mharaigh Sihtric his brother Niall sa bhliain 921.[2]

Tháinig Donnchad Donn mac Flainn Sinna i gcomharbacht ar Ghlúindubh mar Ard-Rí, agus a mac, Muircheartach, "Eachtar an Iarthair", mar rí Ailigh.

Craobh ghinealaigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

 
Niall Caille
 
Gormlaith
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Aodh Fionnluath
 
Gormlaith Rapach
 
Lann
 
Máel Muire
 
iníon anaithnid
 
Conaing
 
 
 
 
Flann
máthair anaithnid
 
Gormlaith
DomhnallEithneDomnall DabaillMaol DubMaol Dúin
Flann Sinna
Niall Glúndub
 
Gormlaith
Muircheartach

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Webb, Alfred. A Compendium of Irish Biography: Comprising Sketches of Distinguished Irishmen and of Eminent Persons Connected with Ireland by Office or by Their Writings, Nua Eabhrac: Lemma Publishing Corporation, 1970.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]


Roimh
Domnall mac Áeda
rí Ailigh
911–919
Tar Éis
Fergal mac Domnaill