Art Ó Laoghaire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaArt Ó Laoghaire
Beathaisnéis
Breith1746
Bás4 Bealtaine 1773
26/27 bliana d'aois

Ba chaptaen Caitliceach Éireannach in Arm na hOstaire san 18ú haois é Art Ó Laoghaire (timpeall 1747 - 4 Bealtaine 1773). Bhí sé pósta le hEibhlín Dubh Ní Chonaill, a chum an chaointe cháiliúil, Caoineadh Airt Uí Laoghaire faoina fear céile.

Óige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhain Art le teaghlach Caitliceach in Iarthar Chorcaí. Bhí neart saibhris ag an teaghlach seo, in ainneoin na bPéindlíthe a bheith i bhfeidhm ag an am. Fearacht go leor d'fhir óga Chaitliceacha na haicme sin in Éirinn, d'fhág sé an tír agus é go hóg chun seirbhís a thabhairt in airm ar an Mór-Roinn. Shocraigh Art féin ar arm Impireacht na hOstaire. Ba ghearr go raibh ardstádas bainte amach aige mar shaighdiúir oilte cumasach.

Chaith sé tamall mar Husár Ungáireach faoin mBanimpire Máire Treasa.

Argóint[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhill Art ar Éirinn sa bhliain 1767 le bheith ina chónaí ar thalamh a mhuintire i Ráth Laoich (Maigh Chromtha).[1] Bhí sé bródúil as an ardú céime a bhí aige mar Hussar. Ba chomhghuaillithe dlútha iad, an Sasana agus Impireacht na hOstaire. Ach ag an am céanna, bhí uaisle na Mumhan an-chúramach faoina stádas féin, agus bhí bhí Art ag cur gothaí air féin ar fud an cheantair.

Níor thúisce Art ar ais in Éirinn ná go raibh sé ag cothú trioblóide le mór-uaisle Gallda an cheantair. Chuaigh sé in achrann go háirithe le hArd-Shiarriam Chorcaí, Abraham Morris, a bhí ina chónaí i Hanover Hall. Cheap a lán daoine go raibh Ui Laoghaire ag cothú troda (agus mar sin bhí ról tábhachtach ag Airt sa bhás féin). Ar deireadh, lámhachadh Art in aice le Carraig an Ime.

An cloch chinn do Airt Uí Laoghaire

Cuireadh é ar dtús i gCill na Martra, mar nach gceadódh Morris dá bhean chéile é a chur lena mhuintir i Mainistir Chill Cré. (ach cuireadh ansin é faoi dheireadh).

I mí na Meitheamh 1773, cúisíodh Morris as dúnmharú ach scaoileadh saor é. I mí Iúil 1773 scaoileadh Morris chun díoltas a bhaint amach, agus fuair sé bás tamaill ina dhiaidh.

Leabhair Thagartha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Ó Tuama, Seán, Caoineadh Airt Uí Laoghaire, (Baile Átha Cliath 1961/1999)

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Maigh Chromtha/Macroom" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2019-05-04.
  2. UCCIreland (2016-11-23). "Caoineadh Airt Uí Laoghaire". 
  3. "Shazam". Shazam. Dáta rochtana: 2019-05-04.