Dáire Cearba

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDáire Cearba
Teaghlach
AthairAilill Flann Beag

Ríoraí Gaelach ab ea Dáire Cearba (Sean-Ghaeilge Dáire Cerbba[1]).

Ginealach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé nach fios go cruinn a bhunús, ainmnítear Dáire Cearba i mórán foinsí déanacha mar sheanathair Moingfhionn leathstairiúil agus Criomhthann mac Fiodaigh, agus luaitear é go minic mar shinsear na gclann stairiúil Uí Liatháin agus Uí Fidgenti. Tá síadsan uile gaolmhar le cúige Mumhan, ach de réir an luathlámhscríbhinn Rawlinson B 502, rugadh Dáire Cearba i Magh Breá, Contae na Mí, agus ba é as áit éigin ann a bhfuair sé a leasainm.[2] Ní mínítear sin ar aon slí eile. D'fhéadfadh nó ní fhéadfadh sé bheith gaolta le Conall Corc, bunaitheoir clann na Eoghanacht.

Faightear é go minic i dteannta le Maine Múnchaoin, a raibh ina athair nó a leathchúpla, ag brath ar foinse, sin nó is ainm é seo a tugadh air agus is ionann an bheirt. Feictear an bheirt acu sna ginealaigh atá caomhnaithe mar mhic Ailealla Flainn Bhig, seanathair Chonaill Choirc, ach athraíonn an gaol ó fhoinse go foinse, scaití aitheanta mar chúpla.

I Leabhar na Mumhan, feictear ginealaigh na pearsana seo le roinnt glúinte anuas mar a leanas:

Bhí triúr mac ag Fiachu Muillethan: Ailill Flann Mór, Ailill Flann Beag agus Deachluath. Is sinsear na clainne darb ainm Uí Fiachach Eile[3] é an tríú duine, Deachluath, agus ní raibh clann ag Ailill Flann Mór.

Bhí ceathrar mac ag Ailill Flann Beag:

  1. Lughaid, sinsear na nEoghanachta
  2. Fiodach, athair Chriomhthainn Mór;
  3. Dáire Cearba, a quo na hUí Liatháin;
  4. Maine Múnchaoin, a quo na hUí Fidgenti
    • clanna: Ó Donnabháin, Ó Coileáin, Ó Flannabhra agus Ó Liatháin, i measc eile.

Thóg Criomthann Mór (foghlaí mara míchlúiteach a rinne ruathair ar Albain sa bhliain 369 A.D.) dún Doire Da Broc óna nianna Brian, Fiachra, Ailill agus Fearghas, mic Eochaid Mugmedon. Máthair na mic úd ab ea deirfiúr Chriomhthainn, Moingfhionn.

I Leabhar Leasa Mhóir, glaoitear iníon Dháire (Chearba?) ar Mhoingfhionn, ní iníon Fhiodaigh, Findchad ar athair Dháire, agus ní luaitear Criomhthann Mór ar chor ar bith.[4] Is amhlaidh dá bharr mar dheartháir agus deirfiúr ab ea iad.

De réir roinnt lámhscríbhinní, Dáire ab ea athair chlann Mhaine, óir go raibh sé siúd aimrid. De bharr sin, tá claonadh ann go ligtear thar Mhaine, agus de ghnáth tugtar Dáire mar shinsear Uí Fidgeinte; deirtear amhlaidh sa phríomhfhoinse, Rawlinson B 502.

I measc sliocht Dáire an lae inniu tá an chlann Uí Connaill[5][6] — maígh Daniel Charles, Count O'Connell é seo go sonrach le teachtaire Louis XVI na Fraince. De shliocht Uí Choileáin Uí Chonaill Ghabra,[7][8] an chlann is cumhachtaí tráth dá raibh Uí Fidgenti, ab ea Mícheál Ó Coileáin.

Rí Meáin Mhairtine[cuir in eagar | athraigh foinse]

In alt ait sa seanscéal go suntasach aisteach na Mumhan Forbhais Droma Dámhgháire, deirtear gur rí Meáin Mhairtine ab ea Dáire Cearba, áit aitheanta mar phríomhchathair ársa na Mairtine, dream iar-mhór le rá na nÉarann. Déanta na fírinne, faightear san alt ainmneacha eile don áit:

"... Ardchluain na Féne agus Mucfhalach Mac Daire Ceirbe. Rí Meáin Mairtine ab ea an Ceirbe seo. Glaotar Imleach ar an gceantar inniu..."[9]

Ní deirtear go sonrach ámh, gur de shliocht na Mairtine féin ab ea Dáire. Is suntasach é fosta go raibh na hEoghanachta ann sa ré stairiúil, agus go raibh ann a bpríomheaglais, mar atá Imleach (Tiobraid Árann), rud is léir go gcuireann údar FDD le fios.

Baineann na Mairtine féin ach le réamhstair agus seanscéal, ach d'fhéadfadh é gur chuid de shinsearacht na nDéise Tuiscirt agus Dál gCaisba bhí siad.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. leaganacha eile Cerba, Cearba, Cearb, Ceirbe
  2. ¶1211, Dáre Cerbba uero ideo hóc nuncupatus est quia natus est i m-Methus Cerbba i m-Bregaib.
  3. in oirthuaisceart Tiobraid Árann, Durlas agus Ros Cré
  4. Stokes 1890, ll. 239–40
  5. O'Hart, ll. 183–85
  6. Cusack, ll. 6 ff
  7. Coogan, ll. 5–6
  8. O'Hart
  9. Ó Duinn, ll. 38-9