Breogán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaBreogán

Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteBilé, Ith (en) Aistrigh, Artai (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
AthairBrath (en) Aistrigh

I Miotaseolaíocht na nGael, ba shinsear na nGael é Breoghán (Sean-Ghaeilge Breogán, BregonBreachdan). B'athair Bhilé é, agus eisean athair Mhíle Espáine, sinsear díreach na nGael.

Dealbh Bhreogáin in A Coruña

Seanscéal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Insítear a scéal i Leabhar Gabhála na hÉireann, a mhaíonn gurbh é de shliocht na nGael, ó Adám trí mhic Naoi, agus conas a lonnaigh siad in Éirinn.

Chaith na Gaeil 440 bliain ag taisteal ar fud an domhain, agus d'fhulaing siad sraith cor crua ar nós na nIosraelíteach sa Sean-Tiomna. I ndeireadh na dála, sheol siad chuig an An Ibéir agus chloígh siad í. Bhunaigh Breogán, ar cheann dá gceannairí, cathair darbh ainm Brigantia agus thóg sé túr ann. Ó bharr an túir seo, fuair a mhac Íth spléachadh ar Éirinn. Sheol na Gaeil go dtí Éire, áit a bhuail siad leis na Tuatha Dé Danann. I ndeireadh na dála, shocraigh siad an tír a roinnt eatarthu, na Gaeil taobh thuas, na Tuatha Dé thíos san Alltar.

Brigantia agus An Ghailís[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is amhlaidh gurb ionann Brigantia agus A Coruña, san Ghailís sa lá atá inniu ann;[1] agus go bhfuil Túr Bhreogháin bunaithe ar Thúr Earcail, tógtha ag na Rómhánaigh ag A Coruña, nó ar an Túr Bháibil.

D'fhéadfadh an smaoineamh gurbh í an Ghailís san Ibéir í áit tsinsearachta na nGael a bhunú ar chosúlacht na n-ainmneacha Ibéir agus Hibernia, agus Gailís agus Gael.[2] Rinne bréagstaraithe na meánaoise a leithéid de dhearbhuithe mar gheall ar náisiúin eile.[3]

Go luath san 11ú haois san Ghailís, scríobhadh scéal mar an gcéanna faoi manach a chuaigh ar aistear trasna na mara go hoileán iontach a chonaic sé ó bharr Thúr Earcail. Caomhnaítear an scéal, darb ainm Trezenzonii de Solistitionis Insula Magna (Oileán Mór an Ghrianstad de Trezenzonius), in dhá lámhscríbhinn den 14ú haois.[4]

An Ghailís is sometimes described poetically as the "Home" or "Nation" of Breogán (as Gailísis, the fogar or nazón de Breogán). The land is so described in the anthem of Galicia, "Os Pinos". A large statue of Breogán stands near the Tower of Hercules in Coruña. The professional basketball club of the Galician city of Lugo is called CB Breogán in its honor. In the Spanish capital Madrid, there is a park called Parque de Breogán, named after this legendary figure.

Fianaise ghéiniteach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé go gcreidtear gur miotas é, tá fianaise ghéiniteach anois ann, a bhuí le staidéar a rinneadh in 2006 ag Ollscoil Oxford, a bhain an tátal amach gur de shliocht fheirmeoirí neoiliteacha, a bhí ina gcónaí tráth i dtuaisceart na Ibéire, formhór na ndaoine in Éirinn agus sa Bhreatain Mhór.[5]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Encyclopædia Britannica, "A Coruña".
  2. Monaghan, Patricia. The Encyclopedia of Celtic Mythology and Folklore. Infobase Publishing, 2004, lch. 332
  3. Carey, John. The Irish National Origin-Legend: Synthetic Pseudohistory. University of Cambridge, 1994, lch. 13
  4. Bloom, James J. (2013). "The imaginary sea voyage : sailing away in literature, legend and lore". 
  5. "Celts descended from Spanish fishermen, study finds". The Independent (2006-09-20).